Top Issue 1-2024

10 May 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Imirce na nIarlaí 1607

Seoladh an leabhar dá-theangach seo le Marcus Ó Murchú ag an Oireachtas i Leitir Ceannain. Tá sé bunaithe ar léacht leis an Cairdinéal Ó Fiaich i 1972, ag comóradh imeacht na nIarlaí i 1607. Tugtar cur síos ar an long ag imeacht faoi dheifir ó Rath Maoláin le 99 ar bord, ina measc Aodh Mór Ó Néill, muintir Ui Dhónaill agus uaisle Gaelacha eile in éineacht len a bhfilí, scoláirí, lucht freastail, sagairt agus micléinn sagartóireachta. Insíonn sé scéal an turais mhaslaigh go dtí gur shroich siad an Mhór-roinn, na timpistí a thárla ó Louvain go dtín Róimh, 50 acu ag taistil de shiúl na gcos.
Chuir ríthe agus uaisle fáilte rompu sa Bheilg, san Ollain, an Spáinn, an  Iodáil agus ins na coláistí Gaelacha san Eoraip. Comh maith leis an stair tá an tragóid daonna léirithe, mar  a d’imigh an bád faoi dheifir gan Conn Óg Ó Néill, 5 bliana d’aois, nach bhfaca a thuismitheoirí Aodh agus a bhean go deo arís é; mar a fágadh ina ndiaidh bean thorrthach Ruairí Ó Domhnaill; mar a fuair beirt mhac óg Aodh Ó Néill bás sa Róimh agus daoine óga eile comh maith; mar a lean Ó Néill ar ag iarraidh cabhair a fháil ó Rí na Spáinne chun airm a thabhairt arais go hÉirinn ach gur diúltaíodh dó.
   Tá an teolas seo go léir bunaithe ar Dhialann Uí Chianáin, an scríneoir a bhí in éineacht le hAodh Ó Néill ag imeacht dó. Scríobh Ó Cianáin cuntas ar an turas ó lá go lá. Fuair Aodh Ó Néill bás sa Róimh 1616 agus tá sé curtha i reilig San Pietro in aice lena chlann mhac agus beirt dheartháir Aodh Rua Ó Domhnaill, Ruairí agus Cafarr. Tá nótaí breise scríofa ag Ó Murchú agus go leór pictiúir, léarscáileanna agus griangraif. Is fiú go maith an leabhar a cheannach, 167 leathanach ar €10.
Tá comóradh leanúnach ar siúl i Rath Maoláin agus beidh sé ann i rith na bliana. Imeasc na nimeachtaí tá féilte, taispeántais, léachtaí, coirmeacha ceoil, féile long agus bád,  tionscnamh scoileanna, drámaí agus foilseacháin eolais.
Rinne an Post comóradh le dhá stampa poist a dhearaigh an tealaíontóir Seán Ó Brógáin as Dún na nGall. Tá pictúir de Aodh Ó Neill ar stampa amháin agus Ruairí Ó Dónaill ar an stampa eile. B’é Ruairí a ghlac áit a dheartháir Aodh Rua mar thaoiseach ar Thír  Chonaill. D’imigh sé féin agus a dheartháir Cafarr ar an long ó Rath Maoláin ach fuair an bheirt acu bás sa Róimh taobh istigh de bhliain amháin.
Glactar leis gurb é Imeacht na nIarlaí ceann de na príomh eachtraí i Stair na hÉireann. Taréis briseadh Chath Cheann tSáile agus bás Aodh Rua Ó Dónaill sa Spáinn lean Aodh Ó Néill ag cur in aghaidh fórsaí na Bainríona Éilis,  ach ní fhéadfadh sé dul ar aghaidh níos faide. I Márta 1603 ghéill sé don Tiarna Mountjoy i Mainistir Mellifont agus thug sé móid dílseachta  ar a ghlúine do Bhainríon Shasana. Deirtear go raibh sé comh brónach nár fhéad sé éirí óna ghlúine go ceann uair a chloig. Idir sin agus 1607 bhí droch shaol aige, naimhde aige imeasc na nGael is na nGall, iad uilig ag iarraidh a chuid tailte, ag iarraidh fáil réidh leis.
   Nuair a d’imigh na hIarlaí i Meán Fómhair 1607 bhí sé ar intinn acu pilleadh arís le cabhair ón Spáinn chun cath a throid arís.
Fágadh Éirinn gan chosaint agus anois bhí Cúige Uladh faoi chumhacht na Sasana. Rinneadh Plandáil Uladh i nDún na nGall, Doire, Tír Eoghain, Ard Mhacha, Fearmanach agus An Cabhán.  Tógadh 3 mhilliún acra talún óna Gaeil agus tugadh do phlandálaithe é. Na dhiaidh sin fuair tiarnaí talún seilbh ar an talamh agus thug siad é ar chíos ard do na Gaeil. Ach nuair a tháinig Cromwell ‘na dhiaidh sin chuir sé dlithe dochta i bhfeidhm agus chuir sé deireadh le dóchas ar bith a bhí fágtha ag na Gaeil.
Tá a lán altanna faoi Stair an tréimhse seo in Iris Bhliantúil Dhún na nGall 2007.
Taréis Imeacht na nIarlaí tháinig deireadh le réim na dTaoiseach Gaelach, tháinig deireadh le dlíthe na mBreithiún, le Córas Oideachais na bhfilí Gaelach.
Sa dán Úir Chill a’Creagáin caoineann Art Mac Cumhaigh Imeacht Chlann Uí Néill agus droch chás na bhfilí a bhí fágtha gan patrúin, gan chosaint ach iad ina sclábhaithe bochta gan dóchas.

Ag Úirchill a’Chreagáin ‘sé chodail mé aréir faoi bhrón
Is le héirí na maidne tháinig ainnir fá mo dhein le póig,
Bhí ghríos ghrua aici is loinnir ina ciabh mar ór,
‘S ba é íocshláinte an domhain bheith ag amharc ar an ríoghan óig. 

Foclóir

Imeacht na Iarlaí...Flight of the Earls
dátheangach...bi-lingual
torrthach...pregnant
tragóíd daonna...personal tragedy
tionscnamh...project
foilseachán...publication
móid dílseachta...pledge of loyalty
pilleadh...to return
naimhde...enemy
altanna...articles


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland