Top Issue 1-2024

3 May 2007 Edition

Resize: A A A Print

An Ghaeilge - Cuir i gcluasa an tsaoil é!

LE ÉAMANN Mac MÁNAIS

Bheul, tá a fhios agam go bhfuil sibh i modh toghcháin faoi láthair agus níl soicind agaibh ach fách leis an mbail a bhí orainn a shamhlú duit féin as a aithle sin.  Cad é ba mhaith libh a dhéanamh sa samhradh?  Cad é faoi cursaí Gaeilge agus imeachtaí cultúrtha do dhaoine fásta sa Gaeltacht? Agus beidh muid ar nós dá mbeadh muid uilig líofa i Sinn Féin. Sin ár n-aisling.
(Do mhíle pardún muna bhfuil achan cúrsa luaite ach seo blas beag ar aon nós.)
Ar dtús, ní gá duit ach na cursaí seo a leanas ar mian leat freastail a roghnú!  I nDún na nGall tá a lán cúrsaí ar fáil agus ba mhaith liom diriú ar an cúrsa Dáil Uladh i Gort a ‘Choirce idir 9-15 Iúil 2007.  Is féidir leat turas an tSléibhe a ghlacadh, nó ceardlainn péintéireachta, cúrsí crúthaitheach agus dianranganna a dhéanamh agus tá praghas réasúnta maith air fosta.
Má ta speis agat glaoch ar-0749165822 nó www.dailuladh.com.
Nó cad é faoi an dream Oideas Gael? Bunaithe i nGleann Cholm Cille, áit ghalánta, tá achan saghas cúrsa faoin spéir ar fáil; cúrsaí do dhaoine fásta, ceolteoirí, (bluffers cosúil liomsa) agus cúrsaí aitheanta atá dírithe ar múinteoirí i gceist. Idir  9 Meitheamh agus 25 Lúnasa cúrsa a bhfóireann duit a aimsiú achan seachtain.  Agus le costas 190 euro air ní dochar ar bith ann!  Don ghrúpa sin glaoch ar-074 9730248, nó cuir ríomhphoist chuig [email protected]
Chuaigh mé féin chuig cúrsa in An Chrannóg ar na maillaibh agus molaim é d’achan duine.  Lárionad sealbhaithe agus buanaithe Gaeilge i gceist.  Bíonn 4 chúrsa ar fáil idir 12 Iúil -7 Lúnasa bunaithe ar leibhéil éagsúla líofachta sa teanga. Maidir leis an leagan Ardleibhéal tá sé ‘dírithe orthe siúd atá líofa ach gur mhaith leo snas a vhur ar a gcuid Gaeilge.  Déanfas plé ar litríocht, ar bhéaoideachas, ar ghramadach agus mar sin de, fosta’. Agus tuilleadh sna hiarnónta agus san oíche; ceol, ól agus craic!
Maidir le Gael Linn tá cúrsaí ag tarlú i nDún na nGall agus is mór an sásamh dom a thabhairt faoi deara go bhfuil dianchúrsaí ar fáil i mBáile Átha Cliath fosta. Is féidir leat tréimhse a ghlacadh ag cur béim ar scileanna comhrá nó má tá aithne agat ar aon glantosaitheoirí, tá seans ann dóibh fosta.  Costaíonn sé €310 san iomlán agus geallaimsa am fiúntasach. Eolas breise?  Déan teaghmail le Gael Linn: 01 6751200.
Ag bogadh go Gaillimh, tá Áras Mháirtín Uí Chadhain suite ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara. Eagraítear ranganna Gaeilge ann do chách-múinteoirí agus mic léinn tríú leibhéal san áireamh.  Dúradh liom go bhfuil cáil mhór ar an áit seo.  ‘Tá gníomhaíochtaí cultúrtha mar chuid de gach cúrsa - ceardlanna damhsa agus amhránaíochta agus turais go dtí áiteanna suimiúla sa cheantar.
Eagraíonn Áras Mháirtín Uí Chadhain cúrsaí fada samhraidh freisin i staidéar
Éireannach, Gaeilge, T.E.F.L. agus scríbhneoireacht chruthaitheach.’ Eoladh
(091) 595101/595038 nó www.gaeilge.oegaillimh.ie/aras_chadhain.html
Mar sin de, bígí leo, beidh blas agus dath ar a chuid cainte agus pé a rachaidh sé -go n-éirigh an t-ádh leat. Tar ar ais agus beidh muid reidh le haghaidh ‘Slógadh Sinn Féin 2007’– Cleachtadh a dhéanann maistreacht!
Fón: (074) 9532188

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland