Top Issue 1-2024

3 May 2007 Edition

Resize: A A A Print

Ag bunadh Gaeltachta

Cothrom an lae seo 5 Bealtaine 1981, fuair  Roibeard Ó Seachnasaigh bas, chomh maith le Proinsias Ó hAodha, Peatsaí Ó hEadhra, Réamann Mac Raois, Seosamh Mac Dónaill, Máirtín Ó hUrsain, Caoimhín Ó Loingsigh, Ciarán Ó Dochartaigh, Tomás Mac Giolla Bhuí agus Mícheál Ó Duibhinn – ní bheidh a leithéid aris ann.
Ba scríbhneoir iontach é Bobby agus bhí sé ábalta daoine eile a spreagadh chomh maith.  Seo ceann dá phíosaí a chum sé sna 70í agus tá sé foilsithe anseo focal ar fhocal:

LE ROIBEARD Ó SEACHNASAIGH

Seo alt faoi choinne gach duine ach go h-áirithe na daoine atá ar an taobh amuigh. Nuair a bhíonn muid inár gconaí anseo tá lán ama againn a bheith ag foghlaim agus ag léamh agus sílim go bhfuil fios ag an chuid is mó de na daoine anseo cad atá ag tarlú sa tír seo agus san domain fresin agus tá muid ábalta trácht ar an cogadh i Vietnam, an coimhlint san méan oirthear, agus an troiblóid sa tír seo.
Is iad na rudaí seo atá mar gnáth cómhrá agus caint i mbéal gach duine ach anois ba mhaith liom an fáil seo a ghlacadh le scríobh faoi rud eile – An Gaeltacht bheag ag Bothar Seoighe (Shaws).  B’fheidir gur chuala tú faoin áit seo go mion minic no b’fhéídir nar chuala, is féidir nach síleann tú gur rud tábhacht é agus tá seans maith nar chuala tú faoi go dtí anois.
Ní raibh mórán eolas agam ach an oiread go dtí cupla mí ó shin.  Ní raibh fios agam cad é a bhí ag tarlú ann nó cad é mar a bhí sé ag obair ach lá amhain léigh mé alt a bhí scríobhta san Irish Times faoin ceantair seo, agus bhí iontas an domhain orm a fheacail go raibh sé ag obair chomh maith agus a bhí sé, níl mé fíor cinnte cá mhéad daoine atá ina chonaí ann, ach sílim go bhfuil thart fá cuig teach béag ann, chomh maith le sin tá naíscoil beag acú, agus tá na páistí ag foghlaim gach rud trí gaeilge agus bíonn siad ag caint i nGaeilge i gconaí agus a dtuismitheoirí freisin agus tá cultúr féin acú.  Ach freisin tá cultúr difriúil ar an taobh eile den bhothar.
Bheul seo mo cheist anois. Cad tuige nach bhfuil níos mó na Gaeltacht amhain i mBéal Feirste?
Bheul leis an firinne a insint sílim go bhfuil na Gaeilgeoirí ro-fhalsa, chuala mé a lán leithscéal cosúil le seo, níl na daoine le Gaeilge ábalta gaeltacht a sheoladh a dhéanamh de thairbhe nach bhfuil aon airgead acú, ní fíor é agus ní leithscéal é, thig leo gaeltacht beag a dhéanamh iná sráideanna féin fad as tá gach duine toilteannach.
Ní raibh mórán airgead ag na daoine eile.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland