Top Issue 1-2024

19 April 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Géarchéim an fhir meánaosta

Beidh mé meánaosta agus meánaicme go luath. Caithfidh mé athrú mhór a dhéanamh i mo shaol. B'fhéidir go dtitfidh mé i ngrá le bean ó Fionnghlas. Olfaidh mé ocht phionta Bulmers gach oíche agus beidh mé in ann canadh an 'Hucklebuck' ar an karaoke gach Satharn.
Gheobhaidh mé fáinne cluasa óir agus geansaí Celtic chun mo bholg a chlúdú – beidh mé in ann DVD's agus éadaí saor a fháil ó chúl leoraí agus beidh mo ghairdín lán le cholúir agus cac in athann áit – beidh mé ag dul thart le medallion agus hata leathair agus ag obair páirtaimsire mar idirghabhalaí.
Seans go rachaidh mé arais ag imirt iomána, má tá mé in ann an geansaí a chur thar mo bholg agus gheobhaidh mé trí chúl i gCluiche Cheannais na hÉireann i gcomhair na Dubs. Tá mé ag éirí sean agus mo bhrionglóidí ag sleamhnú uaim.
Tá mé ag fanacht ar an glaoch gútháin ón bhainisteoir nó beidh orm deall maratón eile a dhéanamh leis na bomáin eile i Nua Eabhrac ag caint faoi na  PB's. Tosnóidh mé ag cleachtadh ar feadh sé uair a chlioig gach oíche ar mo fheadóg agus beidh clú agus cáil orm mar cheoltóir agus scuaine Poncánaigh á mo leanúint timpeall na tíre ag iarraidh luí liom agus port a sheinnt liom.
B'fhéidir go mbeidh mac agam agus mo bhrionglóidí a leanúint tríd. Beidh mé ar an taobh líne ag screadaíl air gach deireadh seachtaine agus ag tabhairt amach don réiteoir.
Rachaidh mé go dtí ranganna Salsa agus déanfaidh mé mo dhícheall chun bean stuama a fháil – beidh mé ag damhsa an seit agus beidh na mná  tuaithe ag caint faoin fear mór ag cur allais ar son na hÉireann. Beidh mé ciallmhar le mo chuid airgead agus le mo SSIA beidh mé in ann teilifís úr le scaileán plasma a fháil. No b'fhéidir nach dhéanfaidh mé faic – glacfaidh mé liom féin mar atá le mo ghruaig liath agus an ghruaig ag fás as mo shrón.
Beidh mé daichead bhliain d'aois i gceann trí mhí. Tá mé ag crosbhealaigh i mo shaol.
Cá bhfuil mé ag dul? Bhí mé ag campa traenála le deanaí agus bhí orainn ár spriocanna a chur ar phaipéar.
Ceannóidh mé gluaisrothar Harley Davidson agus rachaidh mé thar an Kyber Pass ar feadh sé mhí ag lorg saol eachtrach. Seans go mbuailfaidh mé le Bin Laden agus na leaids agus caithfimíd an píopa draíochta agus beidh mé ar  Sky News ag fáil agallamh na bliana i gcomhair  An Phoblacht;
B'fhéidir go n-athróidh mé mo reiligiún agus aghaidh a thabhairt ar Mecca agus faigh réidh leis na infidels ar fad agus a leabai gréine agus a coícíse i Lanzarote. Nó buailfaidh mé le Patty Hearst agus an 'Briogáid Dearg' agus rachaimíd ar spraoi ag goideadh bancanna agus ag fuadú polaiteoirí ramhar.
Beidh mé san iris Time agus beidh clú agus cail ar an boc óg ó Chondae an Chláir.
Nó b'fhéidir go mbogfaidh mé go Bellamodina agus osclóidh mé teach tabhairbne darbh ainm 'Darby O' Gills' agus beidh mé ag ól uisce beatha cois trá le spéirbhean ó Venezuela. Gheobhaidh mé dath úr i gcomhair mo ghruaig agus culaith bán le léine ó Hawaii agus beidh mé ag crochadh thart le Peadar Mac an Téadfhear ag ealú ón Bhriogáid Choróin Mhuire.
Nó b'fheidir go mbogfaidh mé go Tír Chonaill. Titfidh mé i ngrá le banaltra darbh ainm Muireann agus beidh triúr phaiste agus SUV againn; rachaimíd go dtí an RDS i gcomhair taispeántas an 'Ideal Homes' ; glanfaidh mé mo charr gach Satharn agus gearrfaidh mé an féar i línte díreacha.
Beidh mé ag tabhairt amach an t-arán naofa ar Aifreann agus ag caitheamh bríste Farah agus carbhat CLG ; beidh úll glas agam don lón gach lá agus suífidh mé san áit céanna gach lá sa seomra foirne. Beidh mé mar ghnáth-'schmuck' i 'mBaile na Schmucks' ag féachaint ar Tubridy Tonight ag fanacht ar mo thicéad agus an Lotto.
Tá mé sona mar atáim – b'fhéidir.

Foclóir

Crosbhóthar...crossroads
spriocanna...aims/goals
dathú...dye
fuadú...kidnapping
An Choróin Mhuire...the Rosary
meánaosta...middle aged
meánaicme...middle class
colúr...pigeon (gickna)
idirghabhalaí...pimp
ag cur allais...sweating


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland