Top Issue 1-2024

19 April 2007 Edition

Resize: A A A Print

Na nua-Éireannaigh agus Poblachtánaigh

Le Éamann Mac Mánais

Ceist. Cad é na bunprionsabail atá fite fuite le poblachtánaigh agus inimircigh, na bunprionsabail a cheanglaíonn an dhá dhream le chéile agus na bunprionsabail a choinníonn an bheirt acu múscailte?
Freagra. Tá muid uilig bródúil agus páirteach den lucht oibre.
Conaíonn muid i gceantracha beagdheise agus gann ar acmhainní. Is daoine ar phá íseal muid agus táimid uilig ag éileamh níos mó cearta ag an Rialtas, nó fiú rialtas nua. Táimid uilig ag streacailt le haghaidh sochaí nua agus feictear tír ilteangach agus ilchultúrach inár measc. Táimid mar an gcéanna.
Táimid ar áireamh i gClár Oibre Poblachtánach. Dearbhaímid gur mian linn an ceart, an tsaoirse agus cothrom do chách a bheith mar bhuntacaí rialaithe na tíre, agus nach bhfuil d'urrús le buanú Rialtais nach saorthoil na ndaoine chuige ach é.
Chomh maith le sin táimid ag fás, poblachtánaigh agus na nua Éireannaigh. De réir an daonáireamh 2006, tá sé ráite go bhfuil meadú 60% de lucht na nua Éireannaigh idir 2002 -2006, tá 63,000 ón Pholainn, 24,000 ón Liotuáin agus 42,000 ón Afraic suite in Éireann anois  agus cuireann muid fáilte rompu.  Maidir le Sinn Féin tá 350,000 vótóirí fud an tír agus níos mó le teacht in dhiaidh Bealtaine 2007.
Mar sin de, cad é tá le déamanh leis na bhfigúirí sin? Bhuel ardtús cuireann muid tús le hathbheochan na Gaeilge le achan duine sanáireamh.  Ba chóir dúinn achan deis a thabhairt do fiontair cosúil le iMeasc; grúpa a sólathríonn eolas ar an nGaeilge i measc inimirceach.
De reir le Foras na Gaeilge, 'Tá spéis sa teanga ag fás i gcéin chomhmaith, go háirithe sna tíortha ina bhfuil eisimircigh tar éis curfúthu. Tá inimirceoirí a thagann go hÉirinn ag léiriú spéise sa teangachomh maith.' Agus feictear réablóid i Sinn Féin le Roinn an Chultúiragus gaelú an pháirtí. Má obríonn muid le chéile beidh saol sláintiúildon Ghaeilge agus dár gcultúr.
An dara ceim is féidir linn a ghlacadh na comhtháthú nua a bhunú.
Chum Eoin Ó Broin, iarrthóir Shinn Féin, Dún Laoghaire píosa den chéad scóth an seachtain seo caite nuair a scríobh sé faoi politíochtiar-choimhlint.  Ach chomh maith le comhtháthú ar an eite chlé, rud aaontaim leis san iomlán, cad é faoi comhtháthú le Sinn Féín srl agusna nua Éireannaigh? Moladh cosuil le scríbhneoireacht Antonio Gramsci;deireadh leis an seanaicme agus fáilte roimh an aicme nua.
Vive la difference!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland