Top Issue 1-2024

12 April 2007 Edition

Resize: A A A Print

Ag cuimhniú siar

LE SÉANNA BREATHNACH

An céad cuimhe atá agam féin ar an Cháisc ó thaobh phoblactachas de, ná Domhnach na Cásca ar Bhóthar na bhFál 1966. Bhí sean-aintín agam a raibh cónaí uirthí in Árd Eóin, ba ghnáth leí scéalta a insint domh fá preispitéirigh Chontae Aontroma agus Éirí Amach ‘98.
Bhí scéalta aicí chomh maith fá 1916 ach thiocfadh leis sin bheith tír ar bith ar dhroim an domhain do bhuachaill beag naoi mbliana d’aois.... Cibé ar bith shiúl muid trasna Bóthar na Seanchille ó Ard Eóin. Bhí an áit dubh le píléirí, gunnaí ag achan ceann acú. Teannas san aer.. cupla céad seandaoine ag siúl i ranganna. Níor thuig mé cad chuige go díreach go raibh cúrsaí chomh teann sin ach ghlac mé go raibh an stát go hiomlán mí-shásta leis an dream seo agus thuig mé nach raibh troiblóid i bhfad ar shiúl.
Bhí mé 15 bliana agus imo bhall den Fianna sa Trá
Ghearr nuair a bhuail an Cháisc isteach orm an dárna uair.
Sheas cupla míle buachaillí agus cailíní i reilg
Milltown in éidí na Fianna nó na gCailíní. Bhí muid fliuch baite san fhearthainn ach d’fhan muid gan bogadh agus Máire Drumm dár spreagadh le dul amach agus troid go fíochmhar in aghaidh Arm na Breataine. Ní raibh barraíocht COAXING de dhíth....
Ansin i bpríosún Long Kesh sna Blocanna 1982. Deichniúr dár gcomrádaithe i ndiadh bháis mhillteanach a fhulaingt, deireadh ar bith le feiceáil dár gcruachás agus daoine úra ag teacht isteach an príosún gach ré lá ar fhocail ceannaithe na mbrathadóirí.
Fuair muid uilig Lile na Cásca isteach ar na cuairteanna faoi rún agus d’eagraigh muid paráid chuimhneacháin in achan sciathan de na Blocanna. Cuireadh cúis i gcoinne an t-iomán againn agus chaill muid pribhléidí ach ba chuma linn. Sheas muid agus mheabhraigh muid ar na cairde a chaill muid an bhliain roimhe agus thar na blianta ar fad....
Bhí mé ag meabhrú orthú go fóill ag deireadh na seachtaine seo caite agus imeachtaí na míosa ar intinn agam.
•  Beidh an t-alt seo agus tuilleadh eile ar fáil ag www.roinnanchultuir.ie

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland