Top Issue 1-2024

5 April 2007 Edition

Resize: A A A Print

Fíorú fhís na Cásca

Le Éamann Mac Mánais
 
‘Dlíonn Poblacht na hÉireann, agus éilíonn sí leis seo, géillsine ó mhuintir uile na hÉireann, idir fhir agus mhná. Ráthaíonn an phoblacht saoirse creidimh agus saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheiseanna, dá saoránaigh uile, agus dearbhaíonn sí gurb é a rún séan agus sonas a lorg don náisiún uile agus do gach roinn di, le comhchúram do chlainn uile an náisiúin, agus le neamhairt ar an easaontas a cothaíodh d’aontoisc eatarthu ag rialtas eachtrannach agus lér deighleadh mionlucht ón tromlach san am atá imithe.’
Forfhógra na Saoirse, 1916

Ag an am an-stairiúil seo, chuir mé an cheist  seo a leanas ar roinnt gaeilgeoirí- Cé chomh tábhachtach atá Forfhógra na Saoirse, 1916 sa lá atá inniu ann?

Tá an forógra i gcroí Poblachtas inniu. Is é an bundoiciméad Poblachtanais ach ag an am céanna is gnó neamhchríochnaithe é. Tá focail iontacha ann, smaointe iontacha agus is é sin ár ndualgas; na focail a chur i bhfeidhm.
Geallann na focail go bhfuil comhionnanas do chách, náisiúnaí, aontachtaí, poblachtach agus dílseoir. Chomh maith leis sin geallann sé comhionnanas do na nua-Éireannaigh fosta. Go mbeidh muid uilig ábalta saoirse, oideachas do chách agus soláthar dár dteaghlaigh agus cothrom na hféinne dár gcomharsana.
Gerry Adams, BP, Uachtarán Shinn Féin

Mar úrlabhraí ceart daonna ceapaim gurb é forógra 1916 an doiciméid is tábhachtaí in Éirinn. Tá ár gcearta fite fuaite le chéile leis agus tá aisling ann don todhchaí. Cuireann sé béim ar chearta ban agus fear, tá sé soiléir a fheicéail gur píosa réalaíoch é agus ba chóir dúinn ár seacht ndícheall a dhéanamh é a chur i bhfeidhm. El otro mundo es posible!
Caitríona Ruane MLA

Sílim go bhfuil an Forógra an-tabhachtach go fóill mar chineál soiscéil ag Poblachtaigh an lae inniu. Tá an chuma air go bhfuil Sinn Féin ag tarraingt anuas ar chomhlíonadh na hoibre ar chuir Mac Piarais agus a chomrádaithe tús léi le léamh amach an Fhorógra ar an Cháisc bliain is nocha ó shin.
Francie Brolley MLA

Caithfidh Forógra an Cásca bheith mar bhunchloch ar phaidrín streachailt poblachtach, sóisialaaitghe, Gaeilgeoirí agus gníomhaithe pobail araon, go háirithe mar nár comhlíonadh na spriocanna lárnacha inti go fóill féin. Ní mór go mbeadh ardfhíseanna s’aige ar nós na hathghábhála cultúrtha, an ceannas polaitiúil agus an comhionannas socheacnamaíochta ag treorú ár n-iarrachtaí i rith an ama agus ag spreagadh na glún atá le teacht.
Fergal Enright, gníomhaí teanga.

Is é Forógra na Cásca ceann de na doiciméid is tábhachtaí i bhforbairt an phoblachtachais in Éirinn. Ní féidir le duine ar bith ar suim leo stair na hÉireann gan ach staidéar a dhéanamh ar an Fhorógra. Do phoblachtaigh sa lá atá inniu ann, ba chóir dó bheith ina ábhar inspioráide, mar atá stair an phoblachtachais in Éirinn trí chéile. Ach sa deireadh thiar, is i gcoinníollacha agus in éagóir an lae inniu a fhaightear an t-ábhar is mó spreagadh lenár streachailt a thabhairt chun tosaigh.
Marcas Mac Ruairí, Sinn Féin, An Dún Thoir

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland