29 March 2007 Edition

Resize: A A A Print

Dúnmharú i nDún Pádraig

Colm Marks

Colm Marks

LE ÉAMANN Mac MÁNAIS

Oíche Chéadaoin, 10 Aibréan 1991, bhí lámhach marfach i nDún Pádraig, Co an Dúin. Chaill Óglach Colm Marks a shaol de thairbhe oibríocht ‘scaoil chun báis’ RUC.
Lámhach trí uair, uair amhain sa cheann, uair amhain sa bholg agus uair amhain sa lámh, ní bhfuair Colm aon áis mhíochaine. D’fhan an RUC 30 bomante agus eisean beo go fóill.  Bhuail siad an fear gortaithe, chic siad é agus thosaigh siad ag gáire.  Chuala finné duine éigin ag screadaigh ‘tá an bastard sin ag ciceáil fós.’
Bhí an oíche iontach fuar nuair a chuaigh sé isteach chuig an pháirc dhorcha in aice le Ascaill Naomh Pádraig ina aonair. Ba duine neamharmtha i gceist agus eisean i gcoinne ochtar mball armtha RUC.  Ní raibh aon deifir ag an RUC, bhí plean acu, plean fuilteach ar an oíche sin mar bhí a fhios acu gur bheadh siad i mbaol i gconaí le Colm Marks beo.  I rith an ionchoisne, i 1994 d’inis an RUC bréige, bhí sé soiléir go raibh forcheilt ann.
In aimsir an chogaidh, de thairbhe go raibh Óglach Colm Marks ina cheannfort i nDún Pádraig, ba sampla cruthanta é do chách.  Rugadh agus togadh é in Iúr Cinn Trá, fear ciúin ach fear cairdiúil a bhí i gceist, duine a reitigh go maith le achan duine.  Agus ar ndóigh thainig sé ó chlann phoblachtanach agus bhí a fhios ag a naimhde sin.  Rinneadh slad ar an chlann go minic agus ón tús mhothaigh Colm go raibh easpa cearta ag a phobal.  De thairbhe sin chuaigh sé san arm, rud nach raibh a fhios ag mórán daoine.
I 1984, i ndiaidh teagmhais i gCill Chaoil áit ar scaoileadh é coinníodh Colm Marks faoi athchur ar feadh 14 mí i bpríosún Bothár Cromghlinn.  Nuair a thainig sé amach bhí sé níos tiomanta don chúise agus reidh don straiceailt.  D’obair sé go dian i nDún Pádraig agus thóg sé foireann laidir ansin.
I ndiaidh an oíche tragóideach i 1991, níor stad an phian, ina dhiaidh na bréige, ina dhiaidh an conspóid agus ina dhiaidh an polasaí ‘scaoil chun báis’ thainig Eddie Mc Grady, Teachta Parlaiminte SDLP, amach leis an ráiteas is measa riamh-’Is féidir gur úsáideadh an t-íosmhéid fórsa mar a bhí ceart sna tosca seo’.  Chuir sé masla gan tuilleadh ar an chlann agus ar an phobal.  Dúírt an chlann Marks anuraidh,
‘We have asked Eddie Mc Grady several times to meet and explain to us the reasons why he supported the crown’s actions in the death of our son and brother’. (2006)  
I rith seachtain na Cásca cuimhnigí ar ár laochra uilig, cuimhnigí ar Colm Marks agus daoine dá leithéidí.  Mar a dúirt laoch eile, ‘is é gáire ár gcuid páistí a bheas mar dhíoltas againn’.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland