Top Issue 1-2024

22 March 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Taispeántas Caoga Bliain Chonradh na Róimhe

D’éalaigh mé ón raic sa phríomhchathair ag an deireadh seachtaine – ní raibh mé in ann cur suas leis an ghruaig ghlas agus ní raibh aon Dutch Gold agam.
D’éalaigh me go hiarthar na tíre ar mo rothar le scata bómán – thaistil muid timpeall chósta an Chláir Lá le Pádraig, go dtí gur bhuaileamar leis an pháráid i gCill Rois le fiche tarracóir agus an FCA.
Thíos go Trá Lí agus thar an Connor Pass go dtí Dingle-Daingean agus ní raibh Peig le feiceáil ar chósta Fhionntrá.
Thall go dtí an Coimín Dubh agus ar aghaidh go dtí an Neidín – 200 míle i 3 la; turas fada ach chan chomh fada leis an turas atá déanta againn ó 1973 agus an EEC agus Conradh na Róimhe i 1957.
Caoga bliain tar éis shíniú Chonradh na Róimhe, tá taispeántas ar siúl mar chuid den chomóradh. An taispeántas seo san áit chéanna ar síníodh an Conradh, is é sin Iarsmalann Capitoline sa Róimh. Ar 25 Márta, 1957, shínigh dáréag ceannaire ón Fhrainc, ón Ghearmáin, ón Iodáil, ón Ísiltír, ón Bheilg agus Lucsamburg. Ina measc bhí Robert Schuman, aire gnóthaí eachtracha na Fraince, Paul Spaak, aire gnóthaí eachtracha na Beilge agus Konrad Adenaur, Seansailéir na Gearmáine. Geallúint a bhí ann go n-oibreodh siad ar shon síochána san Eoraip.
Níl mórán béime curtha sa taispeántas ar óráid Winston Churchill i 1946 nuair a dúirt sé go gcaithfí ‘Teaghlach na hEorpa a bhunú’, nó ar Schuman a bhí ag iarraidh comhoibriú a chur chun cinn san Eoraip.
Bhí fonn ar gach náisiún deireadh a chur le cogadh san Eoraip tar éis an Dara Cogadh Mór. Ba iad na Francaigh a mhol aontas eacnamaíochta.
Bhí comhoibriú i measc lucht thionscal an ghuail agus cruach sna blianta roimh Chonradh na Róimhe, ba é seo an tús le comhoibriú eacnamaíochta na hEorpa.
Tá béim sa taispeántas ar na hAchtanna go léir a tháinig  tar éis Chonradh na Róimhe, .i. Acht an Aontais Eorpaigh, Maastricht agus Amsterdam, agus tá físeán le feiceáil de shíniú Bhunreacht an AE 2004 agus an searmanas mór a bhí ag na ceannairí stáit san áras céanna sin, Iarsmalann Capitoline. Bhí Enya páirteach sa cheol don searmanas. I Reifreann 2005 dhiúltaigh pobal na Fraince agus na hÍsiltíre glacadh leis an Bhunreacht agus ní fios an ndéanfar iarracht eile air choíche arís.  
Ach tiocfaidh ceannairí an AE le chéile Dé Domhnaigh seo chun comóradh a dhéanamh ar an 50 bliain agus an méid atá bainte amach.
Nuair a chuaigh Éire isteach sa Chomh-Mhargadh bhí Sinn Féin ina aghaidh agus Páirtí an Lucht Oibre in ainm a bheith ina aghaidh ach bhí siadsan fuarchúiseach faoin fheachtas. Bhí dreamanna eile mar na Cumannaigh in Éirinn ina aghaidh agus an mhórchuid den phobal ar bheagán eolais faoi mar gur bhrúigh an Rialtais chun cinn gan mórán deise a thabhairt chun plé ná eolas a chur le fáil. Chaith Raymond Crotty as Cill Chainnigh na blianta ar fheachtas aonair agus bhuaigh Patricia McKenna cás cúirte in aghaidh an Rialtais a bhí ag caitheamh a lán airgid ar thaobh amháin den argóint do Maastricht.
Tharla gach rud díreach mar a dúirt na daoine a bhí in aghaidh an Aontais – deireadh le tionscail bheaga in Éirinn agus tionscail mhóra dhomhanda ag glacadh seilbhe ar an margadh - carranna Ford, boinn ruibéir Dunlop, troscán Éireannach, cairpéidí, sceanra,  gloine, táirgí innealltóireachta mar Pierce’s, éadaigh cadáis agus olna, bróga  agus táirgí leathair agus go leor eile - deireadh leo!
Deireadh le feirmeacha beaga agus an saol tuaithe a bhain leo. Is cosúil go bhfuil deireadh lenár neodracht cé go bhfuil an Rialtas ag cur i gcéill nach bhfuil. Céard faoin pháirt atá Éire ag glacadh sa chogadh san Iaráic, ag cur bunáit mhíleata ar fail d’eitleáin chogaidh SAM ag Aerfort na Sionnainne.?
Agus is beag an líon daoine atá ag gearán faoi seo. Bhí agóid shíochánta ar siúl ag Aerfort na Sionnainne an tseachtain seo caite, cothrom an lae a thosaigh cogadh san Iaráic, ní raibh ach 20 duine san agóid agus cúigear Gardaí ag faire orthu. Agus céard faoi airm míleata na hEorpa?
Tá na mílte mac léinn ag dul go dtí Taispeántas 50 an AE ach is cuma leo faoin Chogadh Mhór agus is beag eolas atá acu ar na hAchtanna agus is cuma leo. Tá siad sásta go bhfuil saorchead taistil acu agus saorchead oibre ar fud na hEorpa. Níl siadsan buartha faoi na fadhbanna; nach breá í an óige !

 

 Foclóir

conradh...treaty
príomhchathair...capital city
taispeántas...exhibition
bunreacht...constitution
cumannaigh...communists
feachtas...campaign
tionscal...industry
neodracht...neutrality
cur i gcéill...pretending


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland