Top Issue 1-2024

15 March 2007 Edition

Resize: A A A Print

Lá le Phádraig, Lá le Paradacsa

LE CATHAL Ó MURCHÚ

Cé go bhfuil clú agus cáil ar fud na Cruinne ar an 17ú Márta mar lá comórtha ar naomh náisiúnta na hÉireann – an Pádraig Naofa úd – agus de thoradh sin, an príomhlá ina dhéantar comórtha ar gach ní Éireannach sa bhaile agus i bhfad i gcéin, ní chuirtear an pobal in eolas faoi Phádraig agus a bhaineann leis mar ba cheart.  Agus tá cúinsí polaitiúla ag gabháil leis seo, ní nach ionadh!
Tá a fhios againn gur duine fiorfa é Pádraig go stairiúil.  An scéal mar is eol don chuid is mó againn ná gur buachaill Breatanach a bhí i bPatricus agus d’fhuadaigh taoiseach Gaelach darbh ainm Niall na Naoi nGiallach é lena chur ag obair mar dhaor i mbun caorach ar Shliabh Mis.  Ag an am, ba iad na Gaeil a bhí ina n-impiriúlaigh agus iad ag sciobadh na Breatanaigh bochta chun a ndaoirseachta.  Ar aon nós, d’éalaigh Patricius óna mháistrí leatromacha go dtí an Gháill, áit a fuair sé tréanáil mar shagart.  D’fhill sé ar Éirinn chun an Chríostaíocht a scaipeadh agus tar éis a thriallach, d’éirigh leis na Gaeil a mheallach i treo na Críostaíochta.
Tá sé cruthaithe ag saineolaí luathstaire T. F. O’Rahilly, afach, gur beathaisnéis comhchéilithe faoi bheirt misinéirí críostaíocha – Patricius agus Palladius – a bhí curtha le chéile mar Phádraig amháin.  Is é sin le rá an buachaill Patricius a sciobadh óna mhuintir agus Palladius, an misinéir a chur an Pápa Ceilistín I (Celestinus) chun na Gaeil a mhealladh i dtreo na Críostaíochta.
Manach Ultach darbh ainm Muirchú a bhí ciontach as an gcomhchéileacht seo agus rinne d’aon ghnó é.  Bhí fáthanna polaitiúla ag gabháil leis seo mar gur theastaigh ó na hUltaigh príomhacht a bhaint amach dá láthair críostaíochta Ard Mhacha, a bhí mar chathair eaglasta ag an am, níos mó ná na bailte a bhunaigh na Lochlannaigh.  Ach bhí cathair eaglasta eile ann, Cill Dara, a raibh na Laighnigh ag maíomh go mba cheart an phríomhacht a bheith acu i gcúrsaí eaglasta na hÉireann, agus iad ag moladh Naomh Bríd mar naomh náisiúnta.  Bhí roinnt eile ag moladh gurbh é Colm Cille an naomh náisiúnta as ucht a éachtaí misinéireachta sa bhaile agus thar sáile.
Sa deireadh glacadh leis an triúr mar naoimh naisiúnta – ar nós seamróg – le Pádraig an duilleog is airde!
Maidir le ceiliúradh Lá le Phádraig, nós nua-aimseartha go leor é a tháinig ó Ghaeil-Mheiriceánaigh i lár naoú haois déag, treimhse ina raibh géarghá ag na hÉireannaigh féinmheas agus bród a chruthú iontu féin.  Roimhe sin, leis na himircigh Ghaelacha sáite i dtír agus sochaí naimhdeach na Stát Aontaithe, rinne siad comórtha ar bhreithlá Roibeárd Emmet – laoch poblachtánach a raibh an-mheas ag na Gaeil air.
Ach ní raibh an Eaglais Chaitliceach ró-shásta le príomhchomóradh na nGael a bheith dírithe ar an bprotastúnach Emmet.  Nó b’fhéidir gurbh é an phoblachtánachas a chuir as dóibh i ndairíre, agus Aois an Réasúin a ghabh leis sin le linn Réabhlóid na Fraince!  Ní raibh an Eaglais úd - nó aon eaglais eile - ró-thógtha le cúrsaí réasúin agus as sin a tháinig siad isteach sa scéal.
Nuair a bhí na Gaeil i mbun a dtriallach agus iad ar Fhód Mheiriceá, bhí géarghá le pobal brúite síos le ceannasaíocht chun iad féin a tharraingt suas ón mbochtanas, ón éagóir agus ón leatromas Piúratanach frith-Ghaelach frith-Chaitliceach.  Is mar gheall ar sin a chas an pobal úd ar an Eaglais Chaitliceach, áit a fuair siad comhghreamú agus eagraíocht, rud a sheas go mór leo agus iad i mbun polaitíochta na tíre sin.  Thóg na Gaeil scoileanna, ollscoileanna, coláistí clúiteacha, ospidéil agus ba chúis nach beag institiúidí den chineál sin na Gaeil-Mheiriceánaigh a ardú ar dhréimire an tsochaí.
Is uaidh sin a ghabhann an tábhacht le Lá le Phádraig in ainneoin an paradacsa a ghabhann leis.

 Foclóir

daoirseacht...slavery, bondage
leatromach...oppressive
an Gháill...Gaul (Ancient France)
comhchéileacht...conflation
cathair eaglasta...ecclesiastical city
éachtaí misinéireachta...missionary exploits
Aois an Réasúin...Age of Reason
comhghreamú...cohesion


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland