Top Issue 1-2024

15 March 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Ardaigh an Cháin!

Tá Baile Átha Cliath trína chéile – tá tuaisceart na cathrach lán le Yuppies caillte ag lorg Pairc an Chrócaigh agus D4 lán le Poblachtánaigh.
Beidh orm bogadh go BÁC 4 chun cónaí leis an proletariat.
Tá mé trína chéile mé féin, mar sin, tá mé ag scríobh m’ailt i siopa idirlín ar na céanna i m’aonar leis na bómáin eile nuair ba chóir dom bheith sa bhaile le ceathrar páistí agus bean chéile ag amharc ar Grant ag marú Peggy ar Eastenders agus ag glanadh mo chairr agus ag caint raiméise le mo chomharsa faoi ghruaig Britney.
Ach Buíochas le Dia táimíd ar fad difriúil.
Bhí mé ag léamh faoi Britney in Best ar seilfeanna ‘Spar’ agus feicim go bhfuil Jade ag tabhairt cuairte ar an India i gcóir ‘poppydom’; tá Teddy Sheringham i ndiaidh fáil réidh le Danielle bhocht agus tá sé ag siúl amach le Twink; tá Anthony ó Stoke brónach mar chaill a bhean chéile tríocha cloch agus níl sí leath chomh maith mar bhean mar a bhí sí!
Tá Mohammed Al Fayed ag tabhairt amach faoi Charles agus an bhanríon faoi láthair; chas mé leis seal i ndeisceart Londan – bhí mé ar mo bhealach go dtí an Bhrasaíl le seanphoblachtánach nuair a stop an t-eitleán in Heathrow agus póca mo chara lán airgead Monopoly ón Tuaisceart.
Níor aithin fear an kebab an t-airgead ait seo agus bhí ar Mohammed é a scrúdú.
Bhí mé ag iarraidh cur ina luí air gan a bheith ag tabhairt amach faoi na bodaigh mhóra ach cúpla milliún a thógáil ar iasacht i mála Celtic ón mbanc.
Leis an mhéid airgid sa tír anois tá múinteoirí agus banaltraí na tíre ag súil go gcaithfidh an Rialtas níos mó ar an chóras sláinte agus ar an chóras oideachas.
Ach i gcaisleáin óir atáimid.
Tá drochscéal ag gach dara ospidéal agus scoil – seandaoine ina luí ar thráaí agus turas seachtó míle go dtí an t-ospidéal do mhná thorthacha in iarthar na tíre.
Tá tuairaisc nua ag léiriú go bhfuil thar 60% de scoileanna san iarthar gan halla spóirt agus gurb iad Éire agus Sasana an dá thír leis an líon is airde páistí san Eoraip.
Bhí mé ag cruinniú poiblí aréir – sheas scór múinteoir suas i ndiaidh a chéile ag insint scéalta faoi dhrochstaid na scoileanna – francaigh ag rith thart ag caint Gaeilge, píopaí briste, ranganna plódaithe, &rl &rl.
Chaith mé seal sa Liotuáin anuraidh, tír ina bhfuil múinteoirí ag maireachtáil ar 70 euro sa tseachtain agus in ainneoin an bhochtanais níl ach 15 páiste i ngach rang agus na scoileanna mar pháláis.
Baineadh geit astu i ndiadh féachaint ar dhrochstaid na scoileanna anseo agus tá siad den bharúil nach gcuireann an tsochaí anseo luach ar pháistí agus láncheart acu.
Tá leath na tíre ag eitilt go dtí oirthear na hEorpa agus ag dul ar dhá nó trí shaoire sa bhliain ach níor chuala mé éinne ag éileamh ardú cánach ionas go mbeidh córas oideachais agus agus córás sláinte nua-aimseartha againn.
Níl aon mhaitheas bheith ag cáineadh Bertie nó MacDúghaill – tá sé seo ag tarlú le caoga bliain agus an tír fós ag vótáil do na páirtithe seo.
Tá na PD’s ag caint faoi ísliú cánach arís ionas go meallfaidh siad vótaí na meánaicme.
Ach tá sé thar am don eite chlé, Sinn Féin chun tosaigh, rogha a chur os comhair na tíre – má táimid ag iarraidh córas oideachias agus córas sláinte nua-aimseartha caithfimid an rata cánach a ardú.
Nó an bhfuil Sinn Féin cosúil le gach páirtí eile?
Tá sé an-éasca don fhreasúra an Rialtas a lochtú ach caithfimíd a rá cad as a dtiocfaidh an t-airgead.
Chaith mé lá iontach inniu le dream scoláirí ag glacadh páirte i gComórtas Drámaíochta a chosnóidh míle nó dhó orainn i mbliana; caithfimid Oíche Rásaíochta a eagrú mar níl pingin rua le fáil ón Roinn Oideachais i gcóir gníomhaíochtaí breise.
Tá dualgas ar an tsochaí airgead a chur ar fáil do na páistí seo.
Ach b’fhéidir go bhfuilimid ar fad ró-leithleasach.

 Foclóir

Caisleáin óir...cloud cuckoo land
Torthach...pregnant
In ainneoin...despite
Ag éileamh...demanding
Meallfaidh...will attract
Freasúra...opposition


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland