Top Issue 1-2024

1 March 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

‘Ag Bogadh ar Aghaidh’


Bhí mé ag lomadh an fhéir nuair a bhí an chuid eile den tír ag ‘bogadh ar aghaidh’ Dé Sathairn, ag iarraidh cur isteach ar na comharsana, i gCondae an Chláir.
Ní raibh aon chaint faoi rugbaí nó an deabhal sacar sa Chlár roimh 1990 agus ‘Arm Jack’.
An t-aon eachtrannach a chonaiceamar na Poncánaigh ag an aerfort ag lorg leipreacháin agus caisleán Bhunraite, agus chuireamar iad ar strae i gconaí.
Bunaíodh cumann sacair sa pharóiste ag tús na n-ochtóidí darbh ainm ‘Newmarket Celtic’, don té nach raibh in ann iomáint a imirt nó imreoirí le buaitaisí nua.
Agus mé sa bhunscoil dhiúltaigh mé glan sacar a imirt agus mé ocht mbliana d’aois; sheas mé ar an taobhlíne ar feadh dhá bhliain ag eagrú m’agóide príobháidí.
Níor ghlac mé páirt nuair a bhí mo chomrádaithe ag bailiú cártaí galánta de Steve Highway agus Ossie Ardilles. Chloígh me le mo ‘Gaelic Sport’ agus Tony Doran gan fiacla, ar mo bhalla agus ‘Our Boys’, iris na mBraithre Críostaí- drochainm d’iris na mbráithré nuair a smaoiním siar air anois!
Nuair a bhí Cumann Lúthchleas Gael áitiúil ag tógáil clubtheach úr sna hochtóidí, bhí an cumann sacair ag feidhmiú as bothán agus an ‘Golden Boot’ mar príomhreálta acu, go dtí gur theith an ‘Fancy Dan’ le bean chéile an bainisteora.
Ba iad Banana Rovers a bpríomhnamhaid go dtí gur ól an cisteoir an t-airgead ón chrannchur agus shleamhnaigh siad ar an gcraiceann banana.
Scrios mé amach aghaidh Kevin Moran nuair a d’fhág sé na Dubs i gcóir na nDeabhal Dearg agus d’athraigh mé an teilifís go Dallas nuair a bhí sacar ar an scáileán, go dtí gur léim JR faoi na bráilíní le striapach éigin ó Texas, agus thosaíomar ag caint faoi na cúirtíní taobh thiar de, chun an ciúnas a bhriseadh.
Ní raibh aon bhaol go gcuirfeadh na cluichí áitiúla isteach orainn, le Philip Green ár gcur a luí, tráthnóna Domhnaigh sa charr, ag filleadh ó Dhúrlas Éile i ndiaidh féachaint ar laochra na fuinseoige agus tríocha ceapaire uibhe a ithe agus an scragall a chaitheamh ar an réiteoir.
Bhí Athlone Town FC i réim an tráth sin agus leath na tíre ag dul ar imirce, mé den bharúil go raibh siad ag iarraidh éalú ó ghuth Philip Green.
Thosaigh réabhlóíd Jack in Stuggart i 1988 agus den chéad uair lig Ger Loughnane dúinn sa Chlár amharc ar chluiche sacair agus leanamar leis – chailleamr smacht orainn féin agus i ndiaidh cúpla bliain bhí colscaradh dlíthiúil, bhí cead agat coscíní a fháil i ngaráiste nó sa phub, Mná Céile na Léitheoirí ar na seilfeanna agus leathchuid na hÉireann ag dul thart le geansaí glas orthu ag canadh Olé Olé.
Bhí athbheochan ag Celtic agus i ndiaidh tréimhse bhí leath de chumainn Shinn Féin ag dul thart leis an gheansaí stríocach, ce nár chlúdaigh sé a mbolg.
Níos measa tháinig laochra Mumhan ar an fhód agus bhí gach duine ag rá go raibh sé in ám ‘bogadh ar aghaidh’ agus go raibh cead ag cosmhuintir na tíre cóta fionnaidh a chaitheamh agus rugbaí a imirt!
Tháinig an chéad agus an dara sos cogaidh agus go tobann fuair ceannairí Poblachtánacha réidh le cotaí ó ‘Fred’s Fashions’ agus chualamar ‘Tiocfaidh Ármani’ den chéad uair.
Bhuaigh na Tioc’s cúpla suíochán sa Dáil agus bhí Máirtín Mac Aonghusa i gceannas ar Stormont, ach in ainneoin ráiméis na PD’s níor tháinig Armageddon.
Bhí clú agus cáil ar Ard Mhacha de dheasca peile in ionad streachailte agus ghlac muintir an Tuaiscirt seilbh ar ‘Sam Maguire’.
Bhíomar ‘ag bogadh ar aghaidh’ arís.
Mhol Gerry tacaíocht a thabhairt do na póilíní agus osclaíodh Páirc an Chrócaigh don lumpenproletariat agus Dé Sathairn chualamar God Save the Queen.
Táimid ‘ag bogadh ar aghaidh’.
Is ‘scadán rua’ é cluichí ‘eachtrannacha’ in Croker - imreoidh an t-aos óg pé cluiche atá eagraithe i gceart ina gceantair féin agus tá go leor spáis sa tír i gcóir na dtraidisiún éagsúil, ach fós féin, mholfainn duit gan d’am a chur amú ag amharc ar Shan Maríne agus níl aon spás agam ar mo chóta fionnaidh don cocán dearg!

Foclóir

Agóid      protest
Ag feidhmiú      operating from
Scáileán      screen
Brailíní      sheets
Scragall      tinfoil
Colscaradh      divorce
‘Mná Céile Léitheoirí’      ‘Readers’ Wives’
Cosmhuintir      ordinary folk
Streachailt      struggle
An t-aos óg      the youth
Cocán dearg      poppy



An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland