Top Issue 1-2024

15 February 2007 Edition

Resize: A A A Print

Faoi Scáth an Sceimhle

LE CATHAL Ó MURCHÚ

Ní hé aon ionadh dóibh siúd cleachtaithe ar nósanna impiriúlacha na Meiriceánach agus iad ag fógairt tuilleadh bagairtí ar an Iaráin - tír nach bhfuil sásta géilleadh d’ollchumhacht na Stát Aontaithe.  Cuimhnítear ar na bagairtí agus ar na liamhaintí a chuir na Meiriceánaigh i leith do na hIaráicigh sula ndearna siad ionradh ar an tír sin agus an scrios leis an áir a tháinig ina ndiaidh sin.  Gan amhras tá neart cosúlachtaí ann idir na himeachtaí a tharla roimh ionnradh na hIaráice agus an méid atá ag tarlú maidir leis an Iaráin.

Ar lámh amháin bheadh sé deacair a shamhlú na Meiriceánaigh ag tabhairt faoi ionradh na hIaráine sa chaoi go bhfuil siad gafa go deimhin sa choimhlint ghangaideach atá ar siúl san Iaráic agus is ar éigean go bhfuil siad in ann smacht ceart a chur i bhfeidhm.  Ag tabhairt san áireamh na deacrachtaí atá ag na Meiriceánaigh san Iaráic agus na breis deacrachtaí a bheadh i gceist leis an Iaráin, shamhlófá aon cheann ciallmhar nach bhfiú an rogha seo.  Ach is ar éigean go bhfuil ceann ciallmhar ag Uachtarán Bush agus lucht míleata Mheiriceá sa chaoi go bhfuil an iomarca measa acu ar a gcumhacht agus ar a gcumas féin.

Mar a tharlaíonn sé, tá an Iaráin ar cheithre oiread an mhéid leis an Iaráic agus mar shochaí, tá sí níos aontaithe agus níos eagraithe ná mar a bhí an Iaráic roimh an Ionradh.  Críoch thar a bheith sléibhtiúil, garbh agus graifleach is ea an tír sin.  Cé nach mbeadh aon chomparáid le cumhacht Mhíleatacht Mheiriceá, tá Arm na hIaráine cumasach go leor agus tá siad tar éis córas aerchosanta sofaisticiúil a cheannach ó na Rúisigh.

Níl aon amhras ann ach go bhfuil uachtarán na hIaráine Mahmoud Ahmedinejad tiomanta chun seasamh in aghaidh na Meiriceánach in ainneoin aon bhagairt a fhógraítear ina choinne.  Ag tabhairt san áireamh na cúinsí difriúla a ghabhann le hionradh ar an Iaráin, ní dócha go ndéanfaidh na Meiriceánaigh an chineál ionradh céanna mar a rinne san Iaráic.  Tá gach seans, áfach, ach go dtabharfaidís faoi ionsuithe leanúnacha ón aer ar nós mar a rinne siad ar an Iaráic le linn an Chéad Chogadh na Muarscáile sa bhliain 1991.  I ndá mhí, scriosadh bonneagar na hIaráice agus fuair 150,000 taismí Iaráiceacha bás de dheasca an Chéad Chogadh sin.

Seachas a bheith ag áiriú cumas míleata agus cumhachta na bpáirtithe éagsúla, is iad na gnáthdhaoine a íocann as go daor i gcónaí.  Meastar go bhfuil 600,000 taisme tar éis bás a fháil ó a ionraigh na Stáit Aontaithe an Iaráic - 3,000 acu ina saighdiúirí Meiriceánacha tarraingte ón aicme is boichte sa sochaí sin, ar ndóigh!  Is annamh mac nó iníon as teaghlach saibhir ag íobairt iad féin ar mhaithe le cúinsí a n-aicme úd.  Níl ciall leis sin, ar ndóigh, ach sin mar a sheasann cúrsaí leis na cianta.  In aon sochaí bunaithe ar dhúshaothrú, ar nós sochaí chaipitleach agus impiriúlach cosúil leis na Stáit Aontaithe, bíonn sé de dhualgas ag na boicht iad féin a íobairt ar mhaithe le haon chaointeacháin na haicme i gcumhacht.

Foclóir

  • liamhaintí           accusations
  • coimhlint ghangaideach  vicious conflict
  • sléibhtiúil            mountainous
  • graifleach           rugged
  • córas aerchosanta          air defence system
  • ionsuithe leanúnacha       continuous assaults
  • Chéad Chogadh na Muarscáile              First Gulf War
  • bonneagar         infrastructure
  • dúshaothrú         exploitation
  • caointeachán      whim

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland