Top Issue 1-2024

25 January 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúba ag Crosbhealach

Níl aon amhras ann ach go bhfuil tréimhse shuimiúil i ndán do Chúba amach anseo, tír bheag le 11 milliún saoránach atá suite idir an Atlanach agus Muir Chairib. Tá an-chuid ceisteanna á gcur i láthair na huaire maidir le cén treo polaitiúil a chasfaidh Cúba tar éis deartháracha Castro a bheith imithe i dtreo a bhfírinne - tá Fidel 80 bliain d’aois agus a dheartháir Raúl cúig bliana níos óige. Tar éis gur fógraíodh tinneas Fidel Castro go poiblí, sheas sé síos as a bheith ina cheann stáit ab fhada i gcumhacht le linn an Fhichiú Aoise, ó threoraigh sé Réabhlóid Chúba chun bua sa bhliain 1959, agus tá na cumhachtaí feidhme imithe chuig a dheartháir, Raúl.

Beidh sé an-suimiúil le feiceáil má chuaigh tuairimí na réabhlóide i gcionn ar mhuintir an oileáin úd sa chaoi go dtapóidh siad gach deis cosaint a dhéanamh ar an méid atá bainte amach acu. Ach níl aon amhras ann ach go bhfuil an t-uafás bainte amach ag an réabhlóid seo sa chaoi go maíonn siad an córas sláinte ab fhearr ar domhan in ainneoin ‘an imshuí’ a ghearrtar ar an tír bheag seo a bhfuil a leithéid de mhisneach acu gníomh a dhéanamh as tuairim na saoirse, nó a neamhspleáchas féin a chleachtadh.  Ní bhaineann éachtaí na réabhlóide leis an gcóras sláinte amháin, áfach, sa chaoi go bhfuil córas oideachais ar ardchaighdeán curtha ar fáil do shaoránaigh uile in ainneoin maoin a bheith acu.

Sochaí is ea an córas cumannach i gCúba ina soláthraítear na bunseirbhísí sóisialta, seachas bheith ag freastal ar chúraimí agus ar éilimh lucht maoine agus lucht cumhachta. Ó thús na réabhlóide, beartaíodh an bhearna idir lucht an tsaibhris agus na boicht a dhúnadh agus b’in a tharla. Níl a leithéid de rud ann is lucht maoine ann a thuilleadh, mar ba cheart, i gcomparáid le sochaithe caipitleacha. Cé go bhfuil bochtanas ann, níl sé ar aon dul leis an gcineál bochtanais a fheictear sa Tríú Domhan agus ní dhéantar dúshaothrú ar dhaoine ansin mar a dhéantar sa chineál ‘daonlathais’ ar mhian leis na Stáit Aontaithe a bhrú ar an tír sin, mar a bhrúnn siad ar fud na Cruinne.

Freastalaíonn córas cumannach Chúba ar riachtanais an phobail i gcoitinne sa chaoi go soláthraítear na bunriachtanais: is é sin le rá bia, foscadh, éadaí, obair do shaoránaigh uile, chomh maith leis na bunseirbhísí sóisialta ar nós sláinte agus oideachas do chách, rud nach ndéanann ‘daonlathas Mheiriceá’ ná an Tíogar Ceilteach seo againne!

Tá neart eile ann a mhaíonn go bhfuil cumannachas Chúba bunaithe ar dhiansmacht stáit, ach ní hiad cumannaithe Chúba a ghearrann an pionós báis ar phríosúnuithe ar ráta ar bith mar a ghearrtar sna Stáit Aontaithe ná a sháraíonn cearta daonna mar a sháraítear i gCuan Guantánamo. Ní hiad cumannaithe Chúba a reachtaíodh scataí báis mar a reachtaíodh scataí báis (traenálaithe sna Stáit Aontaithe) i stáit éagsúla i Meiriceá Laidineach, ar nós mar a reachtaítear fós sa Cholóim, tír dhaonlathach dar leis na Stáit Aontaithe!

Níl aon amhras ann ach go gcuirfidh lucht cumhachta na Stát Aontaithe gach cineál brú ar mhuintir Chúba scor leis an gcóras cumannach. Ach ar an lámh eile, tá sé soiléir go bhfuil smacht na Stát Aontaithe ag dul i léig i Meiriceá Laidineach le rialtais thofa le déanaí nach réitíonn le lucht maoine na sárchumhachta úd!

 

 

 Foclóir

  • cumhachtaí feidhme        executive powers
  • éachtaí  achievements
  • an t-imshuí         the blockade
  • córas cumannach           communist system
  • an Tríú Domhan             the Third World
  • bunseirbhísí sóisialta       basic social services
  • sochaithe caipitleacha     capitalist services
  • pionós báis        death penalty
  • scataí báis          death squads
  • sárchumhacht     superpower

 

 

 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland