Top Issue 1-2024

25 January 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Thar Lear

 

Tá áthas orm nach bhfuil mé i mo chónaí sa Rúis – bheadh do theanga greamaithe le sconsa iarrainn leis an fhuacht agus níl aon Pot Noodles acu.

Bheadh ort do chuid vodka a ól agus toitíní lofa a chaitheamh agus seasamh i scuaine ar feadh sé uair a chloig fá choinne páipéar leithris agus prátaí, nó an é sin Lidl?

Tá leathchuid d’Éirinn tinn agus an leath eile ag caoineadh leis an sioc agus an fuacht ach níl baol ar bith go bhfaighidh duine ar bith bás lasmuigh ach amháin na créatúir gan dídean.

Táimid éirithe róramhar le bia agus teilifís Meiriceánach agus róthógtha lenár SUVs agus tithe faoin ngrian agus ár saol a chur amú ag caitheamh ama agus airgid ar Disneyland agus Big Macs.

Deich mbliana ó shin ní dheachaigh mórán daoine thar lear ar saoire ach in ‘07 táimid ag lorg saoire gheimhridh chomh maith leis an Samhradh – i mbliana ná bac le fiche pionta i dteach tábhairne ‘An Seamróg’ in Bellamodina agus seachain Paddy Reilly agus páirceanna Bhaile Átha an Rí – téigh go dtí an Phalaistín – níl aon óstán ná alcól agus ní bheadh mórán seans agat leis na mná ach tá sé lán le stair agus daoine galánta a chuireann Fáilte Uí Cheallaigh roimh eachtrannaigh – cuireann sé Beal Feirste sna hochtóidí i gcuimhne dom.

Má tá ceacht polaitaíochta ag teastáil uait agus fonn foghlama faoi na cosúlachtaí idir Rialtas na Breataine sa Tuaisceart agus na hIosraelaigh níl áit níos fearr le dul – caillfidh tú meáchan mar níl mórán le hithe agus beidh scéal suimiúil agat don phub faoin drochíde a fuair tú ó na saighdiúirí in Tel Aviv.

Nó faigh do cheamaire agus téigh go dtí an Iaráic nó an Afghanastáin – chan amháin go bhfuil cursaí reatha ansin thar a bheith suimiúil ach gheobhaidh tú grianghraif iontacha de sheandaoine ina suí ag an mhargadh agus dathanna na dtorthaí agus na nglasraí.

Nó faigh eitilt go dtí Marakesh agus thig leat bheith caillte sna souks agus seinn d’fheadóg leis an fhear ón seaniris ‘Dandy’ a bhíonn ag imirt cleasanna le nathair nimhe i gcearnóg an bhaile. Cuir do bhuataisí ort agus téigh suas sléibhte Atlais – tá sé cosúil le bheith ar ais sna meánaoiseanna – bailte beaga ar imeall na n-aillte, gan bhóithre, gan leichtreachas, gan teilifís, gan chlog; agus caith seal leis na Beirbeirigh a éiríonn leis an ghrian agus a théann a luí leis an dorchadas.

Nó fan amach as na siopaí geallghlacadóra ar feadh tréimhse agus téigh ag dreapadh leis na fir threibhe ar theorainn Bhurma sna dufairí agus déan do leaba sna tithe bambú – lig ort gur POW thú on scannán The Deerhunter agus éalaigh ón dufair agus caith d’airgead ar ólachán agus mná Saigon – ceannnaigh cúpla ba do theaghlach do ghirsí úire agus beidh tú i d’ardmhéara i mbaile beag sna sléibhte.

Lig ort le do bhean chéile go bhfuil tú ag ordú saoire le Budget Travel in Lanzarote ach tóg an dara clé ar Shráid Uí Chonaill agus cuir d’airgead ar saoire sna Rockies ag luí faoin ngealach agus ag ithe bradán feasa don bhricfeasta nó ceannaigh cúpla cadhc.

I gcomhair na n-aibhneacha ansin agus má ta sí míshásta cuir an locht ar an chomhlacht taistil – má tá sí fós ar buile ceannaigh leaba ghréine don teaghlach, agus má tá drochspion uirthi fós cuir isteach ar cholscaradh!

Muna dtaitníonn an t-eitleán leat thig leat taisteal ar do rothar ón Chlochan Liath go dtí an Fál Carrach ar chósta Chnoc Fola agus rith suas an Earagail agus Mucais; nó tóg an traein go dtí Cill Áirne agus tóg do rothar thar ‘an Bhearna Moll’ go dtí an Néidín agus ar aghaidh go Dursey thar Healy Pass agus líon suas bean dhathúil ón Ísiltír le scéalta faoi na leipreacháin agus tóg í go dtí Féile Iarthar Bhéal Feirste nó féile cheoil an Chláir.

Ach fan amach as an Costa del Sol agus na háiteanna gránna eile a chuireann formhór na tíre a saol amú iontu.

Téigh ag taisteal – tá an saol róghearr.

 

 

 Foclóir

  • Greamaithe        tied to
  • Sconsa              fence
  • Bellamodina       Loyalist enclave
  • Cosúlachtaí        similarities
  • Grianghraif         photos
  • Fir threibhe        tribesmen
  • Colscaradh        divorce
  • An Ísiltír            Netherlands
  • Nathar nimhe     snake

 

 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland