Top Issue 1-2024

18 January 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

I mBláth mó Shláinte

 

Tá mo shrón lán le smugairle agus mo chorp ag crith – cé go bhfuil slaghdán orm bhí mé amuigh ar an pháirc ag imirt iomána leis na gasúir is girseacha ag a hocht a chlog ar maidin – táimid ag iarraidh foireann a chur san iomaíocht sa McKenna Cup ós rud é go bhfuil siad ag ligint gach saghas foirne sa chomórtas.

Is maith an rud é nach bhfuil me ró-thinn mar níl an fhoighne agam fanacht fiche uair a chloig sa scuaine sa Mater ar leigheas.

Is maith an rud nach bhfuil me ag iompar linbh mar, de réir scéaltaí, tá an t-ospidéal is giorra dom róshalach agus ní bhíonn ach leathuair an chloig agat sa leaba i ndiaidh bhreith an linbh, sula dtugann siad bata agus bóthar duit.

Dá mbeinn i mo chónaí in iarthar an Chláir, seans maith go mbeidh an páiste agam sa charr, mar tá sé seachtó míle go dtí an t-ospidéal is giorra don chontae, i Luimneach.

Tá an t-ádh orm mar ní bheidh mé tinn choíche mar tá mé ag leanúint réim bia nua Mary Harney – bonnóga agus ceapairí bricfeasta – bagún, ispíní agus putóg Chloich na Coillte ó Statoil, le hanlann dearg ag titim ar mo smig agus buidéal Lucozade i ndiaidh fiche buidéal Bhulmers le Cumann an Luain.

Tá an aimsir dubh dorcha agus gruama agus tá duibheagán ar gach dara duine; mar sin bualann Cumann an Luain le chéile ag meán lae agus bíonn orainn deich bpionta a bheith ólta againn roimh am dinnéir – tá sé deacair go leor tiomáint abhaile na laethanta seo leis an méid Gardaí ar an mbóthar agus táimid ag caint faoi bogadh go Tiobraid Árann, áit a n-eagróidh Michael Lowry bus saor abhaile dúinn nó beidh cead againn tiomáint i ndiaidh cúig nó sé phionta.

Tá aithne ag achan duine i mo cheantar féin ar na tithe tábhairne a bhfuil cead agat tobac a chaitheamh iontu ach bíonn ort do thoitín a mhúchadh i mbuidéal ar eagla go dtagann na cigirí ón Roinn Sláinte.

Cloisimid go leor drochscéaltaí faoin Chóras Sláinte agus cé chomh dona is atá cúrsaí leo ach an féidir leo bheith níos measa ná an Roinn Oideachais – chan amháin nach bhfuil aon airgead acu agus 25% den tír gan léamh ná scríobh agus na huimhreacha ranga is airde san Eoraip againn ach tá an mhí-bhainistíocht ansin do-chreidte – ba bhreá liom bheith ag obair don Státseirbhís – le huaireanta solúbtha, bheinn in ann tosnú ar a deich ar maidin agus mo chéad sos a thógáil ag leathuair tar éis; uair eile a chaitheamh sa leithreas ag líonadh mo chrosfhocail agus ag léamh faoi aliens in Take a Break agus cúpla deoch a shlogadh siar le mo panini ag mo lón ó dó-dheag go dtí a trí.

Rinne mé argóint i gconaí ar son seirbhísí poiblí ach ta sé fíordheacair anois leis an droch-chóras oideachais agus slainte atá ag an Stát.

Tá uair na cinniúna chugainn leis an méid cóicín atá timpeall na tíre faoi láthair. Ní gá duit é a cheannach leis an méid púdair atá ar nótaí bainc agus ar leithrisí sa chathair. Tá ré na mórshiúlta thart agus tá gach pobal sásta glacadh go bhfuil drugaí sa cheantar anois.

Tá na déagóirí ag caitheamh dóip ar a mbealach chun na scoile agus an mheánaicme agus daoine ina dtríochaidí ag glacadh ‘cóic’ ag an deireadh seachtaine mar ní féidir leo cur suas le Pat Kenny ná Tubridy Tonite níos mó.

Ba chóir dóibh ar fad camán a cheannach agus sliotar a bhualadh timpeall na páirce ar a hocht a chlog ar maidin agus ní bheadh aon ghá le drugaí ná cuairt ar ospidéal.

Tá an tEarrach ag teacht agus mé ag súil leis an bholadh ón fhéar fhliuch, ón chamán agus ón sliotar agus filleadh ar na Junior B’s agus bheith páirteach i gcúpla ‘faction fights’ nó réiteoir a chur  i mbuatais an chairr, timpeall thuaisceart na cathrach.

Tá mé i mbláth mo shláinte agus nach bhfuil an aimsir ar fheabhas!

 

 

 Foclóir

  • Slaghdán           cold
  • Foighne             patience
  • Bata agus bóthar            to clear someone
  • Anlann  sauce
  • Putóg    pudding
  • Státseirbhís        civil service
  • uaireanta solúbtha          flexitime
  • Uair na cinniúna             the hour of crisis
  • Mórshiúl            march/demo
  • Meánaicme        middle class
  • Faction fight       hurling match in Wicklow

 

 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland