Top Issue 1-2024

14 December 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Mo Chailín Álainn

le Seán ó Donaile

Is iontach na rudaí a fheictear agus tú ag fanacht ar eitleán – mná móra ramhra le cuirtíní thart orthu agus na fir chéile ag ithe sceallóg agus ag fanacht ar an 23.25 go dtí Los Angeles agus taom croí; agus colceathar Ronnie Corbett lena Mhamaí, a rinne na ceapairí dó, agus í ag brú an trálaí le dhá sheanmhála taistil brúite le chéile i gciorcal; scata déagóirí le spotaí orthu ag síneadh isteach a hataí tuí agus iad ar a mbealach go Fuengerola, na creátúir bhochta.
Bhí mé díreach  ar an fón leat, a  iníon; tá tú gníomhach ag scríobh do liosta
i gcóir Dhaidí na Nollag. Cronaím thú agus tá mé ag iarraidh an poll uaignis a líonadh ach níl sé ag obair dom – caithfidh mé  m’aghaidh a thabhairt ar an ghaoth; tá m’eitilt ag imeacht i gceann uair an chloig ; tá mé i ndiaidh seasamh ar bharr an chnoic Marácó agus siúl  tríd an dufair san Áise, rith trí shráideanna Phárais agus Bhéal Feirste agus dul ar an drabhlás in Amstardam ach caithfidh mé bheith fíreannach liom féin; tá bearna i mo shaol agus tú ar shiúl agus mé  ag tnúth go mór leis an lá go mbeidh mé in ann páiste a luascadh ar mo ghualainn arís agus scéalta a léamh di.
Ní raibh mé in ann an rún a choinneáil nuair a bhí do Mham’ torthach  – sceitimíní áthais orm ag amharc ort sa scanadh agus tú chomh mór le hordóg; ag cuimilt bholg do Mham’ ar feadh naoi mí agus ag péinteáil na cistine bándearg ag ullmhú duit; ag cur allais san ospidéal ar feadh lae ‘s oíche agus mé ag síleadh na ndeor nuair a rugadh thú agus miongháire ar m’aghaidh ag brú an pram trí Shráid Uí Chonaill agus tú ar do chéad agóid ar son mhuintir Garbhachaidh agus tú ocht lá d’aois.
Is cuimhin liom bheith i mo luí leat sa leaba le do pitseamaí glasa ort agus tú ag damhsa ar mo bholg agus mé chomh sona le rí; ag siúl leat ar scoil ar do chéad lá agus ag briseadh suas do spaigití duit agus mé ag léamh filíochta leat agus thú ar mo ghlúin.
D’inis mé dom féin nach mairfinn gan thú ach níl rud ar bith buan sa saol agus tháinig deireadh leis an mbrionglóid; tháinig mé abhaile faoi dhó le cístí dúinn agus dearmad déanta agam go raibh tú ar shiúl agus bhí orm mo smuga a ghlanadh de na cístí agus mé ag gol.
Bhíomar i mbialann agus bhí tú ag stánadh ar chlann - Daid lena gheansaí buí agus spéaclaí air, agus é faoi strus ar obair, Mam ag ionsaí Big Mac agus ag léamh faoi scannall éigin in iris agus an bheirt pháistí ag argóint faoin anlann dearg.
Chas tú orm agus d’fhiafraigh tú “Cén fáth nach féidir linn bheith mar sin?” agus rith mé go dtí an leithreas ionas nach bhfeicfeá mo dheora.
Téann tú i dtaithí ar gach rud agus tháinig fás agus forbairt ar ár gcaidreamh - thaistil muid timpeall na cruinne agus tú ag coinneáil greim daingean ar mo lámh.
Agus tú sé bliana d’aois d’fhuascail mé i lár maidin gheimhridh agus mo shrón corcra leis an fhuacht - bhí éadaí Barbie ort agus tú ag brionglóideach faoi uachtar reoite agus milseáin – bhí an seomra mar bhosca leac oighir agus chuimil mé do shrón reoite – mhúscail tú agus rug tú greim orm agus dúirt tú “ná bí buartha Daid’ tabharfaidh mise aire duit” agus chuamar ar ais a luí.
Agus tú naoi mbliana d’aois bhuaigh tú do chéad bhonn sa linn snámha gus craobh na hÉireann sa drámaíocht agus mé mar phéacóg le bród.
Ar do dheichiú breithlá thóg mé thú chuig teach Anne Frank agus chonaic muid Van Gogh; d’fhanamar i mbád agus d’ordaigh tú stéig agus sailéad agus d’fhiafraigh tú díom cén fáth a raibh bábóg mhór plaisteach sa chanáil!
Beidh mé ag ithe ológ agus crepes leat Dé Sathairn agus beidh mé i mo sheasamh i siopa ‘Claire’s Accessories’ ar feadh uair a chloig agus tú ag ceannach fáinní.
Téann tú i dtaithí ar an saol agus tá Mamaí uasal agat.
Ach is cuma cé chomh cleachtaithe is atáimid – bíonn deora i mo shúile agus poll beag i mo chroí gach uair a imíonn tú.
Is tú mo chailín álainn!

Foclóir
Sceallóga...chips
Brúite...battered
Dufair...jungle
Ar an drabhlás...on the beer
Scanadh      scan
Miongháire...smile
Smuga...snot
Anlann...sauce
Reoite...frozen
Timpeall na cruinne...around the world


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland