Top Issue 1-2024

14 December 2006 Edition

Resize: A A A Print

Léirmheas suimiúil ar shaol agus tréithe Frank Aiken

LE CATHAL Ó MURCHÚ

Maraon leis an gclár a bhí ar siúl an tseachtain seo caite ar RTÉ faoin bhfaisísteach Eoin O’Duffy, craoladh clár faisneise beathaisnéise eile faoi dhuine stairiúil ó thréimhse Réabhlóid na hÉireann.  Frank Aiken a bhí mar ábhar ar an gclár áirithe seo, duine ar réabhlóideach agus iar-óglach poblachtánach dó.  Ba cheannfort é ar Roinn Thuaidh Óglaigh na hÉireann le linn Chogadh na nDúbhchrónach ó a chuaigh sé isteach mar bhall sna hÓglaigh úd ina chúigiú bliain déag.  Le linn an Chogaidh Chathartha, theastaigh uaidh seasamh neodrach a ghlacadh agus rinne sé gach iarracht réiteach a mholadh idir an dá thaobh.  Ach i ndeireadh thiar thall, chaith sé le haill leis na poblachtánaigh tar éis do na saorstátóirí praiseach a dhéanamh iarracht é a ghabháil.  Tar éis bhás Liam Uí Loingsigh, tháinig Aiken i gceannas ar na hÓglaigh agus d’ordaigh sé dóibh sos comhraic a fhogairt agus armlón a chaith ar leataobh, sa chaoi nach raibh mórán i ndán don bhfeachtas míleata poblachtánach faoin tráth sin.
Maidir leis an gclár é féin, bhí sé go maith sa chaoi gur tugadh léargas maith ar phearsantacht agus ar eachtraí saoil Aiken.  Ach ar an lámh eile, bhí an clár easnamhach ar an gcineál polaitíochta a bhí aige agus na tuairimí a spreag é.  Bhí sé de chumas ag an gclár níos mó a phlé faoi na forsaí sóisialta a bhí ag borradh sa sochaí ag an am, ach níor tharla sé seo.  Maraon leis an gclár a chraoladh faoi Ó’Duffy, bhí sé dírithe níos mó ar chúinsí pearsanta an ábhair áirithe.
Thug an clár an iomarca airde ar na heachtraí a tharla in Alt na Béithe agus nár tugadh an aird chéanna ar an bhfeachtas foréigeanach a bhí ciníoch seicteach freisin i gcoinne náisiúntóirí agus caitlicigh ó dhá bhliain roimhe sin a bhí ar siúl ag na haontachtóirí.
Rinneadh scagadh proifisiúnta ar Aiken sa chlár agus léirigh sé gurb eiseann ar cheann de na poblachtánaigh a mhol dul i dtreo na polaitíochta tar éis tubaiste an Chogaidh Chathartha.  Chuaigh sé i gcomharba le hÉamonn de Valera, le poblachtánaigh eile agus bhunaigh siad gluaiseacht nua darbh ainm Fianna Fáil.  B’fhiú a chuimhniú ag an tráth úd sin go raibh dlúthcheangal idir Fianna Fáil agus Óglaigh na hÉireann agus gur léirigh an clár an méid sin.  Leirigh an clár úd, tar éis bua Fhianna Fáil san Olltoghchán i 1932, bhí an-amhras ann go raibh na saorstátóirí – iar-rialtas Chumann na nGaedheal, Arm an tSaorstáit agus na Gardaí Síochána - sásta glacadh leis an toradh daonlathach agus go raibh siad ag bagairt gabháil cumhachta mídhleathach.  Mhol Aiken do theachtaí Fhianna Fáil a bheith armtha ar eagla na heagla go gcuirfeadh na saorstátóirí isteach ar an modh daonlathach nuair a shiúl siad isteach i dTeach Laighin.  B’fhiú a chuimhniú go mór gur bhrath Fianna Fail ar na hÓglaigh chun seasamh i gcoinne faisístigh na Léinte Gorma agus na forsaí frithghníomhacha eile.
Ach ní raibh sé fada nuair a chas Fianna Fáil agus Frank Aiken i gcoinne na hÓglaigh, an dream céanna nach mbeadh Fianna Fáil in ann teacht i gcumhacht gan iad.  Le linn an Dara Chogadh Domhanda, mhol Aiken lámh láidir a úsaid i gcoinne na poblachtánaigh nuair a chuireadh cuid mhaith acu chun báis.  Nuair a shuigh sé in Ard Chomhairle na Náisiún Aontaithe, ghlac sé seasamh neodrach agus frithimpiriúlach le linn dó a bheith i mbun polasaí eachtranaigh.  Nuair a d’éag sé i 1983, cuireadh sa chré é ina dtalamh dúchais i gCamloch i nDeisceart Ard Mhacha.

Foclóir
ceannfort...commander
Dúbhchrónaigh...Black and Tans
saorstátóirí...Free Staters
easnamhach...lacking
feachtas foréigeanach...violent campaign
dlúthcheangal...inextricable link
forsaí frithghníomhacha...reactionary forces
frithimpiriúlach...anti-imperialist



An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland