Top Issue 1-2024

7 December 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

'FUISEOG SA GHILE...'

 

Maidin ghruama le scamaill dhubha sa spéir agus bhí orainn éirí ag cúig a chlog ar maidin agus tiomáint inár jíp le teas agus cappuccino thar bhóithre na banríona go

Béal Feirste - caithfidh go raibh na fir bhuí ina gcodladh!

Tá sé cúig bliana déag ó thug mé cuairt ar chara sa Cheis Fhada agus mé den tuairim gur James Bond mé le mo litir scríofa ar 'Rizzla's' i  mbarr mo bhéil - is beag duine ag an am a cheap go mbeidh Poblachtánaigh ag tabhairt cuairte ar phríosún folamh meirgeach agus páistí leo ag déanamh gáire faoin áit.

"Níor thaitin na faoileáin liom riamh - ní sóisialaigh iad" a deir Jake agus é ag treorú slua ag fulaingt le poit agus ag éisteacht go géar le hachan fhocal; "bhí nós againn sna hochtóidí greim a fháil ar na faoileáin agus dath glas agus oráiste a pheinteáil ar a sciatháin" ionas go gcuideoidh siad leis an chúis ar an taobh amuigh agus iontas a chur ar na dílseoirí lasmuigh.

Is ait an tsuim a bhíonn ag an ghnáthphobail i saol na gcimí - ba é Shawshank Redemption ceann de na scannáin is cáiliúla riamh agus tugann na mílte turasóir cuairt ar Alcatraz achan bhliain.

Bhí sceitimíní orm i 1980 ag glacadh páirte i mórshiúl ar son na stailceoirí ocrais agus mé i mo pháiste gan tuiscint cheart ar cé chomh dáiríre is a bhí cúrsaí - cheannaigh m'athair suaitheantas le 'Swap Thatcher' air ach bhí mé ar buile leis nuair a bhí orainn mairseáil leis na Gaeilgeoirí agus iadsan an t-aon dream nach raibh ag scairteadh "Maggie Thatcher go to Hell". Bhí na mílte lasmuigh de Theach Laighean agus an t-aos óg ag scairteadh  "Gerry Fitt is a Brit" agus thug Neil Blaney óráid lán d'fhearg agus móthúcháin, cé go ndeirtear gur sin an t-aon rud a rinne sé sna hochtóidí.

Bhí amhráin 'Blondie' ar barr na gcairteacha agus Seán Mac Cionnaith ar leaba an bháis.

Bhí oifig an ghobharnóra ag titim as a chéile agus na geataí tréigthe le fada ag striapaigh an Stáit - is iontach an rud é go bhfuil siad i mbosca bruscair na staire in éineacht leis an UDR, Thatcher agus Don Conannon agus a chloigeann "lán le thrupenny bits".

Chuir sé ionadh orm cé chomh liath a bhí an príosún agus an méid geataí a bhí ann.

Chonaic mé na seanchillíní agus na campaí géibhinn inar chuir Stalin na mílte in Oirthear na hEorpa ach ní féidir leat iad a chur i gcomparáid leis na bloic  agus an bealach a rinne Rialtas Shasana iarracht spiorad na bPoblachtánach a bhriseadh ag an am sin.

Chonaiceamar na scáthláin agus na boird sa seomra leithris, áit ar céasadh na cimí agus na cillíní inar cuireadh daoine a bhí ag fulaingt le meabhairghalar.

Cé gur thuig mé an stair a bhí san áit agus an fhulaingt a chuaigh siad tríd bhí mé ag smaoineamh níos mó faoi " éirí na gealaí" ar labhair Bobby Sands faoi agus é ar stailc ocrais.

Is léir gur thosaigh athbheochan na Gaeilge sa Tuaisceart i gceart sna bloic - chuir fuinneamh na n-iarchimí tús le han-chuid Gaelscoileanna, ta Poblachtániagh páirteach in go leor scoileanna timpeall na tíre agus glúin nua ag fás aníos le Gailge líofa.

Thainig méadú mór ar líon ball Chumann Lúthchleas Gael sa Tuaisceart agus is léir gur tháinig bua Ard Mhacha, Thír Eoghian srl as féinmhuinín agus athbheochan chultúrtha sna Sé Chontae a thosaigh sna príosúin.

D'aithin an domhan go raibh streachailt dhlisteanach (cheart) ag Poblachtánaigh, sa dóigh chéanna a ndeachaigh bás cheannairí 1916 i bhfeidhm ar dhaoine, agus nach raibh   'Croppy' sásta luí síos. Tá sampla de seo le feiceáil sa bhealach a cuireadh deireadh le formhór siúlóidí na bhFear Buí trí cheantair Náisiúnacha.

D'fhás Sinn Féin as na bloic agus tá tionchar an-láidir againn ar treoir na tíre ó shin.

"S'é ar ndíoltas ná gáire ar bpaistí . . ."

Beidh taispeántas grianghrafanna den Cheis Fhada á sheoladh Déardaoin 14 Mí na Nollag i gclubtheach CLG Gortnamona i mBéal Feirste. Bígí Linn.

 

Foclóir

  • Fuiseog sa ghil e    'lark in the clear air'
  • Fir Bhuí  Orangemen
  • Faoileán  seagull
  • Suaitheantas   badge
  • An t-aos óg   young people
  • Campaí géibhinn  concentration camps
  • Céasadh   torture
  • Fulaingt  suffering
  • Athbheochan    revival
  • Streachailt dhlistineach   legitimate struggle

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland