Top Issue 1-2024

7 December 2006 Edition

Resize: A A A Print

Léirmheas ar na Léinte Gorma

Eoin O'Duffy

Eoin O'Duffy

LE CATHAL Ó MURCHÚ

 

Ar Oíche Máirt seo caite, chraolaigh RTÉ clár faisnéise beathaisnéise faoi Eoin O'Duffy - duine ar cheannaire faisísteach na Léite Gorma agus ar bhunaitheoir Fhine Gael dó.  Bhí sé suimiúil i gcónaí le feiceáil cén chineál casadh ar an scéal a raibh RTÉ chun chur ar an bpearsanta conspóideach a bhí in O'Duffy.  Agus níl aon amhras ach go bhfuil dream an tSaorstáit míchompordach leis an stair a ghabhann le hEoin O'Duffy.  B'fhiú a chuimhniú go raibh an deacracht le fada an lá ag lucht cumhachta agus léinn oifigiúla na tíre glacadh go hoifigiúil gur faisísteach a bhí in Eoin O'Duffy.

Ag caint ar an gclár é féin, léirigh sé gur faisísteach tiomanta a bhí in Eoin O'Duffy cé go ndearna an clár úd iarracht snas a chur ar seo sa chaoi gur luadh gurbh eiseann a bhunaigh fórsa neamharmtha na nGardaí Síochana.   Ach níor lua an clár go raibh na bleachtairí céanna a bhí ceangailte leis na Gardaí armtha ar tugadh an CID orthu agus níorbh annamh dóibh dúnmharú a dhéanamh ar phoblachtánaigh.  B'an-mhinic dóibh brúidiúlacht a imirt ar phoblachtánaigh chomh maith.   Ag caint ar na tuairimí a spreag O'Duffy, tháinig sé go mór faoi thionchar na faisísteach sna ficheadaí nuair a tháinig leitheidí Mussollini i gcumhacht san Iodáil, Salazar sa Phortaingéil, Primo de Riviera sa Spáinn agus mar sin de.  D'fhás gráin ollmhór in O'Duffy le linn an Chogaidh Chathartha do na poblachtánaigh agus b'inn an príomhchúis ar chas sé i dtreo an faisísteachais sa tréimhse úd, dar leis an gclár.

Dhírigh an clár níos mó isteach ar chuinsí pearsanta O'Duffy seachas ar na forsaí sóisialta a bhí ag borradh sa sochaí ag an am, agus na forsaí aicmeacha a bhí ag tabhairt faoine chéile go lom in Éirinn agus ar fud na hEorpa sa tréimhse sin.  Is dócha gurb é seo an laigeacht is mó a bhain leis an gclár sa chaoi nár dhírigh siad ar na forsaí aicmeacha a bhí ag tacú leis an bhfaisísteachas.  In Éirinn - ná sna Sé Chontrae is fiche - na forsaí sóisialta ar thacaigh leis na Léinte Gorma ná na feirmeoirí móra, sealbhóirí gnóthais, an meánaicme agus lucht maoine i gcoitinne.  An rud ar chur as go mór dóibh ná teacht i gcumhacht Fhianna Fáil in Olltoghchán 1932 agus an Cogadh Eacnaimiúil a bhí an Rialtas úd lánsásta chun dul i gcoinne na Breatanaigh.

Níor dhírigh an clár ar an bplé a bhí ar siúl i gCumann na nGaedheal ag an am idir lucht O'Duffy ar theastaigh uathu dímheas a dhéanamh ar thoil an phobail toisc tacú dóibh le Fianna Fáil, agus cumhacht a ghlacadh le lámh láidir.  Is beag go raibh an lámh in uachtar ag O'Duffy agus thacaigh dream mór leis.  Chuaigh sé ar aghaidh chun gluaiseacht nua a bhunú leis na feirmeoirí móra agus na frithghnímheoirí eile agus tugadh Fine Gael ar an eite polaitiúil de.  An eite mhíleata a bhí ann ar ndóigh ná na Léinte Gorma.

B'fhiú a chuimniú go n-eascraíonn cuid mhaith den lucht cumhachta sa tír seo ó na faisístigh céanna seo aguis nár imigh siad!

Clár proifisiúnta cumasach a bhí ann a bhí gp maith ar phearsantacht O'Duffy ach freisin ar na cuinsí sóisialta ar ghabh leis an bhfaisísteachas sa tréimhse úd.

 

Foclóir

  • clár faisnéise beathaisnéise  biographical documentary
  • faisísteach    fascist
  • bleachtairí    detectives
  • dúnmharú  murder
  • brúidiúlacht   brutality
  • cuinsí pearsanta  personality concerns
  • sealbhóirí gnóthais  business owners
  • An Cogadh Eacnaimiúil    the Economic War
  • frithghnímheoirí    reactionaries
  • eite mhíleata  military wing

 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland