Top Issue 1-2024

6 February 1997 Edition

Resize: A A A Print

Raic na ragoibre

LE EOGHAN MacCORMAIC

B'é sin ceann de thréithe na Románach, bhíodh abairt nó mána acu don uile ocáid. Chásfadh beirt le chéile agus bheadh leathchómhrá acu, nó eadarthu, a bhraith ar nathanna cliste cainte.

Agus cé go bhfuair a dteanga-san bás, ní hé gur dhaoine dúra iad ar chor ar bith. Bhí grinn i gcuid de na nathanna cainte a bhí acu, nathanna a mhaireann fiú go dtí an lá atá inniu ann.

Agus chuimhnigh mé ar cheann acu seo ar maidin nuair a chuala mé bluirín ar an nuacht faoi phá na mbardach príosúin. Seo na leaids go deimhin - mar a deirfeadh mo sheanchara Julius quis custodiet ipsos custodes. An féidir leat braith ar bhardach?

Bhuel, tá a fhios againn cad a scríobh Bobby Sands faoi bhardaigh, nach bhfuil ach aon chréatúr sa domhan seo níos ísle ná bardach agus `sé sin rialtóir na mbardach. Níl mórán meas ag daoine ar an léithéid de shlí bheatha, agus cé go n-admhaítear go gcaithfidh duine éigin an diabhal post a dhéanamh, ní fheicimse scuaine daoine ag fanacht ag geataí Mhoinseoighe ar fhostaíocht i Séirbhís na bPríosún. Ach b'fhéidir go n-athróidh an staid sin nuair a scaiptear an scéal is déanaí faoin `séirbhís'.

Scaoil an rialtas figiúirí an tseachtain seo ar thuarastáil na mbardach don bhliain seo chuaigh thart, agus tcítear anois gur thóg gach bardach sa stát, ar an mheán, £7 500, abhaile leis nó lei, ar uaireanta ragoibre. £7 500 an duine. Nice work if you can get it.

Bhuel, ní abróchainn `nice work' ach bí cinnte go n-abróchainn nice pá. Pá an-deas, gan amhras. Agus go mór mór nuair a cuirtear i gcuimhne dúinn caidé mar a oibríonn córas flaithiúil seo na ragoibre.

Deirtear sa tuairisc ina raibh na figiúirí foilsithe go mbíonn, ar a laghad, 90 bardach ag déanamh `ragoibre' chuile lá i bPríosún Moinseoighe, mar shampla. Agus dá bhrí sin is féidir linn samhlú go mbíonn figiúirí comparáideacha do na carcair eile sa stait.

Anois tá daoine ann a léifeadh, sa scéal seo, go bhfuil géarghá ann do bhreis bardach a fhostú, go bhfuil na bardaigh bhochta atá ann faoi láthair faoi bhrú oibre agus iad ar ragobair leanúnach chun an sochaí seo a chumhdú ó na daoine atá faoi ghlas acu. Saghas líne tanaí gorm a choinníonn na bad guys faoi ghlas. Líne tanaí, mar dheá. Líne ramhar níos doichí, nó líne le sparáin raimhre agus áitaithe ag pá na ragoibre. Agus ní go scrúdaitear an córas ragoibre féin a tuigtear nach fadhb postanna atá taobh thiar den mhéad pá ragoibre a íoctar, ach fadhb meon na mbardach a `thuilleann' an pá céanna.

Deirtear go mbíonn 90 bardach ag déanamh ragoibre chuile lá i gCarcair Moinseoighe, agus tuairiscítear, chomh maith, go mbíonn slua mór bardach `ar chead thinneas' gach lá sa daingean céanna. Déanta na fírinne, as an £18 milliún ar íocadh amach ar phá ragoibre anuraidh, tugadh breis agus £7 milliún den tsuim sin ar chostaisí a bhain le bardaigh a thabhairt isteach le bearnaí a líonadh nuair a bhí a chomhleacaithe amach ar chead tinneas. He stepped out and I stepped in again. Seachtain ina dhiaidh seachtaine, bardach isteach, bardach amach. Quid pro quo. Go leor quids pro quo, leoga. Agus méadaíonn an pá ragoibre de réir a chéile. Crime pays.

Mar a deirfeadh na Románaigh, agus ciall acu: quis custodiet ipsos custodes.


Achomarc do Damien Sullivan



Beidh an achomharc i gcás Damien `Dee' Sullivan as siúl san Ard Chúirt i mBeal Feirste ar an Luain seo chugainn 10 Feabhra. Tá téarma saoil á dhéanamh ag Sullivan agus Thomas Fox tar éis gur ciontíodh iad do mharú iar-saighdiúr RIR i lár Bhéal Feirste i mBealtaine 1994.

Ciontaíodh Sullivan ar fianaise fístéip amháin. Dúirt duine de na finnéithe ag an triail, an tOllamh Vanezis, a bhí ann mar eolaí dona cúisitheoirí, nach raibh sé in ann Sullivan a aithint ón bhfístéip. Níorbh fhéidir le roinnt de na fhinéithe RUC é a aithint ach oiread.

D'ainneoin sin aontaigh an Breitheamh Brian Hutton leis an RUC gur Sullivan a bhí ann agus fuair sé téarma saoil. Tá Thomas Fox ag troid achomharc chomh maith.

Tá feachtas faoi bhun ar an gcás seo agus bhí agóid acu ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste ar an 25 Eanáir agus ag Stormont ar an 27ú Eanáir.

Tuilleadh eolais ó Bhéal Feirste 624167.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland