Top Issue 1-2024

23 November 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cogadh acmhainne réidh le pléascadh

LE CATHAL Ó MURCHÚ

Tá sé fógartha ag Shell chun Sáile go bhfuil a n-agóid siúd don Aoine seo chugainn curtha ar ceal. Chuir siad an fógra amach mar gheall go raibh siad buartha go raibh sé ar intinn ag na Gardaí brúidiúlacht a imirt ar na hagóidithe agus go raibh contúirt mhór i ndán do shábháilteacht na n-agóidithe, cuid mhaith acu ag teacht ó cheann ceann na tíre. Gan amhras, an bunús a bhí ag Shell chun Sáile an cinneadh sin a thógáil an dualgas a bhrathann siad i dtaobh ghnáthdhaoine agus tacaithe lena bhfeachtas. Ag tabhairt san áireamh an bhrúidiúlacht a d'imir na Gardaí ar na hagóidithe coicís ó shin, bhí cúis mhaith acu le bheith buartha faoi shábháilteacht an phobail.

Ag féachaint ar an scéal mór, tá cogadh anois ag borradh idir na hagóidithe dúchasacha agus na leasa corparáideacha trasnáisiúnta agus tá gach uile sheans ann go rachaidh an cogadh i méid fós. Tá sé beartaithe ag Shell píoblíne a thiomáint trí cheantar cónaithe cé go bhfuil sé an-soiléir nach bhfuil an pobal áitiúil i bhfách leis an mbeart seo. Ach dóibh siúd atá cleachtaithe le nósanna Shell, ní haon chúis ionaidh é an cur chuige sotalach agus tromlámhach ag Shell ar an gceist seo. Tá cuimhne ag a lán leis an lámh a bhí ag Shell sa scéal le Ken Sara Wiwe a chur chun báis sa bhliain 1995.

Tá an-chleachtadh ag muintir na tíre seo ag tabhairt faoi leasa cumhachtacha ar nós na dtiarnaí talún, saighdiúirí eachtrannacha, rialaitheoirí tromlámhacha, agus roinnt eile agus is léir nár thuig comhlacht sotalach ar nór Shell na daoine dúchasacha a bheadh orthu déileáil leo. Is léir go raibh ionadh ar leithéid Andrew Pyle an cur i gcoinne a d'eascair ón bpobal áitiúil faoin togra seo agus ní raibh siad ag súil leis an bhfeachtas mór ar fud na tíre chun Cúigear Ros Dumhach a scaoileadh amach as an bpríosún. Tá Statoil, comhlacht stáit ón Iorua, mar pháirtnéirí sa togra seo agus tá a lán amhrais ann sa tír sin faoin mbaint leis an togra úd. Tá ceisteanna eile ann, ar ndóigh, faoi conas a tháinig Shell i bhfeighil ar an togra seo ar an gcéad dul síos agus na cinní rialtais a d'éascaigh dóibh teacht isteach.

Tá iarmhairtí idirnáisiúnta agus trasnáisiúnta ag gabháil leis an gcoimhlint seo sa chaoi go mbaineann an cheist leis an gcoimhlint bhunúsach idir pobail dhúchasacha ar fud na Cruinne agus na leasa corparáideacha cumhachtacha. Go bunúsach is coimhlint idir an daonlathas agus an corparáideachas: an choimhlint cheannan chéanna idir sóisialachas agus caipitleachas. Tá leasa corparáideacha cumhachtacha ar nós Shell tiománta go mór seilbh a ghlacadh ar acmhainní an Domhain. Tá siad lánsásta foréigean, brúidiúlacht, caimiléireacht agus beagnach gach dubhbheart eile a imirt chun glacadh ar na hacmhainní seo agus fáil réidh le haon fhreasúra ina gcoinne. Chonacthas seo cheana ina gcur chuige sa Nigéir agus roinnt tíortha eile, chomh maith leis atá ar siúl acu i Ros Dumhach.

Is óna leasa corparáideacha caipitleacha a d'eascair an faisisteachas sna 1930í agus bheadh na leasa céanna seo lánsásta an córas cineál céanna suarach a athbhunú dá gcinneodh siad go mbeadh a leithéid de dhíth. Agus, gan amhras, bheadh a dtacaithe sna Gardaí lánsásta a seirbhísí a chur ar fáil dóibh.

Foclóir

  • cogadh acmhainne resource war
  • brúidiúlacht brutality
  • leasa corparáideacha corporate interests
  • tromlámhach heavy-handed
  • sotalach arrogant
  • faisisteachas fascism

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland