Top Issue 1-2024

16 November 2006 Edition

Resize: A A A Print

Nua-impiriúlachas na bréagphoblachta

LE 
CATHAL Ó MURCHÚ

 

Tá sé soiléir ar feadh ar a laghad fiche bliain go raibh sé ar intinn ag an lucht cumhachta sa Bhréagphoblacht (na 26 Chontae) dul i dtreo mar thacadóirí an nua-impiriúlachais.  In ainneoin an tír seo in aimn is a bheith neodrach, feictear go lom conas a chaitheann an rialtas - agus na rialtais eile a chuaigh roimhe - leis an sprioc seo, sa chaoi go ligtear do mhíleatacht na Stát Aontaithe Aerfort na Sionainne a úsáid mar a bheadh iomprán eitilte ann.  Ní aon amhras ann ach gur láthair thar a bheith straitéiseach agus lárnach é Sionna do chuspóirí míleata na Stát Aontaithe, go háirithe leis an gcogadh atá ar siúl acu san Iaráic, chomh maith le láthair gluaiseachta dá ngeibheannaigh mhíleata agus pholaitiúil ar shlí go Guantanamo.

Caithfear a thuiscint go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha go mór gabháil leis an bpolasaí seo.  Tráth úd, bhí cliú agus cáil ar Éirinn ar fud na Cruinne mar thír fhrith-impiriúlach a bhí tuiscint aici ar streachailtí ar son na saoirse i gcoinne cóilíneachais agus impiriúlachais.   Is léir gur eascair an tuairim sin mar nár tuigeadh cén chineál lucht cumhachta a tháinig i gcumhacht sna 26 Chontae.  Cé gur thacaigh an lucht cumhachta seo go foirfe le neoodracht le linn an Dara Chogadh Domhanda, de réir a chéile chonacthas ar an neodracht mar bhac don fhorbairt eacnamúil.

Thrasnaigh an stát úd sruthán an Rubicon nuair a chuaigh siad isteach mar bhall den Comhphobal Eorpach mar a bhí ann ag an am.  Ón am sin ar aghaidh bhí níos mó brú ag teacht ar an tír seo comhréitiú leis an gcur chuige impiriúlach agus caipitleach chun glacadh le córas eacnamaíoch nua-liobarálach agus chun dul i dtreo polasaí eachtranach agus míleata comónta Eorpach.  Ní bheadh glacadh le neodracht go fíreannach sa chomhthéacs nua seo, díreach mar nach mbeadh glacadh le fíorphoblacht sóisialach mar a mhaígh réabhlóidithe ar nós an Conghaileach, an Piarsach, Mícheál Mac Dáibhéid, Constans Markievicz, Peadar Ó Dónaill, Liam Mac Giolla Íosa agus roinnt eile.

Is léir go bhfuil lucht cumhachta na Bréagphoblachta tiomnaithe leis an neodracht a scoir ar mhaithe leo suí le agus gluaiseacht i measc an chiorcail chumhachta i gcroílár na hEorpa nó i measc an chiorcail chumhachta na Meiriceánach - is cuma cén tábla a shuíonn siad ann ach amháin más féidir leo grabhrógaí a bhaint ón tábla cumhachta agus iad thar bheith buíoch de.   Leis an neodracht a scoir go hiomlán, cuirfidh siad os comhair an phobail 'rogha', mar dhea!  Is é sin le rá glacadh leis an saibhreas, an airgead agus an suíomh pribhléidithe sa gheilleagar domhanda atá bainte amach ag an Tíogar Ceilteach nó é sin go léir chur i mbaol agus cloí go docht leis an neodrachas.  Is bréag le rá go dtitfidh geilleagar na tíre seo as a chéile má chloítear le neodrachas mar ba cheart.   Ach tá fírinne i gceist atá os comhair an phobail - an rogha céanna a bhí os comahir an phobail le breis is dhá chéad bliain.

An rogha atá ann ná  - poblacht nó impireacht.

Focloir

nua-impiriúlachas...neo-imperialism

bréagphoblacht...pseodo-republic

míleatacht...military

iarmhairtí tromchúiseacha...far-reaching consequences

streachailtí...struggles

fíorphoblacht sóisialach... true socialist republic

comhréitiú...to compromise

grabhrógaí...crumbs (off the table)

suíomh pribhléidithe...privileged position

gheilleagar domhand...world economy

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland