9 November 2006 Edition

Resize: A A A Print

Oireachtas na Gaeilge i nDoire

Éamon Ó Cuív, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus an scríbhneoir Brian Friel ag bronnadh duais Ghradam Uí Shúilleabháin do leabhar na bliana do dhaoine óga ar Cholm&aa

Ceiliúradh ceoil, damhsa agus caint

Meastar gur thug lucht na Gaeilge breis agus £3 milliún isteach go geilleagar Dhoire thar trí nó ceithre lá an tseachtain seo chaite nuair a shroich Oireachtas na Gaeilge an chathair don chéad uair riamh ina shaol. Ón mhéad a chonaic mé ag tarlúint agus na sluaite Gaeil ag ól agus ag ithe, in ostáin, B&B, málaí codlata agus málaí nár chodail duine iontu riamh ann, déarfainn gur meastachán rí-choimeadach a bhí ann. B'fhada lucht Ghaeilge na cathrach ag fanacht ar an lá seo agus rinne siad cinnte go raibh clár leathan, cuimsithe agus lán d'imeachtaí éagsúla nach bhfágfadh duine ar bith as an lúb.

Mhínigh Risteard Mac Gabhann, Uachtarán an Oireachtas i mbliana cuspóir agus aidhm an imeachta mhóir Ghaelaigh seo mar a leanas: 'Go luath ina shaol bhunaigh Conradh na Gaeilge an tOireachtas... cé gurb ionann misean don dá thionscadal ní hionann an cur chuige. Is ar an ceiliúradh is mó atá cur chuige an Oireachtais bunaithe'. Bhuel má's é sin an cur chuige, d'éirigh leis nó bhí ceiliúradh ceoil, damhsa agus caint ann ó thús go deireadh. Bheadh fuinneamh agus buanna an dé- agus trí-lonnaithe de dhíth dá mbeadh duine ag iarraidh gach imeacht a fheiceáil ach rinne mé iarracht cuid den bhlas a thabhairt liom le cuairt ar an damhsa, agus amhránaíocht, gan tracht ar cupla uair a chloig a chaitheadh sna trithí gaire ag an agallamh beirte oíche Aoine. Dála an scéal bhí gnáthcholúnaí Gaeilge Seán Ó Donaile agus a chombhadóir Jake Mac Seacais ar an ardán, tras-ghléasta mar Biddy Early agus Biddy Mulligan ag déanamh comparáide idir saol na tuaithe agus saol na cathrach. Níor thóg siad trófaí leo ach cuideoidh an taithí leo don chéad bhliain eile.

Mar fringe, nó imeall-imeacht ar an taobh cultúrtha bhí réimse cruinnithe polaitiúla ar súil. Bhí cruinnithe poiblí eagraithe ag Conradh an Gaeilge faoi Oideachas Gaeltachta agus iarGhaeltachta; seiminéar ag Pobal faoin Acht Gaeilge (agus is fiú do Ghaeil ar fud na tíre a dtacaíocht a thabhairt don fheachtas seo a chinntiú nach Acht lag mí-éifeachtach a chruthaíonn na státseirbhísí nuair a foilítear an dreacht).

Bhí boladh na réabhlóide ann comh maith le cruinniú faoin fheachtas Shell Chun Sáile a eagraíodh díreach roimh seoladh DVD ag Acadamh na hOllscoile Gaillimh faoi shaol agus shaothar Mháirtín Uí Chadhain - a raibh baint aige féin le hagóidí sa cheanntar céanna i dTuaisceart Mhaigh Eo timpeall caoga bliain ó shin.

Mar gheall ar chúrsaí ama agus imeachtaí eile chaill mé amach ar chuid mhaith imeachtaí tábhachtacha; mar shampla maidín Shathairn seoladh leabhar nua do pháistí D'éirigh mé ar maidin, beathaisnéis Roibeaird Uí Sheachnasaigh . Coiscéim a d'fhoilsigh an leabhar, aistriúchán de leabhar le Laurence McKeown le léaráidí le Dixie Elliot, Doireannach a chaith tréimhse sa chillín céanna le Bobby. Nach tráthúil é gurb ag an Oireachtas a seoladh an leabhar nuair a chuimhnítear ar an dílseacht agus an cion a léirigh Bobby i gcónaí don teanga.

Tá ardmholadh ag dul don choiste áitiúil faoi stiúr Cathaoirleach Ghearóid Uí hEara agus Pól Ó Frighil (Rúnaí) gan tracht ar bhaill eile comh maith. Ach má tá, tá a thuilleadh buíochas ag dul do mhuintir na cathrach, na siopaí agus bialanna, tiománaithe tacsaí a d'aithin gurbh imeacht Gaeilge a bhí ann agus a d'fhreastal ar sin comh fhada agus arbh fhéidir leo.

Bhí seanchara eile An Phoblacht, Marcas Mac Ruairí, ag stopadh in ostán an Everglades ach ós rud é go raibh sé ag taistil go mall san oíche, d'iarr sé ar a bheanchéile glaoch a chur ar an ostán ag rá go mbeadh sé déanach. Tamall ina dhiaidh sin, chuir a bhean glaoch ar ais air. 'An bhfuil aithe acu (san ostán) ort? arsa sí. 'Ní dóigh liom é' arsa Marcas, 'Cá thuige?' 'Labhair an fáilteoir liom as Ghaeilge' arsa sí, 'agus tá sin go hiontach ach níl Gaeilge ar bith agam!'

Caithfidh sí beart a dhéanamh faoi sin sula bpilleann an tOireachtas go Doire, nó pillfidh sé a luath nó a mhall. Is fada foighneach mhuintir Dhoire ag fanacht, tá an blas faighte acu anois agus ní bheidh siad comh fhoighneach amach anseo!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland