Top Issue 1-2024

26 October 2006 Edition

Resize: A A A Print

Téad an Tachtaire ag Teannú

LE 
CATHAL Ó MURCHÚ

Le linn dom páirt a ghlacadh i dturas de bhuíon Éireannch a thug cuairt ar an mBruach Thiar sa Phalaistín, is léir go bhfuil an scéal ag dul in olcas do mhuintir na Palaistíne leis an gcos ar bolg a imríonn Stát Iosrael orthu. Tá saol sóisialta, polaitiúil agus eacnamúil na bPalaistíneach á dtachtú ag na hIosraelaigh de réir a chéile le go mbeidh siad in ann a n-aisling Síónach a chur i gcrích. Aisling na Síónach is ea tromluí na bPalaistíneach ar ndóigh!

Chuaigh buíon Éireannach againne - 27 ina hiomláine - chun na Palaistíne coicís ó shín chun eolas agus faisnéis a bhailiú faoi chursaí sa Bhruach Thiar ach go háirithe agus muid bunaithe i mBeithil (Bethlehem). An fhianaise ba shoiléire dúinn faoi chos ar bolg Iosrael ná an Balla Mór atá á thógáil sa Bhruach Thiar timpeall fhormhór phobal na Palaistíne. Tá Baile Bheithil é féin timpeallaithe ag an mBalla seo mar a bheadh príosún oscailte ann agus tá a lán pobal eile ar nós Ramallah, Nablus, Jericho, Hebron agus roinnt eile ar an gcaoi céanna.

Tá gluaiseachtaí daoine agus earraí na bPalaistíneach go hiomlán faoi smacht Iosrael sa chaoi go bhfuil ionaid seiceála lonnaithe acu ar na bealaí cumarsáide go léir a rialaíonn gluaiseacht agus cumarsáid an phobail ansin. Caitear go dona leis an bpobal ag na hionaid seiceála seo sa chaoi go coimeádtar iad ag fanacht ar feadh na n-uaireanta an chloig - in ainneoin dóibh dul ag obair, dul le haghaidh othair nó ag breith clainne fiú - agus an bhrúidiúlacht rialta agus chórasach a imrítear ina gcoinne.

Chonaiceamar roinnt samplaí den bhrúidiúlacht chórasach seo ag Ionad Seiceála Bhaile Beithil sa chaoi go gcaitheann siad buamaí torainn agus gás deora chomh maith leis na bataí buille a úsáideann siad le gliondar ar dhaoine - is cuma aois nó inscne. Cé nach bhfacamar é an babhta seo, is minic dóibh urchair bheo a scaoileadh nó gránáidí a chaitheamh le sluaite, idir pháistí agus aosta.

Ní ceadaítear don Údarás Palaistíneach a dteorainneacha seachtracha nó a soláthar uisce féin a reachtáil. Ciallaíonn sé sin nach féidir aon teagmháil a bheith acu leis an domhan mór ach amháin trí Iosrael. Mar shampla, níl smacht ag an Údarás ar a n-aerspás féin agus tá cósta Gása dúnta istigh le balla fomhara míle ón gcósta! Cé go maireann 2.5 milliúin Palaistíneach agus leathmhilliúin lonnaitheoirí Iosraelacha sa Bhruach Thiar, úsáideann na lonnaitheoirí 80% den uisce agus is minic dóibh cuid mhaith a chaitheamh amú d'aon ghnó ionas go mbeidh an chuid is lú fágtha do na Palaistínigh.

Stát ciníoch, coilíneach, seicteach, leatromach, tíoránta is ea Iosrael agus is léir gur fhoghlaim siad go maith óna seanmháistrí Naitsíocha. Is beag difear suntasach idir Ghetto Varsá na Polainne sna 1940í agus Ghetto an Bhruaigh Thiar agus Gháza sa lá atá inniu ann. Is é an córas ceannan céanna é. Is stát cinedheighilte é Iosrael freisin sa chaoi go bhfuil an cineál córais seo níos forbartha ná mar a bhí ag an mhuintir Afracánach. Is minic do lucht an ANC a rá go bhfuil an córas seo ag Iosrael níos measa ná mar a d'fhulaing siad féin agus 'high-tech apartheid' a ghlaonn siad air.

Is leis an bhfórdheontas mór mílteach a fhaigheann Stát Iosrael ó na Stáit Aontaithe a thógtar an 'High-tech Apartheid' seo.

Focloir

tachtaire...strangler

ionaid seiceála...checkpoints

brúidiúlacht...brutality

buamaí torainn...sound bombs

urchair bheo...live rounds

gránáidí...grenades

lonnaitheoirí...settlers

Ghetto Varsá...Warsaw Ghetto

leatromach...oppressive

fórdheontas...subsidy


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland