Top Issue 1-2024

26 October 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Ar Muin na Muice

Tharla a lán rudaí iontacha i mo shaol le déanaí.

Tá má ag glacadh leis na deiseanna nua 's iontacha i mo dhomhan.

Tá mé ag dul leis an bomaite.

Tá mo shaol lán le grá, go háirithe in Copperface Jacks gach Aoine.

Tá clann is cairde iontach agam.

Rith mé sé mhíle anocht laistigh de 48 bomaite - sin míle gach 8 bomaite, don chéad uair i gcceathair bhliain.

Tá mé ag athrú bríste go dtí 34"- caithfidh me cuairt a thabhairt ar Michael Guiney's nó Bowsie Casey's.

Tá Kevin Myers ag scríobh don Indo'.

Níór chas mé ach le triúr bomán inniu.

Níor chaill mo chlub ach le ceathair chúilín i gCraobh an Chontae Dé Domhnaigh.

Bhuail an fhoireann peile scoile arís.

Tá Nelson Mandela saor.

Tá Féilim Ó hAdhmaill ag seasamh an fhóid in aghaidh na heite deise i gCorcaigh.

Níor bhuail mé le haon duine ó na PD's le déanaí.

Ní raibh orm Cabernet Sauvignon a ól le déanaí.

Ní fhaca mé an Late Late Show le sé mhí agus níl aon charbhat agam.

Níor thit me i ngrá le mo 'shrink' inné.

Tá go leor aislingí agam.

Tá sé tuillte agam agus tiocfaidh siad agus ár lá.

Chonaic mé pictiúr de John Brutal sa Dáil inne.

Tá deireadh le FAIT agus New Consensus.

Chas mé le Larry O'Toole aréir.

Tá Bohs ag fáil 65 milliún euro i gcóir Dalymount agus beidh Zidane ag imirt leo go luath.

Tá Shamrock Rovers sa dara sraith.

Fuair mé síob i dtacsaí agus ní raibh an tiománaí ag gearán faoin aimsir.

Tá meascán maith de ciníocha éagsúla i lár na cathrach.

Tá mé ag éisteacht le ceol U2.

Tá Bono ag fáil a hata ar ais.

Tá Ger Loughnane fós beo agus bríomhar.

Chonaic mé Linda Martian ar an teilifís.

Bhuaigh na Dubs Craobh Laighin agus bhí me i gCnoc 16.

Buafaidh Liatroim Sam i 2085.

Tá mé as an diabhal tobac le coicís agus mo scamhóga lán le haer úr.

Tá Mary Harney ag éirí as.

Buafaidh Sinn Féin 10 suíochán sa Dáil i 2007.

Ní raibh mé ag súgradh liom féin inniu.

Bhí an ghrian ag taitneamh inniu.

Tá mé i mbláth na hóige.

Níl aon cailín agam, tá mé saor.

Níl Mícheál Mac Dubhghail ina Thaoiseach.

Níor labhair éinne liom inniu faoi mhorgáistí.

Chonaic mé an foirgneamh ar éalaigh an tIRA as ar Green Street i 1974.

Bhí mé ag damhsa seit le spéirbhean aréir.

Ní imrím tag-rugby.

Bhí mé ag dreapadh ar shléibhte Chill Mhantáin 's lean mé an bealach a d'éalaigh Aodh Rua agus lArt Ó Néill ó na Sasanaigh i 1580.

Tá stíl nua gruaige ag Enda Kenny.

Níl orm coicís a chaitheamh in Lanzarote.

Tá Oíche Shamhna ag teacht agus níor rug na gardaí ar mo thinteán ag trasnú na teorann.

Fuair mé mo Phrozac ar leathphraghas.

Tá mé ag dul 'Speed Dating' agus beidh béile breá agam le bagún agus cabáiste in óstán Barry's.

Ní bhuafaidh Fianna Fáil an chéad toghchán eile agus curfidh Sinn Féin leigheas ar an drochstaid atá ar an Chóras Oideachais agus Sláinte.

Tá Sinn Féin ag fás agus beidh na Tiocs' i gceannas ar na 'píléirí rua' gan mhoill.

Tá deireadh ag teacht le ré Paisley agus beidh ar na hAontachtaithe cumhacht a roinnt le Caitlicigh.

Tá an UDR imithe agus gheobhaidh tú iad i mbosca bruscair stair na tíre.

Tá singil nua ag Chris De Burgh.

Níl ag Daniel O'Donnell.

Ní fhaca mé Eastenders le déanaí.

Beidh an Nollaig thart go luath.

Ta bréagfholt nua ag Marty Whelan.

Ta siopa Pheadar Mhic an Fhir Téide dúnta.

Tá reic i Miss Euro's.

Ní bhfuair mé clúdach donn.

Tá muintir Mhuigh Eo ag seasamh an fhóid in aghaidh Shell.

Tá an tArd-Easpag McQuaid imithe.

Tá mé ag tabhairt mo ghrá amach go Bré ar chúl mo rothair ar mhí na meala.

Ní bhíonn néal gan ghealán.

Tá mo phionta leathlán.

Tá duilleoga ag titim.

Tá mé ar mhuin na muice

'Nois an bhfaca éinne mo Phrozac?!

Focloir

Ar mhuin na muice...on the pig's back

Mí na meala...honeymoon

Cabernet Sauvignon...cheap wine for wannabe Yuppies

Ciníocha...races

Aisling...dream

Píléirí rua...police

Ag seasamh an fhóid...standing your ground

Bomáin...freaks

Scamhóga...lungs

Peadar Mac an Fhir Téide...Peter Stringfellows.

Aontachtaithe...Unionists

Bréagfholt...wig

Miss Euro's...shop for big boys and


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland