Top Issue 1-2024

12 October 2006 Edition

Resize: A A A Print

An Ghaeilge agus an Óige: Dúshlán agus Deis

Le

Gael Mise

Scríobh Máirtín Ó Cadháin paimfléad tráth, Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar Strae. An bhfuil cúrsaí athraithe ó shin i leith, i dtaca le óg-ghluaiseacht na Gaeilge ar aon nós? Creid nó ná creid ach tá cúig mhór-óg-eagraíochtaí Ghaeilge sa tír seo.

Is é Cumann na bhFiann an eagraíocht fhadbhunaithe is mó, dar le suíomh idirlín na heagraíochta féin cibé ar bith. Ansin glacaim leis gur Ógras, (óg-eagraíocht Chonradh na Gaeilge an chéad eagraíocht fhadbhunaithe eile ó thaobh líon ball de). In iarthar na tíre, áfach, tá Spleodar an-láidir, go háirithe i gContae na Gaillimhe.

Ansin tá Feachtas (gan feachtasaíocht). Níor chualathas iomrá orthu go dtí bliain nó dhó anuas. Eagraíocht bheag atá ag forbairt a gcuid seirbhísí don óige i rith an ama, bhunaigh siad an chéad Chath na mBannaí as Gaeilge anuraidh. Bhí sé seo dírithe ar cheoltóirí óga a spreagadh i leith na Gaeilge de.

Bunaíodh óg-eagraíocht nua maoinithe ag Údarás na Gaeltachta le déanaí, Óige na Gaeltachta, chun díriú ar sholáthar seirbhísí óige sa Ghaeltacht thraidisiúnta.

Tá go leor conspóide faoin eagraíocht nua seo, nó dar le go leor san earnáil, níl eagraíocht eile ag teastáil ach breis maoinithe agus pleanáil straitéiseach comhtháite idir na heagraíochtaí.

Scríobh an saineolaí ógsheirbhíse, Gearóid Ó Maoilmhichíl, tuairisc inar mhol sé bunú agus maoiniú Ógchomhairle a díreodh ar thaighde a dhéanamh ar riachtanais na hóige ó thaobh na Gaeilge de, agus go ndéanfaí pleanáil straitéiseach chomhtháite agus polasaithe a mholadh do na rialtais bunaithe ar an taighde sin.

Mar go leor tuairiscí agus taighde níl na rialtais tar éis feidhmiú orthu agus mar sin, bhunaigh Údarás na Gaeltachta, Óige na Gaeltachta idir an dá linn.

Eagraíocht spéisiúil eile Na Gaeil Óga a bhíonn dírithe níos mó ar mhic léinn le eisceachtaí áirithe. Bhí siad lárnach in eagrú an Lá Mór, an mórshiúl i gcóir STÁDAS agus d'eagraigh siad Feachtas rathúil i gcóir Gaeilge a fháil ar na gutháin shoghluaiste/fóin phóca. D'aontaigh Vodafone comhoibriú le Foras na Gaeilge leis an tseirbhís a chur ar fáil ach is léir go bhfuil gá againn brú a chur ar an bhForas má tá an tseirbhís riachtanach seo chun bheith curtha ar fáil don ghlúin óg seo!

Tá cloiste ar an ngréasán sóisialta agam go bhfuil sé i gceist ag Na Gaeil Óga forbairt ina scátheagraíocht do na cumainn ghaelacha sna coláistí. Tá tús curtha leis an bpróiseas seo, le roinnt cumann gaelach ag clárú leis an eagraíocht i mbliana agus fóram bunaithe an tseachtain seo i mBaile Átha Cliath le hionadaithe ó Chumainn Ghaelacha choláistí na cathrach agus Oifigigh Gaeilge na gcoláistí céanna.

Céim thábhachtach í an comhoibriú nua seo do Ghaeil óga na tíre i gcoitinne, nó cuireann an comhoibriú idir cathracha agus Gaeltachtaí ar an dá thaobh den teorainn lenár bhféiniúlacht Ghaelach ní ar bhonn cúlaigeanta paróisteach ach ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, fiú.

Beidh tairbhe do thodhchaí na Gaeilge as forbairt líonra shóisialta agus feachtasaíochta na nGael óg má éiríonn leo go leor daoine óga agus eagraíochtaí a fháil chun tacú leo, mar a léirigh siad i rith Feachtas Gaelú na bhfón Póca.

Focloir

Paimfléad...pamphlet

Tráth...once

Ar aon nós / Cibé ar bith...anyway

Eagraíocht fhadbhunaithe...established organisation

Earnái...sector

Pleanáil straitéiseach...integrated strategic

chomhtháite...planning

Guthán soghluaiste/Fón póca...Mobile phone

Tá cloiste ar an ngréasán sóisialta agam...I heard it on the grapevine

Féiniúlacht...Identity

Tairbhe...benefit

Líonra Shóisialta agus...Social and

Feachtasaíochta...Campaigning network


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland