Top Issue 1-2024

30 January 1997 Edition

Resize: A A A Print

Mic léinn ag éirí

LE EOGHAN MacCORMAIC

Níl aon réiteach fós san aighneas is déanaí idir micléinn agus an Aire Oideachais Niamh Bhreatnach a phléasc amach go tobann an tseachtain seo caite nuair a dheonaigh Bhreatnach ardú stadais do Choláiste Réigiúnach Teicneolaíochta, Port Láirge.

Tá tacaíocht ag dul do na mic léinn óna léachtóirí agus foirne na gcoláistí atá páirteach san aighneas agus ní hé go bhfuil na mic léinn ag gearán faoin ardú céime per se, ach tá siad ag argóint gurb ionann ardú céime CRT Phort Láirge agus ísliú céime dóibh féin a fhad agus atá dhá leibhéal anois ann sa tríú leibhéal.

Tabharfar níos mó béime ar Institiúd Teicneolaíochta (mar CRT Phort Láirge anois) ag fostaitheoirí agus cuirfidh sé leis an tranglam a bhaineas le pointí agus áiteanna choláiste nuair atá mic léinn ag líonadh iarratas CAO amach anseo, dar le ceannairí na mac léinn.

An tseachtain seo caite chuaigh mic léinn i gCathair Corcaigh amach ar stailc ón CRT ansin, stailc a mhair go dtí dé Máirt an tseachtain seo. Bhí stad iomlán ar thrácht na cathrach le lionn na hagóide agus chuaigh breis agus míle acu ar conbhua busanna soir go Baile Atha Cliath lena bhfearg a nochtadh ag Teach Laighean. Geallann Uachtarán Aontas na Mac Léinn i gCRT Chorcaigh go rachaidh na mic léinn go léir amach ar stailc arís mura n-éisteann an tAire lena ngearáin.

An tseachtain seo, chomh maith, thus mic léinn agus foireann an Choláiste Reigiúnach in Ath Luain aghaidh ar na bóithre nuair a chuir siad bac ar an phríomh-bhóthar go Baile Atha Cliath. Bhí níos mó ná 2000 mac léinn ag gabháil páirte san agóid a fuair tacaíocht ó bhord Rialaithe an Choláiste, a thionól cruinniú speisialta agus a d'eisigh ráiteas ag cáineadh an Aire as ``cinniúint pholaitiúil, nár bunaíodh athbhreithniú neamhspleách, ach a bunaíodh ar thuairaisc teicniúil a thaispeáin, i measc rudaí eile, nach raibh an mhéid céanna rannphairtíochta i gcláracha céime i lár na tíre agus atá san oirdheisceart''.

Agus tá bagairt eile ó na mic léinn. Tá sé geallta acu go seasfaidh siad iarrthóirí agóideacha sa chéad toghchán eile mura bhfaigheann na coláistí eile cothromaíocht le Coláiste Phort Láirge. Nuair a cuimhnítear go bhfuil Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag bagairt seasamh sna toghcháin céanna le cearta Gaelscolaíochta a bhuachaint do dhaltaí scoile Gaeilge is léir go mbeidh cúrsaí oideachais ina ábhar conspóideach sna toghcháin amach anseo.


Neach osnadúrtha - an Bhean Sí


Léirmheas leabhar



The Banshee, The Irish Supernatural Messenger
Foilsithe ag O'Brien Press.
Praghas £12.99

Banshees, Beasts and Brides from the Sea, Irish Tales of the Supernatural
le Bob Curran.
Foilsithe ag Appletree Press.
Praghas £6.99.

Le roinnt blainta tá ag méadú ar spéis na ndaoine sa mbéaloideas, sa mbaile agus thar lear, rud nár mhiste, mar cabhraíonn sé go mór le haithne a chur orainn féin.

Mar thoradh ar an spéis nua, seans, tá an dá leabhar seo ar an mbord romham, len iad a mheas.

Lena tráchtas ar an mBean Sí a bhain Patricia Lysaght amach a dochtúireacht agus i 1986 a tháinig an chéad eagrán den leabhar amach. Sa chuid is mó de, athchó atá sa leabhar seo, a d'fhoilsigh muintir Uí Bhriain anuraidh.

Dar leis an Ollamh Joseph Falaky Nagy:

``The Banshee is arguably the best book-length study of Irish folklore to come out of the postwar period.''

Ba dheachair sin a bhréagnú (ach gan leabhar Uí Chatháin faoi Bhrigid a chur in éindí).

Aithníonn gach éinne go ndearna Patricia an-jab go deo sa leabhar seo, ó thaobh na scoláirechta de, ó thaobh spéise don ngnáthdhuine, agus cinnte ó thaobh an bhéaloidis.

B'áit liom go raibh orainn fanacht go dtí 1986 le staidéar den chaighdeán seo a fheiceáil. Cheapfaí go mbeadh a leithéidí ar fáil i bhfad roimhe sin agus an Bhean Sí chomh mór in intinn mhuintir na hEireann!

Is é a chreideann slua mór de mhuintir na hEireann i gcónaí gur neach osnádúrtha atá sa mBean Sí a leanann clanna Gael agus a chuireann in iúl lena caoineadh go bhfuil uair a mbáis ag druidim leo.

Míniú bacach atá sa méid sin, cé nach bhfuil sé ró-fhada ó iomlán an chreidimh; agus go deimhin is ar an dóigh sin a tháinig mise an chéad uair ar an neach céanna.

Ar scoil chónaithe a bhíos ag freastal. Lá, agus duine de na múinteoirí tinn sa leaba, chualas an Bhean Sí amuigh is í ag caoineadh, agus bhí a fhios agam gur ar leaba a bháis a bhí sé. An mhaidin dá gcoinn bhí sé caillte.

Má bhíonn locht ar bith ar an saothar seo is é nach dtéann an t-údar isteach go doimhin i ngnéithe eile den teachtaire.

Nuair atá an bás i ndán do mhuintir Bhláca i gContae na Gaillimhe, mar shampla, is amhlaidh a chruinníonn na préacháin thart timpeall ar an teach mór, mar rábhadh. Sin mar a chualas féin an scéal i gConamara, ar aon chaoi.

Mar rábhadh ar bhás mhuintir Preston, i gContae na Mí, is iad na sionnaigh a thugann an teachtaireacht, nuair a chruinníonn siad thart ar an gcaisleán.

Le mo linn féin, tharla a leithéid nuair a maraíodh an Tiarna Gormanston thar lear sa tarna cogadh domhanda agus mise i mo shaighdiúr sa chontae sin.

Tá, ar ndóigh, an sionnach agus an préachán luaite ag Patricia ach measaim go bhfuil a thuilleadh oibre le déanamh fós ar na gnéithe seo.

Chomh fada agus is eol dom, níor cuireadh fós inár láthair aon teoiric a mhíneodh cúrsaí na Mná Sí, ó thaobh na heolaíochta de.

Maidir le foinse, tá an scéal sin pléite ag Patricia (ich. 191-218) agus go fíor-mhaith.

Ní maith liom an focal, Banshees i dteideal an leabhair le Bob Curran: Neach aonair atá inti, de réir an traidisiúin (tá an botún céanna le léamh ar lch. a 6.)

Tá an-difríocht idir an dá leabhar. Sa chéad cheann, tá scoláireacht i bhfeidhm thús deireadh; sa tarna ceann, níl aon innéacs ar fáil, fiú, ná aon leid a thabharfadh le fios gur ar an mbéaloideas beo atá na scéalta bunaithe.

Go deimhin, ba dheacair dom a chreidiúint gur i gCúige Uladh, agus i gContaie an Dúin, go háirithe, a fuarthas an scéal seo faoin bPúca. Deir Bob Curran gurbh é Briain Borumha an chéad duine ar éirigh leis ``to bring it under control''. Ba bhreá liom foinse an scéil sin a fháil!

Is trua liom nach gan locht atá Béarla an tsaothair seo, féach (lch. a 5): ``This meant that anyone who wanted their...'' - an droch-Bhéarla is coitianta ar na saolta seo, Dia linn (é le cur i gcomparáid le droch-Ghaeilge mar ``an duine bocht atá ag piocadh suas na Gaeilge'', dar le Raidió na Gaeltachta féin, fiú, scaití).

Dhéanfadh leabhar Curran cúis le tosú, b'fhéidir, ar an mbéaloideas, agus ansin dul i muinín na scoláirí, leithéidí Uí Shúileabhaín, Uí Ogáin agus Uí Chatháin.

LE DEASUN BREATNACH


Jim Larkin



Caoga bliain ó shin fuair Jim Larkin bás ar an 30 Eanáir 1947. Ceannaire lucht oibre na hEireann le blianta fada, bhunaigh sé an ITGWU agus comráid le Seamus O Conghaile a bhí ann. Thug sé féin-mhuinín agus cumhacht ceardchumannach do oibritheoirí Atha Cliath ach go háirithe i 1913 agus ina dhiaidh sin. Scríobh Breandán O Beacháin, scríobhneoir agus poblachtánach, an dán seo tar éis bás Larkin.
Ba mise é! Ba gach mac máthar againn é!
Sinn féin. Láidir. Mar ab áil linn a bheith.
Mar ab eol dúinn a bheith.
Eisean ag bagairt troda is ag bronnadh fuascailte -
Is sinne ag leanúint a chónra trí clabbhéal na cathrach
I mbéiceacha móra feirge.

Ag leanúint a chónra trí chlab na cathrach aréir
An sinne a bhí sa chónra?
Níorbh ea: bhíomar sa tsráid ag máirseáil
Beo, buíoch don marbh.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland