Top Issue 1-2024

21 September 2006 Edition

Resize: A A A Print

Fadhb na Príosúnachta

LE

CATHAL Ó MURCHÚ

Is minic caint ó na boic mhóra sna páirtithe polaitiúla bunaithe go bhfuil géarghá le breis spás príosúnachta agus lámh níos láidre ón dlí chun teacht síos ar chiontóirí le go dtiocfaí ar réiteach ar fhadhb na coiriúlachta a bhfuil ár sochaí gafa léi. Seanchúrfá atá cloiste minic go leor ó pháirtithe caomhacha ar nós Fhine Gael, an Pháirtí Dhaonlathaigh, an DUP, Fhianna Fáil agus neart eile. Go bunúsach, tagann an cineál chur chuige seo ó na Stáit Aontaithe, áit a bhfuil teipthe air sa chaoi nach réitíonn lámh láidir ón dlí le breis spás príosúnachta agus ráta íseal coiriúlachta, ach go minic a mhalairt!

Dóibh siúd a mhaíonn breis príosúin agus lámh níos láidre ón dlí, polaiteoirí ar nós Michael McDowell, mar shampla, leithscéal is ea é seo gan tabhairt faoi na cúiseanna sóisialta agus bochtanais a spreagann an choiriúlacht. B'fhiú a chuimhneamh gurb iad na polasaithe eacnamaíochta nua-liobarálacha is mó cúis le fadhbanna sóisialta a bheith ann ar an gcéad dul síos, díreach mar is cúis leo sna Stáit Aontaithe, cé nach nglacfaidh an lucht cumhachta leis seo go deo.

Tá an tAire Dlí agus Cirt sna Sé Chontae is Fichead, Michael McDowell, ag maíomh go mór go bhfuil géarghá le príosún úrnua a thógáil chun freastal ar riachtanas an spáis bhreise agus ar riachtanas áiseanna nua a thógáil. Ní feidir a argóint i gcoinne an bhirt le Mountjoy a dhúnadh agus láthair níos oiriúnaí agus níos nua-aimseartha a thógáil ina áit. Níl aon amhras ach go bhfuil Mountjoy (ainmnithe tar éis concasóir Sasanach, mar dhea!) plódaithe agus gan áiseanna cuí. Ach tá scannal eile a ghabhann leis sin sa chaoi gur lig an tAire úd suíomh i dTuaisceart Chontae Átha Cliath don phríosún nua a cheannach ar bhreis is ocht n-uaire an chostais ná mar ba cheart. Ach ní rachaidh éinne go príosún toisc an cur amú airgid 'coiriúlach' seo!

Maidir le príosúnacht mar réiteach ar fhadhbanna coiriúlachta, tá ceisteanna costais i gceist leis seo. Tá 60% de na cimí faoi ghlas ar feadh níos lú ná sé mhí, go minic do choireanna éadrom go leor, agus gabhann costas idir €40,000 agus €100,000 do gach cime le linn na tréimhse sin. Tá na cimí 'éadroma' seo measctha le cimí contúirteacha foréigneacha agus chonacthas cás tragóideach le dúnmharú Gary Douch i bPríosún Mountjoy an mhí seo caite. Tá neart fianaise ann a mhaíonn go bhfuil ráta athchiontaithe i bhfad níos ísle do chiontóirí faoi ordú cúirte ná do chiontóirí faoi ghlas. Gabhann costas €1,500 le haghaidh ciontóirí faoi ordú cúirte do thréimhse sé mhí. Is cosúil nach bhfuil fadhb ag an 'bPáirtí Daonlathach' airgead cánach a chur amú le príosúnacht.

I gcás a bhfuil gá ceart le príosúnacht, agus tá na cásanna sin ann, tá sé riachtanach go soláthrófar áiseanna caitheamh aimsire, sláinte agus oideachais chuí, agus go ndéanfar níos mó infheistíochta le go ndéanfar athinniúlú ar chimí i mbaol athchionaithe. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh siad siúd atá gafa, nó a bhí gafa, le coiriúlacht in ann teacht ar fhostaíocht chun go mbeidh siad in ann cur leis an tsochaí mhór i gcoitinne.

Focloir

príosúntacht....imprisonment

ciontóirí....offenders

seanchúrfá....an old refrain

páirtithe caomhacha....conservative parties

breis spás príosúnachta....more prison spaces

ráta íseal coiriúlachta....low crime rate

áiseanna....facilities

ráta athchiontaithe....recidivism rate

faoi ordú cúirte....under court order

athinniúlú....rehabilitation


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland