Top Issue 1-2024

14 September 2006 Edition

Resize: A A A Print

Tragóid na Sílé - an 9/11 eile

Tá an-chaint ann faoi na heachtraí a tharla cúig bliana ó shin nuair a stiúir fanaicigh Ioslamacha ceithre eitleán in dhá Thúr Ionad Trádála an Domhain (Nua-Eabhrac), sa Pheinteagón (Vaiseantan) agus in Pennsylvania. Gan amhras eachtraí uafásacha a bhí iontu siúd, ach cad is fiú fulaingt dreama amháin a aithint má thugtar faillí i bhfulaingt dreama eile agus muna dtugtar aird uirthi.

Is mór an droch-chuimhne an 11ú lá Meán Fómhair d'fhormhór mhuintir na Sile ós rud é gurbh é ar lá seo, sa bhliain 1973, a tháinig faisistigh faoi cheannas Augusto Pinochet i gcumhacht. Gabháil cumhachta ón arm agus lucht maoine dúchasach a bhí i gceist le cúnamh iomlán ó aisíneacht faisnéise na Stát Aontaithe - an CIA. Bhí Salvador Allende ina Uachtarán tofa daonlathach agus é i bhfeighil ar ghluaiseacht shóisialach ar theastaigh uathu sóisialachas a bhunú sa tír sin agus náisiúnú a dhéanamh ar acmhainní saibhris na tíre sin. Ach, ar ndóigh, ní raibh leasa gnó Meiriceánacha, a raibh gabhaltais mhóra acu sna mianaigh chopair, chun glacadh leis sin. Ní raibh lucht cumhachta bunaithe sa tSile sásta leis an ngluaiseacht shóisialta ach an oiread sa chaoi nár theastaigh uathu a gcumhacht sheanbhunaithe a chailiúint.

An mhaidin úd, 11 Meán Fomhair 1973, rinne eitleáin chogaidh (déanta agus feistithe sa Bhreatain) ionsaí ar Áras an Uachtaráin sa phríomhchathair, Santiago. Bhí cath fíochmhar ann idir forsaí daonlathacha an Rialtais agus forghabhálaithe míleatacha agus le linn an chatha, maraíodh Allende. Bhí cathanna éagsúla ar siúl idir an dá fhórsa; bhí an lámh in uachtar ag na faisistigh agus b'acusan a bhí an lá sa deireadh thiar thall. Ag tabhairt san áireamh na n-eachtraí a tharla go dtí sin agus na heachtraí a tharla ina dhiaidh ach go háirithe, níl aon amhras ach gur faisisteachas foirfe fírinneach a bhí i gceist.

Tháinig na fórsaí frithghníomhaithe - na tiarnaí talún, na tionsclóirí, an mheánaicme, gnóthais ghnó Mhéiriceánacha - i gcomhair lena chéile chun a chinntiú nach ndéanfadh an pobal mór bagairt riamh arís ar an gcumhacht acu siúd. Chuige sin, chuir Pinochet 'sceimhle bhán', den chineál is fíochmhaire agus is brúidiúla i bhfeidhm mar a bhfacthas in aon áit riamh agus bhí arm agus póilíneacht na tíre sin i gceartlár na n-iarrachtaí sin. Aistríodh Staid Maracana (inar imríodh cluiche ceannais an Choirn Dhomhanda sa bhliain 1962) ina champa géibhinn agus ina láthair chéasta.

Fuair breis is 3,000 bás de dheasca Dheachtóireacht Pinochet agus ba léir sna blianta 1973 go 1990, nuair a tháinig sí chun deiridh, nach raibh glacadh ag an bpobal le Pinochet. Bhuaigh na sóisialaithe an toghchán arís sa bhliain 1990, ach choimeád Pinochet smacht fós ar chumhacht an airm agus ar an chumhacht pholaitiúil. Ach de réir a chéile, lena sláinte ag dul in olcas, laghdú mór ar a chumhacht agus ar a smacht, agus a chairde imithe i bhfad uaidh (ar nós Thatcher), tá borradh mór tagtha faoi ghluaiseacht chun é a chúiseamh. Má mhaireann sé chomh fada sin, tá gráin agus fuath ag pobal na tíre sin dó, fiú má éirítear é a tharraingt chun freagairt dá choireanna. Slí amháin nó slí eile, fillfidh an feall ar an bhfeallaire seo.

Focloir

  • droch-chuimhne bad memory
  • faisistigh fascists
  • gabháil cumhachta power seizure
  • náisiúnú nationalisation
  • gabhaltais mhóra major stakeholdings
  • forghabhálaithe usurpers
  • Gnóthais ghnó American
  • Mhéiriceánacha business concerns
  • sceimhle bhán white terror
  • láthair chéasta torture centre
  • deachtóireacht dictatorship

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland