7 September 2006 Edition

Resize: A A A Print

Beatha na Teanga í a Labhairt

BY Cathal O Murchu

Ní féidir a shéanadh gur réimse lárnach i Réabhlóid na hÉireann í an Ghaeilge agus cultúr na nGael a athbheochan. Tá sé ríthábhachtach leis an aidhm sin a chur i gcrích chun an tír seo a dhícholíniú agus chun fíorneamhspleáchas agus saoirse mar is ceart a bhaint amach. Agus caithfear a cheistiú cén luach a bheadh ag saoirse pholaitiúil a bhaint amach má tá dearcadh agus tuairimí ar an saol mór teorannaithe ag teanga na gcoilíneach - na coilínigh chéanna a rinne léirscrios ar chultúr, ar theanga agus ar fhéinmheas mhuintir na tíre seo. Thuig na Sasanaigh go maith le go gcuirfear smacht ar thír eachtranach ar nós Éireann, bhí sé ríthábhachtach dul i bhfeidhm ar chultúr mhuintir na tíre agus sa chás sin, bhrúigh siad an Béarla mar theanga éigeantach. I bhfad níos eigeantaí ná mar atá Gaeilge in ainm is a bheith do lucht na hArdteiste.

B'inn an láidreacht is mó a bhain leis an bPiarsach ná gur thuig sé go maith céard a bhí i gceist le coilíniú cultúrtha agus cén ról a bhí ag an teanga Bhéarla chuige sin. Bhí an Piarsach ar dhuine de na ceannairí réabhlóideacha ba mhó a thuig ról an Bhéarla ag déanamh cos ar bolg ar mheon mhuintir na tíre. Bhí sárthuiscint freisin ag Máirtín Ó Cadhain ar cé chomh tábhachtach is a bhí athghaelú na hÉireann sa phróiseas díchoilínithe agus chonaic sé le linn a shaoil féin nárbh ionann saoirse pholaitiúil ag lucht rialaithe na Sé Chontae is Fichead agus díchoilíniú na tíre. Maidir leis an gConghaileach, mhaígh sé go raibh géarghá go ndéanfar athbheochan ar theanga na Gaeilge agus cultúr na nGael a chur chun cinn.

In ainneoin saoirse pholaitiúil atá bainte amach sna Sé Chontae is Fichead agus go bhfuil borradh mór tagtha faoi ghluaiseacht na Gaeilge sna Sé Chontae le méadú ar spéis sa teanga, tá an tír iomlán chomh galldaithe is a bhí sí riamh - níos galldaithe, fiú, ná mar a bhí sé ag tús an chéid seo caite nuair a bhí an tír go léir faoi smacht díreach ó Londain! Sa lá atá inniu ann, tá meáin chumarsáide na tíre seo go hiomlán trí Bhéarla seachas TG4 agus na nuachtáin Lá agus Foinse. As na céadta cainéal teilifíse atá ar fáil anois, ar satailít nó ar cábla, tagann an formhór acu ón mBreatain le Béarla amháin a chraoltar agus le meon Sasanach a ghabhann leis. As na seacht nó ocht gcainéal Éireannacha, níl ach ceann amháin acu a chraolann go rialta as Gaeilge agus ag tabhairt san áireamh an meon frith-Ghaelach, frithnáisiúnach agus frithphoblachtánach a mhaireann sa stáisiún craolta náisiúnta, RTÉ. Maidir le formhór na nuachtán, is trí mheán an Bhéarla a spailpeann siad an líne frithphoblachtánach agus frithnáisiúnach agus eascraíonn cuid mhaith acu ón mBreatain féin. Tá pobal na tíre seo gafa go mór le Premiership Shasana agus na foirne a thugann faoina chéile ann. Tá méadú mór tagtha ar shiopaí, ar ollmhargaí agus ar ghnóthais Shasanacha ar nós Marks and Spencers, na siopaí éadaí agus roinnt eile, agus de réir a chéile tá siad ag ruaigeadh na siopaí Éireannacha. Ní gá ach dul ag siopadóieacht sna ceantair nó sna hionaid siopadóireachta ó lár go himeall na tíre.

Nuair a ruaigfear Arm agus Riarachán na Breataine amach ó na Sé Chontae (agus tarlóidh sé), ná ceap go bhfuil saoirse bainte amach más Béarla teanga na saoirse sin! Leis an mBéarla i bhfeidhm, is iad na Sasanaigh a bhéas i bhfeidhm ar mheon na tíre is cuma cén bhratach a sheolfar thar Caisleán Átha Cliath nó thar Halla na Cathrach i mBéal Feirste!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland