24 August 2006 Edition

Resize: A A A Print

An Ghaelscolaíocht: Suíomh Streachailt

LE GAEL MISE

Bhí go leor sna meáin an tseachtain seo faoin Ghaelscolaíocht agus ach go háirithe an conspóid, a bhain le alt san Indo (agus ní ghlacfainn focal an Indo mar fhírinne choíche, go háirithe i leith na Gaeilge de) bunaithe ar ráiteas tagartha ón Aire Oideachais, go raibh Gaelscoileanna ag coinneáil uimhreacha na ndaltaí i ngaelscoileanna síos d'aonturas. A leithead de raiméis níor chuala mé riamh, is soiléir cé chomh sásta agus a bhéas Kevin Myers leis an bhfoilseachán céanna.

Mar Phoblachtánach is tacadóir láidir mé de ghluaiseacht na nGaelscolaíochta agus is iar-dhalta Gaelscoile mé chomh maith. Ó mo thaithí féin ní dhéanfadh sé splaincín bheag céile do Ghaelscoil le cóiríocht oiriúnach a gcuid uimhreacha a choinneáil síos. Theitheadh sé sin i gcoinne coincheap na gaelscolaíochta i gcoitinne, athréimniú na Gaeilge.

Caithfear comhthéacs na ceiste seo a thógáil san áireamh, nó ceann de na príomhfáthanna go bhfuil scoileanna beaga gur Ghaelscoileanna iad, ná go mbíonn moille uafásacha ar aitheantais, uimhir rolla, cead pleanála agus ach go speisialta cóiríocht chuí a fháil ó na Roinn Oideachais.

De bharr na bacanna seo go léir, bíonn tuismitheoirí uaireanta drogallach sna blianta tosaithe a gcuid páiste a chur chuig scoil nuair nach bhfuil aon cinnteacht ag baint lena dtodhchaí.

Ní chabhraíonn sé leis an drogall seo go bhfuil 60% do Ghaelscoileanna i gcóiríocht sealadach, 40% dóibh siúd i gcóiríocht sealadach ar feadh tréimhse 10 mbliana nó níos mó!

Sna 26 Co. tá 17 páiste cláraithe ag teastáil chun aitheantas a bhaint amach. Ní féidir páiste gur mhian leo dul ar an nGaelscoil nua a thógáil san áireamh mar chuid den 17 páiste má tá siad cláraithe le scoil eile cheana féin.

Sna Sé Co. de bharr athraithe a thug Máirtín Mac Aonghusa isteach sa chóras ansin níl ach 12 páiste ag teastáil rud a chiallaíonn go bhfuil sé níos éasca ó thaobh uimhreacha de, ar aon nós, gaelscoil a bhunú sna 6 Co.!

Mar phoblachtánaithe, tá muid ag iarraidh Éire nua a chruthú, Éire na gCothroime, ina mbeidh meas ag muintir ar a gcultúr féin agus ar chultúir eile. Im' thuairimse tá sé deacair an meas sin a léiriú ar chultúr eile gan meas a bheidh ar do chultúr féin. Léirigh na Léinte Gorma an meas atá acu ar ár gcultúr le polasaí Gaeilge an pháirtí, agus tríd Gay Mitchell, a dúirt gur spéis leis ról a thabhairt do chlann Ríoga na Breataine in Éirinn!

Ach cén fiú an tsaoirse más ann dúinn agus muintir na Breataine? Má labhraínn muid a dteanga, má fhéachann muid ar a gcláracha teilifíse, má éisteann muid lena gceoil, má gceannaíonn muid a nuachtáin shiúracha, má imríonn muid a gcluichí agus má thacaíonn lena bhfoirne amháin, gan tosaíocht a thabhairt dar dteanga, dar gcláracha, dar nuachtáin, dar dtáirgí, dar spóirt agus dar ceoil féin.

An tábhacht leis an nGaelscolaíocht ná go dtugann sé deis don óg, féiniúlacht Ghaelach a fhorbairt, deis nach raibh ag go leor den ghlúin roimhe.

Féach ar www.gaelscoileanna.ie le haghaidh breis faoi ghaelscoil i do cheantar féin.

Foclóir

  • Conspóid Controversy
  • Ráiteas tagartha Quoted Statement
  • Splaincín bheag céile the smallest bit of sense
  • Athréimniú na Gaeilge Reconquest of the Irish-language
  • Tosaíocht Priority
  • Féiniúlacht Identity

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland