Top Issue 1-2024

17 August 2006 Edition

Resize: A A A Print

Le Gael Mise

Cá raibh ár dtriail na seachtaine seo ach in Iarthar Bhéal Feirste. Bhí muid ann le haghaidh Féile an Phobail, an féile chomhphobail is mó (agus is fearr, dar le muintir na háite) san Eoraip.

Anois, caithfear a thuiscint gur ar nós thraidisiún le blianta beaga anuas go dtagann gach mac máthar go hIarthar na cathrach don chéad seachtain i mí Lúnasa.

Tá Fléadh eagraithe ag muintir thuaisceart na cathrach timpeall an t-am céanna, ach mar a bhíonn muintir an Iarthair ag magadh, bíonn do phas a thaispeáint chun fáil isteach nó níos tábhachtaigh chun imeacht!

I mbliana, bheartaigh údaráis na Breataine anseo sna Sé Chontae go raibh jab ró-mhaith a dhéanamh ag eagraithe Féile an Phobail, agus mar sin gearradh siar ar mhaoiniú an Fhéile, agus go raibh ar lucht bainistíochta cúigear a bhriseadh as a bpoist dá bharr, bhí an Fhéile an gan chaill i mbliana, bhuel cóir a bheith.

Ar an Mháirt, oíche fhuirseora an fhéile chonacthas ceann de na lochtanna sin. Is cosúil gur cuireadh iontas an domhain ar an lucht féachana nó bhí tús maith leis an oíche le Patrick McDonnell agus Jarlath Regan, tháinig na Cuban Brothers ar stáitse. Mar phríomh-fhuirseoir na hoíche bhí an tslua ag súil le rud éigin speisialta, rud go gcuimhneoidís air. Fuair siad é sin nuair a bhain duine de na Cuban Brothers a bhriste de, agus chaith go leor don tseit lom nochta óna gcoim síos!

Oíche Déardaoin bhí slua bheag de chairde, comrádaithe agus comhleacaithe suas liom i mBéal Feirste chun an Fhéile a bhlaiseadh dóibh féin. Ar bharr liosta le déanamh na Gaeilgeoirí seo bhí Bréag a fheiceáil nó chuala siad iomrá orthu, agus bhí siad ag súil leis an Banna Reggae Ghaelach seo a fheiceáil.

Rud nár bhuail mé go dtí gur luaigh duine den scaifte cara liom ná an chéad scór duine a bhuail muid leo ar thitim isteach ar chroí an Fhéile, Halla Mór Sólann Bhaile Andarsan agus príomh-shuíomh na ceolchoirmeacha don Fhéile, is as Gaeilge a d'fháiltigh chuile duine muid. Chuaigh sé seo go mór i bhfeidhm ar an tslua nó ní cúpla fíor-Ghaeil a bhí ann ach gnáth ceolchoirm chomhphobail ina raibh Gaeilgeoirí ceangailte go dlúth léi, arís ag daingniú an naisc idir an cheantar phoblachtach seo agus ár dteanga féin.

Ar an drochuair duine don thuasluaite a d'fháiltigh chuig an fhéile muid ar theacht isteach dúinn ná Caoimhín phríomhamhránaí Bréag, an phríomh-fháth go dtáinig an tslua thuas nuair a tháinig. Sin mar a shéideann an ghaoth uaireanta, agus i ngnáth stíl na nGael rinne muid rud deimhneach as an diúltach nó chaith muid na hoíche ag damhsa le Caoimhín agus go leor eile, ag ligean do na "pitchers" ár dtart a shásaimh, ag éisteach le Pulse Steel, agus rud a chur go mór leis an oíche ná go raibh ráflaí go raibh an Cailleach Maggie ar an tslí amach.

Tar éis na ceolchoirme agus ar aghaidh linn go dtí ceann de na háiteanna is osréalaigh dá bhfuil ann. Cuirfidh muid an Bealach Eisceachtúil uirthi, áit ina chonacthas The Wailers, Alex Higgins, Bréag. Bíonn comrádaí nó dhó le feiceáil ann ó am go chéile ar an urlár damhsa (tá a fhios agaibh cé sibh féin!) agus dar ndóigh na gnáth charachtar, ina measc na meithleacha Bascacha agus Catalónacha.

Ag tréimhsí éagsúla i saolré an Bealach Eisceachtúil bhíodh "corkage" le n-íoc le haghaidh do do bheir leat féin. Seinntear ceoil chomh aisteach agus spraíúil leis na ngnáthóirí, ó Reggae go Roc-cheoil ó ska go pop-cheoil (díreach nuair a thagann scaifte mhná óga, Millies a chuireann gnáthóirí an suíomh osréalach seo orthu isteach).

Foclóir

Where were we for...Cá raibh ár dtriail

More accurately...níos cruinne

Gaeltacht Quarter...Ceathrú Gaeltachta

Comedy night Oíche Fhuirseora

To surprise the life out of... Iontas an domhain

It has become a tradition...Ar nós thraidisiúin

Maggie the Witch...An Cailleach Maggie

Strengthening the link...Ag daingniú an naisc

The Exceptional Way...Bealach Eisceachtúil

Surreal/ Most Surreal...Ósréalach / is ósréalaigh

Carry out / Take away...Beir leat

Regulars...Gnáthóirí


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland