Top Issue 1-2024

10 August 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Is Mé Mo Laoch

Le Seán Ó Donaile

Tá cara liom a chaith seal I Tehran le deanaí agus é ag tabhairt cuairt ar Iarsmalann na Mairtirigh. Chuir said an cairpéad dearg amach dó nuair a luaigh sé Bobby Sands.

Saoradh Iran ón Shah I 1979 agus thug siad tacaíocht agus ómós do Sands agus an naonúr eile I 1981. Tá sráid ainmnithe ina dhiaidh sa phríomhchathair agus tá aithne ag athann duine ós cionn triocha cúig air sa Mhean Oirthear.

Dúirt fear liom sa Phailistín liom anuraidh gurb é a laoch agus bhí ionadh air nuair a dúirt mé nach raibh aon laoch agam ach mé féin .

Is cuimhin liom Sands ag rá gur an rud a choinneail é ag dul ná go raibh fhios aige go raibh sé ag déanamh an rud ceart- "it's the thought that says I'm right".

Bhí sceitimíní orm nuair a lig m'athair dom freastal ar an mórshiúil I Mí Nollag 1980 agus Sean Mac Cionnaith ag doras an bháis- cheannaigh mé t-léine leis an teachtaireacht "Swamp Thatcher" air; bhí Blondy ag canadh "The Tide is High" ar an raidió agus seasca míle ar Shraid uí Chonaill agus iad ag scairteadh "1,2,3,4 Open Up the H Block Door" agus "Gerry Fitt is a Brit"; bhí mé ar buile le m'athair mar bhí orainn mairseáil leis na Gaeilgeoirí agus ní raibh siadsan ag scairteadh rud ar bith agus muidne na t-aon daoine a d'fhan ar an bhus I bPortlaoise nuair a chuaigh muintir na Sionnaine ag ól .

Bhí cursaí níos práinní nuair a thosaigh an dara Stailc an t-Earrach ina dhiaidh agus chaitheamar gach dara lá ag scaipeadh billeoga thart an chondae; bhíomar ag mairseáil arís ag Aerfort na Sionnaine agus bhí áthas orainn nuair a scaoil óglach cúpla piléar san aer lena linn an I lár an baile.

Bhí go leor daoine I gCondae an Chlair le mothúcháin láidir um a dtaca seo ach bhí eagla an domhain ar an chuid is mó daoibh roimh an 'Branch agus ní raibh siad sásta brat dubh a chrochadh ar eagla go gcaillfidh siad a bpostanna.

Sheas Joe O' Connell sa toghchán agus Haughey ag spalpadh as gan aon tacaíocht as- is cuimhin liom argóint le lucht Fianna Fail ag an ám agus iad ag fanacht ar bhás Kieran Doherty agus ag súil go mbuafaidh siad an suíochán.

Ní raibhdeis agam filleadh go dtí an príomhchathair I gcomhair na mórshiúil I ndiaidh sin mar bhí fhios ag m'athair go mbeadh trioblóid ó na léinte gorma.

Níor thuig mé ag an ám tabhacht na stailceanna ocrais agus d'fhill mé ar an iomáint agus bhí gliondar ar muintir Uibh Fhaillí nuair a chaith Johnny Flaherty an sliotar thar ghualainn chúlbaire na Gaillimhe I gCraobh na hÉireann I Meán Fomhair '81.

Tá fhios ag chách gur d'fhás an Proiséis Síochána as íobart Bobby Sands ach tháinig go leor eile as.

Níor luígh Náisiunaithe na Sé síos riamh arís do na hAondochtóirí agus tá níos mó féin meas agus aitheantas ag muintir an Sé Chondae ná I mBlá Cliath ó shin .

D'fhás athbheochan culturtha na Sé chondae as na Blocanna agus na iarcimí a chur tús ceart le go leor Ghaelscoileanna agus pobail Gaelach ina dhiaidh a bhí cosúil leis an athbheochan sa Deisceart thart ar 1916.

Chaith mé seal ar bhóthar na bhFál ag deireadh na hochtoidí agus bhí seo soileir le feiceail. D'fh/p>

Foclóir

Iarsmalann- museum

Príomhchathair-capital city

Mórshiúl-march

Ag spalpadh as- waffling

Teachtaireacht-message

Aitheantas-identity

Athbheochan-revival

Íobart-scarifice

Colscaradh-divorce


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland