Top Issue 1-2024

3 August 2006 Edition

Resize: A A A Print

Culture Sinn Féin's annual Irish language gathering - Slógadh Shinn Féin 2006

Sinn Féin's annual Irish language gathering took place in Belfast last weekend. Slógadh Shinn Féin was infused with a sense of purpose following the recent decision of the Ard Chomhairle to adopt a radical plan to enable the party to function in the Irish language within a decade. Participants took renewed inspiration from the commitment of the 1981 Hunger Strikers to the Irish language and the highlight of the weekend was a visit to Long Kesh and the hospital wing where the ten men died. With most of the participating Gaeilgeoirí under 30 years old, the Slógadh marked an optimistic stepping up of the language revival within Irish republicanism and beyond.

Le 
Ciarán MacGiolla Bhéin

Bhí Slógadh Shinn Féin i mBéal Feirste den chéad uair le 15 bliain déag thar an deireadh seachtaine seo chuaigh thart. Ba léir ón tús go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an tSlógadh i mbliana nach raibh amhlaidh roimhe. Seo an chéad Slógadh a bhí ann ó ghlac an Ard Chomhairle leis an mholadh uaillmhianach chun an pháirtí a ghaelú. Bhí fuinneamh agus dóchas san aer nuair a tháinig Gaelgeoirí an pháirtí le chéile an uair seo.

Bhí 'Mise Éire' le cluinstin sa chúlra agus daoine ag clárú sa Chultúrlann, i gcroí-lár an Cheathrú Ghaeltachta. I ndiaidh sin rinneadh an aistear gairid trasna na sráide, áit a raibh Múrphictiúr nua álainn á nochtadh go hoifigiúil ag Bairbre de Brún, BPE. Labhair Bairbre ar thábhacht na Stailce Ocrais d'athbheochan na Gaeilge sna Sé Chontae agus muid ag comóradh 25 bliain ón eachtra cinniúnach, tragóideach sin. Labhair sí fós ar thodhchaí na Gaeilge agus an streachailt atá romhainn faoi scáth Mhic Phiarais, Winifred Carney agus Roibeáird Uí Sheachnasaigh ag breathnú anuas ón bhalla. Bhí an téama céanna díospaireachta i gceist ag an triúir aoi-chainteoirí thall sa Chultúrlann an oíche sin inár labhair Lucilita Breathnach ar ról na mban sa streachailt, Aengus Ó Snodaigh TD ar 1916 agus an athbheochan cultúrtha agus Jake Mac Siacais ar an Stailc Ocrais i 1981 agus an Ghaeilge. Tugadh deis don lucht éisteachta ceisteanna a chur ar an triúir. Bhí Caitríona Ruane sa chathaoir don díospóireacht spéisiúil, tochtmhar seo. Tógadh ár n-ísle, áfach, le ceol agus craic de chuid Pól Mac Bradaigh agus Cairde ag deireadh na hoíche.

Bhí achan duine ag súil go mór leis an turas maidin Shatharn. Roghnaítear an Stailc Ocrais mar théama an tSlógaidh i mbliana agus ar an chúis sin bhí tábhacht ar leith ag baint leis an turas seo chun na Ceise Fada, ag éisteacht leis an iar-phríosúnach phoblachtánach, Jake Mac Siacais, a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge sna cillíní cúnga sin. Labhair sé go tochmhar ar agóid na plúide agus ar an cairdeas agus comrádaíocht a cothaítear i measc na bpríosúnach le linn na hagóide sin. Labhair sé fós, áfach, ar an bhrúidiúlacht agus ar na deichniúr cróga a fuair bás sa dóigh is nach mbeadh ar a gcuid comrádaithe a bheith beo sna coinníollacha uafásacha sin. Chuaigh muid go gcarcair an bháis in Otharlann na Ceise Fada. Tháinig tost ar an dream iomlán agus muid ann; bhí atmaisféar uaigneach, diamhair le mothú ann. Chonacthas dúinn uilig go léir gur áit stairiúl í an Cheis Fhada agus go gcaithfear í a choinneáil sa dóigh is nach ndéanfar dearmad choíche ar na heachtraí a tharla ann.

Tharraing muid ar ais ar Bhéal Feirste agus sular thosaigh muid ar an obair, d'oscail Gearóid Mac Ádaimh an Slógadh go hoifigiúl. Bhí sé i láthair le linn an tSlógaidh ar fad agus ba léir go raibh lán-tacaíocht ag an Roinn ó cheannaireacht an pháirtí. I gCumann Rodaí Mhic Corlaí a raibh an ghnó is tabhachtaí don deireadh seachtaine le plé, sin é Gaelú Shinn Féin. Thug Séanna Breathnach agus Aengus Ó Snodaigh léargas suimiúil ar an togra seo agus bhí inchur deimhneach ag Gráinne Mhic Geidigh sa chathaoir fósta. Labhair Séanna ar an togra a thosaigh Herri Batasuna i dTír na mBascach agus ar na ceachtanna arbh féidir linne foghlaim uathu agus muid ag dul ar aghaidh. Leag sé an plean gearrthéarmach agus fadtéarmach a chríochneoidh, tá súil againn, le páirtí atá ábalta feidhmiú trí mhéan na Gaeilge. Bhí Gráinne gnóthach arís nuair a leainseáil sí féin agus Piaras Ó Dochartaigh dréachtpholasaí an pháirtí ar chúrsaí Gaeltachta le ceisteanna ón lucht éisteachta.

Tugadh sos de na haoi-chainteoirí éagsúla ar feadh tamaill agus bhí deis ag daoine a bheith ag amharc ar taispeántais an Stailc Ocrais agus taispeántais Forbairt Feirste ar Ghnó le Gaeilge sa tseomra galánta a chur an chumann ar fáil dúinn.

D'athraigh muid suíomh i ndiaidh am dinnéir agus tharraing muid ar An Droichead, suíomh breá cultúrtha i ndeisceart na cathrach. Bhí gnó tábhachtach idir lámha againn agus muid ann, ionadaí éagsúla ag caint ar Chearta Teanga in Éirinn, rud a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo sa lá atá inniu ann, go háirithe i ndiaidh cás Máire Nic an Bhaird ar na mallaibh. Shuigh Pilib Ó Ruanaí, iar-phríosúnach Poblachtánach agus ceannródaí teanga sa taobh seo cathrach sa chathaoir. D'fhán muid sa Droichead d'oíche amhránaíochta agus filíocht le Fergus Ó hÍr, Éamonn Ó Faogáin agus eile, nár chríochnaigh go dtí na huaireanta beaga.

Ní raibh fonn oibre orainn Dé Domhnaigh agus bhí an t-ádh linn nach raibh i gceist ach turas cultúrtha timpeall na cathrach. Chuaigh dream ar bhus thart ar Bhéal Feirste agus chaith siad seal sna ceithre coirnéal den chathair bríomhar seo agus chonacthas dóibh an méid dea-oibre atá ag dul ar aghaidh sa chathair leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Shiúl scaifte eile faoi sholas na gréine timpeall Iarthar Bhéal Feirste ag cur cuairt ar áiteacha a bhfuil clú orthu de bharr na streachailte.

Ba é an Stailc Ocrais mórthéama na deireadh seachtaine, agus d'fhág an turas chun na Ceise Fada go háirithe rian ar achan duine againn. Ina theannta sin, ba é Gaelú an pháirtí ábhar pléite na hócáide agus ar an ábhar go raibh 80% den scaifte faoi chionn 30, bhí sé soiléir go mbeidh sé ina phríomh-chuspóir ag an pháirtí amach anseo. D'imigh muid ag an phointe dóchasach sin agus muid ag súil go mór le Slógadh 2007.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland