Top Issue 1-2024

13 July 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Míchéal Ó Ríordáin agus Cathal Ó hEochaidh

Míchéal Ó Ríordáin agus Cathal Ó hEochaidh

Zizou, Mícheal agus Charlie

Agus Zidane bocht an 'sceimhlitheoir' ag cur isteach ar na hIodálaigh, a bhuaigh Corn "Hype" an Domhain, iad ag tumadh timpeall na páirce agus ag ithe Cornetto's.

I ndiaidh féachaint ar laoch na Fraince tá m'aigne déanta suas filleadh ar an iomáint - Níl mé ach fiche chloch ar an scála méachan agus rith mé I gcomhair bus inné.

Bhí mé ag maireachtáil go cúlráideach go dtí gur tháinig an bainisteoir go dtí mo dhoras le camán agus geansaí nár chlúdaigh mo bholg.

D'inis m'iníon liom go raibh dá dhéag bhoilg beoir ar ár foireann agus bhí an lan chulaí ag caitheamh Woodbines nuair a bhí an sliotar ar an taobh eile den pháirc.

Dhírigh mé barr an chamáin I dtreo ae an t-ógánach luafar a bhí ag iarraidh scór a fháil orm agus bhí orm seas ar a rúitín nuair a tháinig an sliotar in aice linn.

Níor dúirt éinne liom go raibh cead ag daoine rith agus bhí an reiteoir ina vollóx, ach bhuamar an troid agus d'fhágamar an fear beag leis an feadóg I mbuatais a charr.

Níor bhacamar le cith folctha mar ní raibheamar ag iarraidh bheith nocht ós chomhair na beerbellies eile agus d'ólamar fiche pionta ag déanamh leirmheas ar an cluiche agus mála sceallóga agus gréisc ar an bhealach abhaile.

Paddy Joe Zidane a ghlaonn said orm anois - I measc na laochra atá mé.

Tá beirt ceannairí eile ar shlí na Fírinne le deanaí.

Cailleadh Cathal Ó hEochaidh agus Míchéal Ó Ríordáin le deanaí, beirt a bhí éagsúil ina mbeatha agus a ndearcadh.

Bhí Cathal Ó hEochaidh I gceannas ar Fhianna Fáil, mhair sé mar rí agus chnuasaigh sé a sháith de mhaoin an tsaoil agus tharraing se an spotsholas ar féin dá bharr.

B' é an t-aon Northsider nár cheannaigh a léine I siopa Michael Guineys, áit a d'fhreastal scríneoirí An Phoblacht ar feadh na blianta.

Bhíomar ag caitheamh 15p ar fo-bhríste agus Charlie ag caitheamh cúpla chéad ar Charvais. Bhí na fo-bhríste go h-iontach go dtí gur thosaigh mé ag siúl- deirfin go raibh siad déanta as pháipéar bhalla, agus Charlie ar Bháidín Fheidhlimín leis an stimpín a chuir an scian ina dhroim agus é san uaigh .

Ní bhfuair Charlie suaimhneas ó na meáin I ndeireadh a shaoil, cé go raibh go leor a bhí dílis dó de bharr an méid a rinne sé ar shon na capaill agus lucht na h-ealaíne, nach eiríonn as a leaba roimh meanlae ríamh agus a chaitheann a n-ám ag tabhairt amach faoi George Bush bocht.

Bhí Míchéal Ó Ríordain ina cheannaire ar an bPairtí Cumannach in Éirinn agus d'fhan se dílis do chúis na noibrithe agus don Ghaelachas.

D'fhulaing sé masla agus cruatan ar shon a chúise , ní raibh mórán glacadh leis an gCumannachas I rith na mbliana in Éirinn agus na hEaspaig ag tabhairt beannacht Hitler I nDún Laoghaire.

Níor chnuasaigh sé saibhreas ar bith dó féin agus d'fhág sé slán ag an saol seo gan mórán tracht air ins na meáin, gan onóir mór .

Ach sheas sé go fíreannach don rud a chreid sé ann agus ní raibh aon yacht aige.

Nár shuimiúil a bheith ag geataí na bhFlaitheas agus an bheirt cheannairí ag sroichint ann.

Ach rinne mé dearmad níl aon Flaitheas ann.

Go ndéana Dia a mahith ar an bheirt acu.

Foclóir

  • Ag tumadh diving
  • Ag maireachtáil go cúlráideach retired
  • Óganach youth
  • Chnuasaigh collected
  • Rúitín ankle
  • Dearcadh view
  • Suaimhneas satisfaction
  • Gréisc grease

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland