13 July 2006 Edition

Resize: A A A Print

Ní fheicfear a leithéid arís

BY Cathal O Murchu

"Níl tú sách gasta go leor mar pheileadóir le bheith ar an bhfoireann náisiúnta." Ba iad seo na focail cháiliúla a tháinig amach as béal Abdelhamid Kermali, bainisteoir fhoireann peile náisiúnta na hAilgéire agus é ag caint faoi Zidane i 1994! Is mar gheall ar sin a chas Zidane i dtreo fhoireann náisiúnta na Fraince, nuair a scóráil sé dhá chúl ina chéad chluiche dóibh. Lean sé ar aghaidh le bheith ar ceann de na himreoirí is fearr riamh sa pheil 'ghallda' agus ba léir sula bhfad go raibh freagra chuí seolta ar ais chuig Kermali.

Is de bhunús Kabyle na hAilgéire iad muintir Zidane - pobal Beirbearach as Tuaisceart na hAfraice. Sular rugadh Zidane i Marseilles na Fraince, lonnaigh a mhuintir sa tír sin tar éis Cogadh na Saoirse san Ailgéir. An chuid is mó ar theith ón Ailgéir ná na cóilínigh Francacha ar tugadh pied-noir (cosa dubha sa Ghaeilge) orthu agus a gcomhoibritheoirí dúchasacha - na Harki. Bhí fuath dearg áirithe ag muintir na hAilgéire do na Harki os rud é gur chomhoibrigh siad leis na Francaigh (mar a rinne an RIC tráth úd). Ach bhí Ailgéirigh eile a d'fhág an tír - iad siad ag éalú ón mbochtanas agus ar tóir saol níos ráthúlaí - agus uathu siúd a tháinig muintir Zidane. Mhaígh Zidane i gcónaí a bhród as an bpobal as a d'eascraigh sé agus níor bhain leis na Harki in aon chor, cé gur cuireadh seo i leith a mhuintir.

Tógadh é i La Castellane i gCathair Marseilles - ceantar fíorbhocht fallaithe atá fágtha go mór ar leataobh ag na húdaráis agus é plódaithe le himircigh ón Afraic Thuaidh. Ba mhinic do phobal an cheantair sin a bheith thíos faoi ag troid i gcoinne ciníochais oifigiúil ó na póilínigh ach go háirithe, chomh maith le nua-faisístigh an Front National a d'fhás go mór le breis tacaíocht ón bpobal geal i Marseilles sna 80í agus sna 90í. Is ón gcúlra crua imirceach a tháinig Zidane in aois, maraon le formhór imreoirí fhoireann na Fraince.

Tá fíorbheagán peileadóirí ar domhan a bhfuil an méid céanna rathúlachta ag gabháil leo agus atá ag gabháil le Zidane. Ba chaptaen é ar an bhfoireann náisiúnta a bhain an Craobh Domhanda i 1998 amach agus a scóráil dhá chúl a chloígh an Bhrasaíl sa Chluiche Ceannais. Bhain an fhoireann céanna éacht eile amach nuair a bhuaigh siad an Craobh Eorpach sa bhliain 2000 agus tuilleadh gaiscí ó Zidane arís. Mar pheileadóir gairmiúil d'imir sé le haghaidh Juventus (1996-2001) agus Real Madrid 2001-2006). Tá roinnt gaiscí agus éachtanna oifigiúla bainte amach aige agus fós féin maítear e mar fhear ciúin, lách, béasach agus umhal.

Ach in ainneoin seo go léir, is cosúil go gcuimhneofar air mar gheall ar an 'mbuile cloigeann' a thug sé do Marco Materazzi agus an cárta dearg a lean uaidh sa Chluiche Ceannais an Domhnach seo caite. Ní fios go fóill cad go díreach a tharla, ach is cosúil gur mhaslaigh Materazzi Zidane go taircaisneach ar shlí ciníoch de réir dealraimh agus mar gheall ar sin thug sé 'aghaidh air'. I gcomórtas a bhí leamh agus leadránach go leor, is cosúil gur thainig ar a laghad ábhar amháin conspóideach as agus beidh neart plé faoi amach anseo.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland