Top Issue 1-2024

23 January 1997 Edition

Resize: A A A Print

Arm na 26 Chontae ag ullmhú chun dul faoi NATO

LE MICHEAL MacDONNCHA

Tá Arm na 26 Chontae ag ullmhú chun dul faoi ordú NATO san iar-Iúgslaiv. Tá pleananna ó na Forsaí Cosanta curtha chuig an Roinn Ghnóthaí Eachtrannacha

Tá cinneadh le déanamh go luath ag Rialtas Atha Cliath chun saighdiúirí a chur chuig Bosnia. Níor chuireadh saighdiúirí na 26 Chontae faoi ordú NATO riamh ach má leanann siad ar aghaidh leis an phlean seo bheadh siad faoi ordú Cheannasaí NATO i Lár na hEorpa, Bill Crouch, Ginearál de chuid Stáit Aontaithe Meirceá.

Tá fórsaí NATO san iar-Iúgslaiv in ainm is a bheith faoi bhratach na Náisúin Aontaithe, ach obráid NATO amach is amach atá ann.

Ní bhaineann an ceist seo leis an iar-Iúgslaiv amháin. Tá NATO agus an Western European Union (WEU) ceangailte leis an Chomhphobal Eorpach. Is géag NATO san Eorap é an WEU agus tá iarrachtaí á dhéanamh le fada chun an WEU a ath-bhunú mar géag míleata an CE. Chuidigh rialtas Atha Cliath leis an phroiséas seo nuair a bhí Uachtarántacht an CE acu ó Meitheamh go Nollaig 1996.

Má chuireann rialtas Atha Cliath saighdiúirí faoi ordú NATO bheadh siad ag tógáil céim eile i dtreo chaitheamh amach na neodrachta.

Gheall Dick Spring le pobal na 26 Chontae i 1992 go gcosnódh sé an neodracht agus go gcuirfeadh sé é sa bhunreacht. Ina thréimhse sa rialtas d'imigh sé sa treo eile ar fad.


Tabhair na mummies ar ais



LE MICHEAL MacDONNCHA

Daichead blian ó shin i 1957 bhí ar Anthony Eden éirí as oifig mar Phríomh-Aire na Breataine. Sa bhliain roimhe sin chuir sé tús le cogadh impiriúlach i gcoinne na hEigipte mar gheall ar Chanáil Suez. Maraíodh na mílte saoránaigh Eigipteacha sa chogadh.

Theip go hiomlán ar iarracht na Breataine, le chuidiú ón Fhrainc agus ó Iosraeil, chun Canáil Suez a ghabháil ó phobal na hEigipte. Bhí Uachtarán Nasser na hEigipte tar éis an chanáil a náisiúniú. Buille mór polaitiúl ar an mBreatain agus ar an bhFrainc a bhí ann agus spreag deireadh na himpearachta san Eigipt daoine ar fud na hAifrice chun streachailt ar son a saoirse. Ach tá rian an impiriúlachais san Eigipt anseo in Eirinn inniú.

Ar an 16 Eanáir chuir Ard-Mhusaem na hEireann tús le taispeántas nua ar an Eigipt Arsa. Seargáin (mummies), sarcófagais agus iarsmaí eile ó ré órga na tíre sin atá le feiceáil sa mhusaem in aice le Teach Laighean i Sráid Chill Dara. ``Cad tá cearr le sin?'' a deir tú.

Tháinig na hiarsmaí seo go hEirinn, agus irasmaí mar iad atá i musaeim ar fud na hEorpa agus i Meirceá, ón Eigipt le linn impiriúlachais na Breataine sa tír sin. Bhí seandálaithe an Iarthair in ann dul isteach agus na hiarsmaí seo a ghabháil gan cead ó phobal na hEigipte. Ní raibh aon cumhacht ag an pobal sin chun stop a chur le ghabháil a noidhreachta náisiúnta ag eachtrannaigh.

In ionad an taispeántais seo ba chóir don Ard-Musaem dea-sampla a thabhairt do thíortha eile na hEorpa agus na hiarsmaí goidte seo a thabhairt ar ais do phobal na hEigipte.


Contúirt bóithre i nGaillimh



LE MICHEAL MacDONNCHA

Tá an t-am thart nuair a féidir le tuismitheoir fanacht ar Bhardas na Gaillimhe le sábháilteacht na mbóithre a chur ar an mhéar fhada. Sin mar a dúirt Mike Egan, ionadaí Sinn Féin i gCathair na Gaillimhe, an tseachtain seo.

D'fhógair Mike Egan tús feachtas Sinn Féin in Iarthar na Cathrach le brú a chur ar an mbardas beart a chur le briathar agus trasnú slán a chur in áit gan mhoill ar Bhóthar Séamus Quirke, bóthar `marfach' a ghearann a bhealach tríd dhá cheantar mhóra tithíochta - Páirc na Coiribe agus an Seantalamh.

Roimh an Nollaig maraíodh gasúr óg, Timothy Mannion, i dtimpiste ar an mbóthar seo. ``Le blianta anuas, tá timpistí rialta ar an chuid den bhóthar a ritheann cóngarach de Dunnes Stores ag Westside agus is le fada an lá atá tuismitheoirí ag éileamh go ndéanfaí an bóthar níos sábháilte,'' arsa Mike Egan.

Beidh picéad ar an mbóthar Dé hAoine seo agus mórshíul ón Westside go dtí cruinniú an Bhardais ag 6.00 i.n. Dé Luain seo 27ú Eanáir nuair a bhéidh Egan agus taidhleoireacht tuismitheoirí ag ardú a ngearáin leis na comhairleoirí agus iad ar a mbealach isteach sa chruinniú.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland