6 July 2006 Edition

Resize: A A A Print

Ionsaí ar Ghasá na Palaistíne

BY Cathal O Murchu

Tar éis ionsaí Iosrael ar Ghasá na Palaistíne, is léir go mbaineann an beart seo níos mó le díoltas ar mhuintir na háite ná le tarrtháil a dhéanamh ar shaighdiúir Iosrealach a sciob míleataigh Phalaistíneacha. Níl mórán airde á tabhairt ag meáin chumarsáide an Iarthair ar na híospartaigh shoineanta, idir pháistí, mhná agus fhir neamhthrodacha, atá á marú ó na haer-ruathair agus ó na gunnaí móra i gceann de na háiteanna is plódaithe le daoine ar domhan. Ta tuairim is milliún go leith duine ina gcónaí sa dúiche faoi na coinníollacha maireachtála is crua agus is fíochmhaire dá bhfuil ann. Tá easpa uisce, leictreachais, bia agus bonneagair bhunúsaigh d'aon chineál ar nós scoileanna, leighis, taistil agus aon nithe riachtanacha.

Go dtí seo, tá scrios agus damáiste déanta ag na hIosraelaigh i gcoinne stáisiún cumhachta, an príomhbhóthair idir an chuid Theas agus an chuid Thuaidh, ar bhóithre tábhachtacha eile, ar ionaid dáilte uisce, ar scoileanna, ar ospidéil agus ar bhonneagar na dúiche. Maíonn na hIosraelaigh go bhfuil siad ag cur i gcoinne na míleatach Palaistíneach ach má fhéachtar ar na hionsaithe Iosraelacha, baineann siad níos mó le bonneagar na bPailaistíneach a scrios agus muintir na dúiche seo a choimeád beo bocht.

An chúis, nó an leithscéal, a ghabhann leis an ionsaí ollmhór seo saighdiúir amháin Iosraelach a gabhadh mar ghiall. Ach, b'fhiú a chuimhneamh go raibh ionsaithe eile ar siúl ag na hIosraelaigh roimhe seo, nuair a mharaigh siad breis is tríocha páiste chomh maith le híospartaigh eile ar nós mná ag iompar clainne, seandaoine agus neamhthrodairí eile. Tá 9,000 Palaistíneach i ngéibheann ag Stát Iosrael i láthair na huaire agus an formhór acu á gcéasadh nó a gcearta daonna á sárú. Ó 1967 i leith, meastar gur chaith tuairim is 650,000 fear Palaistíneach tréimhse éigin i ngéibheann, 40% den iomlán.

Tugann na Stáit Aontaithe cluas bhodhar agus súil dhall d'eachtraí na nIosraelach agus ag an am céanna cáineann siad 'sceimhlitheoireacht' ó na Palaistíneach a bhfuil sé de chroí ach troid i gcoinne na brúidiúlachta seo. Chomh maith leis sin, cistíonn na Meiriceánaigh Arm Iosrael leis na billiúin dollar in aghaidh na bliana agus cosnaíonn siad Stát Iosrael ar an gcáineadh idirnáisiúnta. Tagann an chuid is mó den trealamh cogaidh ó dhéantúsóirí Meiriceánacha, ar nós na héileacaptar agus na n-eitleán a ionsaíonn sluaite daoine ar shráideanna plódaithe, na hollscartairí a leagann tithe cónaithe agus sráidbhailte iomlána - iad go léir mar chuid den chistiú bliantúil.

Foclóir

  • míleataigh Phalaistíneacha Palestinian militants
  • íospartaigh shoineanta innocent victims
  • aer-ruathair air raids
  • ionaid dáilte uisce water distribution centre
  • neamhthrodairí non-combatants
  • i ngéibheann incarcerated
  • ollscartairí bulldozers

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland