Top Issue 1-2024

29 June 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Ag fanacht ar Godot

Faic le déanamh agus an lá ar fad chun é a dhéanamh - chonaic mé dráma Beckett don chéad uair le déanaí, mar ní thuigim Joyce agus bhí mé caillte nuair a thosaigh an comhrá ag na cóisir canapés ar bhóthar Sorrento.

Cosúil leis an beirt bhoc in 'Godot' tá mé ag súil leis an lá nuair nach mbeidh faic le déanamh ach suí ar bhalla agus bataí líreacán a bhailiú.

Tá an ré órga linn - táimíd ar fad saibhir agus ag dul ar dhá saoire ach níl an t-ám againn dul áit ar bith - bíonn orainn éirí ar a sé ar maidin agus na páistí a fhágáil ag an naíolann agus dhá uair go leith a chaitheamh i scuaine tráchta ar an M50 ag piocadh ár sróine agus nuair a shroichimid obair, ní bhíonn am againn sos ceart a ghlacadh - táimid ag rith ó rang Geoga go rang Feng Shui in ionad bheith inár suí ar an bhalla ag fanacht ar Godot.

Tá na mílte ag ceannach tithe saoire ar an Costa Brava ach níl aon am againn seal a chaitheamh ansin, mar chaithimid an morgáiste a íoc.

Ba bhreá liom bheith ar ais i mo dhéagóir agus i mo shuí ar an bhalla ag tabhairt amach faoin saol agus ag ól Cidona - níl rud níos fearr ná éirí ag méan lae, éisteacht le Larry Gogan, na cuileoga ar an fuinneog a chomhaireamh agus féachaint ar Wimbledon ar feadh cúig uair a chloig - cén t-amadán a chum an frása -'Aoibhinn beatha an scoláire'.

Chaith mé mo bhlianta meánscoile ag fanacht ar éalú as na cnoic agus ag fanacht ar an mbus agus é ag stealladh báistí.

Tá páistí agus muinteoirí na tíre ag fanacht ar an Aoine; tá Enda Kenny ag fanacht ar mhíorúilt, ach tá a ghruaig ró-chosúil le JFK.

Tá Michéal Mac Dubhghaill ag fanacht ar Mary ach níl sí ábalta bogadh; tá Gearóid Mac A ag fanacht ar Paisley cothromaíocht a thabhairt do Chaitlicigh agus tá na mílte othar ag fanacht ar thrálaithe in ospidéil timpeall na tíre.

An bhfuil muid ar fad ag fanacht ar rud nach bhfuil le tarlú?

An cóir dúinn sos a ghlacadh ón 'roth oibre' agus 'rás na bhFrancaigh' agus taitneamh a bhaint as an bomaite atá linn?

Tá lucht leanúna Bhleá Cliath ag fanacht ar Sam le fada ach b'fhéidir go bhfuil sé le teacht i mbliana - tá Tír Eoghain i ndiaidh titim siar agus Ard Mhacha róshean - agus níl Naomh Peadar ag filleadh i mbliana.

Bhí atmaisféar den scoth ar Cnoc 16 Dé Domhnaigh agus d'fhoghlaim m'iníon teanga nua - níl fhios agam cad é an Ghaeilge ar 'poxy bleedin' farmer' agus bhí go leor den chnoc a rá leis an réiteoir go raibh sé ag imirt agus chan leis an liathróid.

Níl aon dabht ach go raibh cuid den slua ar an chnoc ansin chun íde béil agus sciolladh teanga a thabhairt do na himreoirí, an réiteoir agus muintir na tuaithe.

Bhí mé réidh mo thacaíocht a athrú go dtí gur thosaigh na tuataí ag caitheamh a gcuid ceapairí feola agus uibhe ar an réiteoir agus ag ithe a n-ógánach.

Níl am agam inniu gach dualgas a chomhlíonadh - b'fhéidir go mbogfaidh mé go dtí an Aetóip mar níl sé ach 1678 ansin.

Tiocfaidh an oíche agus beidh mé fós ag fanacht agus faoi bhrú, ag ithe ispíní agus phutóg Chloch na Coillte - b'fhéidir go bhfuil sé in am scaoileadh leis an uaireadóir.

Foclóir

  • Líreacán ice lolly
  • Naíolann creche
  • Cuileog fly (insect)
  • Cothromaíocht equality
  • Íde béil verbal abuse
  • Dualgas responsibility

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland