22 June 2006 Edition

Resize: A A A Print

Teitheadh na Tuaithe

BY Cathal O Murchu

Ó thús dara leath an Fhichiú Aois ar aghaidh nuair a thosaigh tionsclú nua-aimseartha bunaithe ar teiceolaíocht nua, tá próiseas uirbithe imithe i bhfeidhm ar fud an oileáin, go háirithe sa Deisceart. I lár na 1960í, don chéad uair, bhí níos mó daoine ina gcónaí sna cathracha agus sna bailte móra ná mar a bhí ina gcónaí faoin tuath agus iad ag brath ar an talamh chun maireachtála. Ón am sin ar aghaidh, go háirithe i dtréimhse an Tíogair Cheiltigh, tá daoine óga na tuaithe ag teitheadh na talún. Tá cúinsí eacnamaíochta domhanda dírithe anois ar theicneolaíochtaí fáisnéise a bhrathann ar níos mó oideachais, seachas ar an tionscal trom bunaithe ar ghual, ar chruach, ar theicstíl agus ar bhunábhair eilea bhí mar bhunús den chéad réabhlóid tionsclaíochta.

Tá a lán fáthanna ann a bhfuil an próiseas seo ag tarlú - le cúrsaí talmhaíochta athraithe go mór agus le níos mó deiseanna oideachais d'aos óg na tuaithe ar ceann dóibh. Tá an próiseas seo le feiceáil i sochaithe caipitleacha ar fud na Cruinne le níos mó béime ag teacht ar tionsclaíocht ná ar talmhaíocht. Leis an talmhaíocht in Éirinn, tá achar na ngabhaltas éagsúla éirithe níos mó le líon níos lú feirmeoirí ag tabhairt faoin talamh. Seachas na fáthanna eacnamaíochta, tá meath tagtha ar spéis na n-óg sa talamh ach ní hé sin le rá nach mian leis an gcéad ghlúin eile fanacht ina gcónaí faoin tuath. Ach de dheasca easpa deiseanna fostaíochta, tá an tuath á thréigean.

Le go mbeadh tír agus sochaí folláin ann, ba cheart go mbeadh cómheá idir cathair agus tuath. Ní maith an rud do mhuintir na tuaithe nó do mhuintir na cathrach go mbeadh an iomarca uirbithe ar siúl agus na fadhbanna tráchta, forbairt dhoshrianta, easpa bonneagar cúi leagtha agus fadhbanna comhshaoil a ghabhann leis.

Ciallaíonn sé sin go mba cheart go mbeadh fás agus forbairt dírithe ar cathracha agus ar bailte dlútha sárphleanáilte a thógáil agus a chothú, chomh maith leis an bhforbairt céanna a bheith dírithe ar ceantracha tuaithe le bonneagar cuí leagtha - bunaithe ar acmhainní tuaithe ar nós chumhacht ghaoithe, chumhacht thoinne, iascaireachta, foraoiseachta, ola agus gáis (chomh fada nach bhfuil siad bronnta soar in aisce do chomhlachtaí iltíortha!), agus mianraí nádúrtha. Le go mbainfear is mó tairbhe as na mianraí agus na hacmhainní seo, ba cheart go nglacfaidh an stát ról lárnach lena bhforbairt.

Maidir le talmhaíocht, d'fhéadfaidh an stát comhfheirmeacha a bhunú trí thalamh a cheannach ó úinéirí talún agus cuirfidh sé seo fostaíocht ar fáil ar bhonn tuaithe. An buntáiste a ghabhann leis an mbeart seo ná go bhféadfar an talamh a obair ar mhódh éífeachtach. Ar an lámh eile, d'fhéadfaí comharchumainn idir feirmeoirí a bhunú agus iad a thacú le creidmheas ón stát.

Le táirge na talún, tá bunús ag an stát infheistíocht a dhéanamh i dtionsclaíocht bunaithe ar acmhainní tuaithe na tíre seo seachas a bheith ag brath ar infheistíocht na gcomhlachtaí iltíortha. Cóilíneacht eacnamaíochta ag comhlachtaí iltíortha is ea an tír seo. Sin an laigeacht is mó a bhaineann le Plean Whittaker sa chaoi gur mhaígh sé spleáchas ar infheistiú ó chomhlachtaí iltíortha.

Foclóir

  • tionsclú industrialisation
  • próiseas uirbithe urbanisation process
  • talmhaíocht agriculture
  • gabhaltas holding
  • forbairt dhoshrianta unrestricted development
  • bonneagar infrastructure
  • cumhacht ghaoithe wind power
  • comhlachtaí iltíortha multinational companies
  • comhfheirmeacha collective farms
  • comharchumainn co-operative
  • creidmheas credit

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland