Top Issue 1-2024

15 June 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Ag Teacht Slán As

Thit mé I laige aréir ag féachaint ar Brazil agus na Croats, agus iad ag póg a chéile agus ag luí ar an talamh ag cuimilt a nglúin. Nuair a bhaineann tú an 'hype' ar fad a chruthaíonn na meain cumarsaide thart air tá sé ionatch leadránach, agus níl móran ag tarlú san iomaint agus 'bogball' faoi láthair.

Mar sin, ag tabhairt cluas bodhar do chomhairle sean rothaí Poblachtánach, lion mé mo mhalaí le sairdín, pasta agus EPO's agus thug mé aghaidh ar shléibhte Cill Mhantáin I gcomhair rothaíocht 140 cileaméadar.

Bhí ós cionn mile go leith geallt eile in eineacht liom, iad ar fad I ndiaidh a gcosa a bhearradh agus gléasta go proifisiúnta ar rothair a chosnaigh na mílte.

Ní dhearna mé rud ríamh chomh deacair I mo shaol - ar a laghad ní mhaireann an marathon ach 4 uair a chloig agus tá go leor seandaoine I do dhiaidh.

Mhair an deabhall-rothaíocht seo ó mhaidin go h-oíche agus ní raibh aon mhaitheas I mo EPO; thainig mé slan as sa deireadh agus mé fós ag fulaingt

Ach chuir sé mé ag smaoneamh faoi na geallt ar fud an domhain a chuireann a saoil I mbaol gach deireadh seachtain- cad faoin geallt a ghearr a lámh as le scian phóca nuair a raibh sé greamaithe faoi chloch nó na marthanóirí ón Argintín a d'ith a chéile gan ketchup, nuair a bhuail a eitleán in aghaidh chnoc sna Andes.

Tá caint ar maidin faoi scoileanna a dhruideadh I gcomhair an marthanóir polaitíochta, Cathal Ó hEochaidh , a fuair bás I rith na seachtaine - "is Cuma liom cad a deirtear faoi , thug se an pas bhus do na seandaoine" a deir Micilín liom.

Cad is féidir a rá faoi- ní dhearna sé faic ríamh faoin cheist náisiúnta nach raibh difriúl ó Fhine Gael, agus gur chaith sé a lán airgid ar charbhat agus leine síoda agus ar bhád le Terry Keane ag ól seaimpín agus ag rá le cosmhuintir na tíre a gcrios a theannadh !

Bhí stíl grauige uafásach aige cosúil le polaiteoirí an ré sin nuair a raibh cead agat airgead a ghlacadh ó chomhlachtaí tógála agus Ben Dunne.

Bhí dúil aige marcaíocht ar thrá Phortmearnóg agus ní raibh fhios ag éinne cad as a fuair sé an airgead ar fad I gcomhair a theach galánta agus a seaimpín; agus nuair a fuaireamar amach cad as a tháinig na mílte bhí trua ag gach duine dó agus cuireadh Liam Lawlor I bpriosún ina h-áit.

Bhí capall mór aige agus cheap se gur Napoleon é agus lion sé a phócaí le airgead daoine eile.

Dúirt sé go mairfidh sé go deo ach tagann deireadh le gach rud agus ní féidir leat cumhacht agus óir a thabhairt go dtí an uaigh leat.

Níor tháinig sé slán

Foclóir

  • I laige unconscious
  • Marthanóir survivor
  • Cumhacht power
  • Carbhat tie
  • Mair exist
  • Chruthaíonn create
  • Leadránach boring

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland