15 June 2006 Edition

Resize: A A A Print

Spórt agus Polaitíocht - An Chraobh Dhomhanda

BY Cathal O Murchu

Deirtear nach meascann spórt agus polaitíocht, agus go hiondúil, sin mar a mhaíonn tráchtairí lagmheasartha den chuid is mó. Ach ní amhlaidh atá fíor. Ceann de na fáthanna is mó ghabhann lucht féachana na Cruinne an-spéis sa Chraobh Dhomhanda Shacair ná na coimhlintí idir tíortha éagsúla, idir córais ídé-eolaíochta éagsúla, idir an Domhan Saibhir agus an Tríú Domhan, idir ciní daonna éagsúla agus mar sin de. Chomh maith leis na coimhlintí polaitiúla éagsúla, tá spéis fhíréanta ann cinnte don spórt é féin, d'fhoirne idirnáisiúnta agus do shárimreoirí ar leith.

Is fíorannamh nach mbíonn ábhar conspóideach le plé faoi ghné éigin den Chraobh Dhomhanda. Cé a dhéanfaidh dearmad ar an gCogadh Cathartha a bhí ann idir luchtanna tacaíochta McCarthy agus Keano. Agus nach raibh a fhios ag cách go raibh an ceart iomlán ag McCarthy! Mhaígh a lán nach ngabhadh rath ar bith leis an bhfoireann gan Keano, ach ní amhlaidh a bhí sa chaoi gur d'imir siad peil den scoth agus mí-ádh orthu nár ndeachaigh siad níos faide.

Ábhar conspóideach eile atá tagtha chun solais ná na Sasanaigh anois ag admháil nár thrasnaigh an liathróid an líne sa chluiche ceannais i 1966, rud a bhí ar eolas ag cách ceanna féin. Bhí cuimhní géara a mhair, agus a mhaireann fós, idir na Gearmanaigh agus na Sasanaigh ó na cogaí domhanda. Ach nach bhfilleann an feall ar an bhfeallaire i 1986 nuair a chloignigh Maradona an liathróid i gcúl na Sasanach lena cheann, cé gur lig sé air gur úsaid sé a lámh! Masla ar ghortú, lean Maradona ar aghaidh chun an cúl ab fhearr riamh sa chomórtas, b'fhéidir, a scóráil sa chluiche céanna. Lámh Dé dar lena lán a thug bata agus bóthair do na Sasanaigh. Bhí cuimhní géara ag na hAirgintínigh iad féin faoi na hOileáin Malvinas a ghoid sean-impireacht ceithre bliana roimhe sin.

In Italia 90, i gceann de na craobhacha ba shuimiúla riamh, ghlac Éire páirt sa chéad uair riamh agus cé nár bhuaigh siad cluiche ar bith, d'éirigh leo ochtú áit a bhaint amach ar a gcéad iarraidh i ndiaidh Schillaci an chaidhp bháis a chuir ar bhrionglóid na nGael. Cuimhníodh ar Higuita, cúl-báire craiceáilte na Colóime lena heachtraí dochreidte; an chéad chluiche nuair a tharla eachtra dochreidte agus an Chamarún a fuair ceann ar barr seaimpíní na Cruinne - an Airgintín!; Staurt Pierce a rinne praiseach den chic píonóis, hee, hee, hee, agus na Sasanaigh imithe abhaile arís gan an corn!; agus a lán torthaí nach rabhthas ag súil le foirne laige ag fáil cinn in uachtar ar na foirne tréana.

Níl an spéis nó an tsuim chéanna, afach, ag gabháil leis an gCraobh i mbliana sa tír seo agus na Buachaillí Uaine gan a bheith ann. Ach ar a laghad, beidh roinnt foirne ag tabhairt faoinár seán-naimhde, na Sasanaigh, cé go maíonn leitheidí in RTÉ ar nós Ryan Tubridy, Bill Herlihy, srl., go bhfuilimid ag eirí níos bádhúla do na Sasanaigh, mar dhea, mar gheall go bhfuilimid níos aibí! Ní hé an chéad uair a chuir RTÉ dallamalóga orthu féin maidir le tuairimí ghnáthdhaoine na tíre seo agus maraon le cuid eile de mheán cumarsáide anseo, ní bheidh siad ró-bhuartha faoi.

Mar sin, le linn na laethanta breátha a bheidh le teacht, suígh siar le dlúthchairde os comhair na teilifíse agus oscail na buidéil!

Foclóir

  • Craobh Dhomhanda World Cup
  • lagmheasartha mediocre
  • fíréanta sincere
  • conspóideach controversial
  • cluiche ceannais final match
  • cuimhní géara bitter memories
  • feallaire evil-doer
  • caidhp bháis kibosh
  • craiceáilte crazy
  • na Buachaillí Uaine the Bhoys in Green

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland