Top Issue 1-2024

18 May 2006 Edition

Resize: A A A Print

Tiocfaidh Ármani! - Cúlchaint le Seán ó Donaile

Cén fáth nach chaitheann comhairleoirí Shinn Féin carbhat buí galánta cosúil le Enda Kenny agus cad chuige nach bhfuil stíl gruaige néata Willie O'Dea acu? An bhfuil sé fíor go bhfuil Sinn Fein ag dul an treo sin?

Is cuimhin liom an chéad uair a bhí ceannaire Shinn Fein ar an teilifís ; ní raibh ach seaicead amháin aige a cheannaigh se ar 9.99 I Michael Guineys agus poll ar na uillinn agus bhí orm a charbhat a cheangailt dó.

Bhí iarrthóir I toghchán na hEorpa sna nochaidí agus é ag rith I gcomhair Brussels ar rothar dara lámha nuair a bhí na bodaí móra ag taisteal sna Mercs. Ar a laghad mheas sé go raibh sé I bhfad níos dáthúla ná iarrthóir ar bith eile; áfach ní raibh muintir na tíre in ann é a fheiceáil ar an teilifís de bharr an cinsireacht a bhí I réim ag an ám agus Alt 31.

B'fhéidir go raibh sé oiriúnach ag an ám mar bhí an-chuid polaiteoirí na gluaiseachta ina 'sceilpín faisin'- sa Tuaisceart bhí ort seaicéad leathair as Bowsie Casey's a chaitheamh le carbhat tanaí dearg agus I nDeisceart na tire bhí ort bolg mhór nó cúpla tattoos a bheith agat.

Caitear a ra go raibh cuma an nua aimsire ar Enda Kenny le deanaí agus é ullmhaithe go maith ó thaobh béim agus luas cainte ag Ard Fheis a phairtí. An mise an chéad duine ríamh a thug aon saghas moladh do cheannaire Fhine Gael sa pháipéar seo?!

Ach faoin faisean agus óráid ní raibh aon rud difriúil a rá ag Enda a sheasann amach ó polaisthe Fhianna Fáil. Tá Fine Gael mar Man City sa Dail I gcomparáid le Alex Ahern agus Willie Van Nistelroy.

Dúirt sé go bhfuil daoine ag marú a chéile agus go bhfuil an ráta coireanna ag ardú- Ach tá daoine ag marú a chéile ó tús staire agus níl mórán athrú ar ráta coireanna le fada.

Níl aon maitheas bheith ag caint faoi droch staid ospidéil agus scoileanna an Stáit muna bhfuil pairtí sásta a rá cad as a thiocfaidh an t-airgead- caithfear cáin a ardú.

An bhfuil aon pairtí, Sinn Féin ina measc, sásta a rá ós chom,hair an phobail go gcaithfear cáin a ardú ionas go dtiocfaidh feabhas ar an Córas Oideachais agus Sláinte? Nó an bhfuil eagla ar gach páirtí vótaí a chailliúint? Níor tharraing aon mórán iriseoirí aird ar seo ach amháin an sean bleachtaire Vincent Browne.

Tá níos mó béim ar cuma agus eadaí polaiteoirí in ionad bheith ag ceistiú a bpolasaithe agus an idéalachas.

An bhfuair Fine Gael réidh le John Bruton agus Michael Noonan de bharr go raibh Cuma sean aimsire acu ar an teilifís?

An bhfuilimíd ag dul I dtreo na Stáit Aontaithe ionas go mbeidh ar gach polaiteoir bheith pósta le beirt pháiste agus bean cheile dílse; ag freastal ar Aifreann agus gan bheith ag caitheamh wací-bací ríamh?!

Thosaigh an athrú faisin ar Phoblachtánaigh leis an sos cogaidh I '94 agus an iomarca cáis agus fíon I gCaisléan Áth Cliath agus Stormont. Cuireadh bac ar na culaith spoirt agus na geansaí peile agus ní raibh cead níos mó ag Larry Ó'Toole a chulaith a cheannach I Fred's Fashions!

Tá Sinn Féin athraithe go mór ó shin- 'Tiocfaidh Armani' a ghlaonn siad orainn anois agus s'iad na IRP's an t-aon dream ata fós ceangailte le faisean na h-ochtoidí!

Níl polaiteoirí níos nua aimsire ná Mary Lou ná Killian agus leanann an t-aos óg Gerry mar réalt pop cheoil agus é in VIP na laethanta seo!

Ós rud e go bhfuil Poblachtánaigh ag fáil réidh leis na 16-hole-Doc's agus ag bogadh I dtreo 'Paris san tEarrach' an dtiocfaidh athrú ar na polasaithe ?

An mbeidh orainn éadaí Fianna Fáil a chaitheamh I rialtas nua agus níos measa stíl gruaige na FF'ers a ghlacadh ? Nó an gcloífímíd leis na gnáth bhríste?

Foclóir

Ceannaire leader

Iarrthóir candidate

Cinsireacht censorship

Sceilpín faisin fashion victim

Aird attention

Bleachtaire investigator/detective

Nua-aimsire modern/trendy


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland