Top Issue 1-2024

11 May 2006 Edition

Resize: A A A Print

Margadh na Striapach Tráchtaithe - LE CATHAL Ó MURCHÚ

Ó a thit an córas cumannach as a chéile ag tús na naochaidí in Oirthear na hEorpa, is léir go bhfuil na sochuithe úd imithe chun siobarnaí le muintearas, comharsanas, dlúthpháirtíocht imithe go gairid ina ndiaidh, Ceann de na gnéithe is gránna den chóras caipitleach nua atá tar éis dul i bhfeidhm sna tíortha seo, ná tráchtú idir bhan is páistí chun fíorsclábhaíocht sa mhargadh gnéis.

Tosaíonn an chineál trádála seo in Oirthear na hEorpa, i dtíortha ar nós an Romáin, an Mholdóiv, an Liutuáin, an Laitvia, an Rúis, an Albáin agus a lán eile, mar shampla, iarthíortha na hIúgasláive - go bunúsach, tíortha atá beo bocht ina bhfuil fíor-dhúshaothrú ar siúl. Coirpigh eagraithe nó maifianna áitiúla de ghnáth a bhíonn i mbun cailíní saonta gan chosaint nó mí-úsáidte a ghríosú chun oibre i ngleannta glasa Iarthar na hEorpa, mar dhea!. Gealltar fostanna dóibh mar chailíní freastail nuair a shroicheann siad tír san Iarthar agus ansin coimeádtear iad i ngéibheann in éadan a dtola agus imrítear foréigean agus eigniú fíochmhar i gcoinne iad siúd nach ndéanann de réir a máistrí nua. Is minic nach bhfuil a fhios acu cén tír ina bhfuil siad ann fiú. I bhformhór cásanna, brúitear iad i dtreo an striapachais.

Freastlaíonn na sclábhuithe gnéis seo ar shráideanna agus i ndrúthlanna ar fud Iarthar na hEorpa, áit a bhfuil a lán airgead incaite ag sruthadh timpeall i measc fir óga. Maraon le haon córas nó caidreamh dúshaothraithe, is caidreamh neamhionann idir beirte (nó dhá pháirtí) é an striapachas ina ndéantar faillí agus scrios ar dhínit agus féinmheas an duine atá ar díol.

Bíonn cineálacha éagsúla striapachais ann gan amhras agus ní bhíonn foréigean fisiciúil ann i ngach cás, ach go bunúsach, is gnó foréigeanach é. Baineann an striapachas tráchtaithe leis an chuid is measa de. Is é Stát an Fiche Sé Chontae an t-aon tír go dtí seo nach bhfuil sé mídhleathach trácht a dhéanamh ar dhaoine. Mar a tharlaíonn sé, is eachtranaigh iad formhór na striapach a oibríonn anois i dtionscal an ghnéis. Tá níos mó cásanna ag teacht chun solais anois maidir leis an trachtú i ndaoine seo atá ag tarlú ar an oileán seo, an formhór acu sa trádáil gnéis.

Maíonn Ruhama go bhfuil breis is 30 cás de mhná a thráchtú go dtí an tír seo chun oibre sa tionscal gnéis i dtithe damhsa uchta agus i ndrúthlanna. Ach creidtear freisin go bhfuil an fíoruimhir i bhfad níos airde, go háirithe os rud é an-chuid rúndachta ag gabháil leis an bhfadhb seo agus go bhfuil na híobartaigh dofheicthe i bhformhór cásanna.

Focloir

imithe chun siobarnaí ...... gone to pot

muintearas ...... kinship

tráchtú ...... trafficking

margadh gnéis ...... sex market

fíor-dhúshaothrú ...... extreme exploitation

striapachas ...... prostitution

sclábhuithe gnéis ...... sex slaves

tithe damhsa uchta ...... lapdancing clubs

drúthlanna ...... brothels

íobartaigh ...... victims


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland