Top Issue 1-2024

27 April 2006 Edition

Resize: A A A Print

Na Stailceanna Ocrais, 25 bliain ar aghaidh

Le linn comóradh 25 bliain tar éis na stailceanna ocrais i mbliana, is léir go rachaidh an eachtra seo i bhfeidhm go mór ar stair na hÉireann. Is fíor é seo in ainneoin gach iarracht ó fhrith-phoblachtánaigh aontachtóireacha agus ó athbhreithneoirí lucht cumhachta sna Sé Chontae is Fiche neamhaird a dhéanamh ar an eachtra seo. Nuair a bhí suim na Cruinne múscailte faoin méid ar tharla i 1981, lig RTÉ agus na meáin i gcoitinne nach raibh aon scéal mór ag gabháil leis na stailceanna ocrais os rud é go raibh cinsearacht oifigiúil i bhfeidhm i gcoinne aon ní phoblachtánach. D'ainmníodh sráideanna ar fud an domhain i ndiaidh Bobby Sands i dtíortha ar nós an Iaráin, na Stáit Aontaithe, an Fhrainc agus neart eile, nuair a scaip an scéal faoi bhás Bobby. Ach ba bheag a bhí le cloisteáil ó na meáin oifigiúil agus ón lucht polaitíochta in Éirinn, seachas an cáineadh.

Aithnítear go ginearálta sa lá atá inniu ann go raibh ceart agus cóir ag gabháil le hagóid na gcimithe ag éileamh ar son stádas polaitiúil. Le linn na hama, fiú, thuig na húdaráis go maith nár gnáthphríosúnaigh iad, sa chaoi gur chaith siad go brúidiúil ar chimithe poblachtánacha mar naimhde cogaidh. Má bhí aon chruthúnas ann gur thuig na húdaráis gur cimithe polaitiúla iad na poblachtánaigh faoi ghéibhinn, ba é nuair a scaoileadh amach iad tar éis socrú Aoine an Chéasta mar chuid den socrú polaitiúil úd. Cibé cur i gcéill a thagann amach ó leitheidí an Sindo, na haontachtóirí sa Tuaisceart, na hathbhreitheoirí sa Deisceart agus frithghníomhuithe eile maidir leis na Stailceadóirí Ocrais, aithneofar mar laochra ar son sochaí feabhsaithe iad, díreach mar a d'athnigh poblachtánaigh iad ceanna féin. Nach iad poblachtánaigh a d'aithnigh laochra 1916 i gcónaí nuair a rinne na húdaráis na Sé Chontae is Fiche neamhaird orthu agus a rinne na hathbhreithneoirí gach iarracht a gclú a mhilleadh. Anois glactar go ginearálta leis an laochas ar ghabh leis an eachtra seo.

Bhí íomhairtí móra a d'eascraigh as an dá eachtra seo. Borradh mór millteach do na gluaiseachtaí frith-chóilíneachta ar fud na Cruinne san fhichiú haois, nuair a buaileadh an chéad buille i gcoinne impiriúlachas i Seachtain na Cásca 1916 agus ní bheadh an Domhan riamh mar an gcéanna ina dhiaidh sin. I 1981, bhí mórtas ar an Domhan nuair a lig Rialtas na Breataine ball a bpairliminte féin bás a fháil ar son éilimh réasúnta an stádais pholaitiúil. Ní ionann neart agus ceart, agus b'inn a léirigh an dáréag stailceadóirí ocrais a fuair bás ag tréimhse na coimhlinte seo.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland