20 April 2006 Edition

Resize: A A A Print

Ag Cuimhniú ar an Éirí Amach

BY Cathal O Murchu

Is cosúil go bhfuil gach éinne ina bpoblachtánach anois go bhfuil tóir mhór ar an bpoblachtánachas. Ach ní amhlaidh a bhí i gcónaí. Anois tá naocha bliain caite ó Éirí Amach na Cásca i 1916 agus tá Stát na Sé Chontae is Fiche ag déanamh comóradh mar ba cheart dóibh ar an eachtra seo, rud a rinne poblachtánaigh i gcónaí. B'fhiú a chuimhniú tráth úd gur chuir údaráis na Sé Chontae is Fiche cosc iomlán ar phoblachtánaigh comóradh a dhéanamh ar 1916 agus a scaoileadh na Gardaí chun batráil a thabhairt dóibh siúd ar thug ómós cuí do lucht an Éirí Amach. Ní amháin sin, áfach, ach rinne an stát úd gach iarracht a dhéanamh an poblachtánachas a ghlanadh ón stair, rud nár lig do phoblachtánaigh a tharlú. Cuireadh deireadh leis an máirseáil míleata i 1970. Ní amháin gur chuir na hathbhreithneoirí oifigiúla i gcoinne aon ní poblachtánach, ach gur cuireadh i gcoinne nithe gaelacha, nithe náisiúnacha agus aon ní a d'fhéadfadh muintir na Éireann a bheith bródúil as. Ó na seachtóidí ar aghaidh go dtí sos comhraic Óglaigh na hÉireann i 1994, bhí an focal deireadh ag na hathbhreithneoirí go hoifigiúil.

Fadhb mór a bhain leis na hathbhreithneoirí ná go ndearna siad gach iarracht tuairimí eile a choimeád faoi smacht agus tuigeadh go coitianta i deireadh thiar thall nárbh iontu ach biogóidithe frith-phoblachtácha, frith-náisiúnacha, frith-ghaelacha agus níorbh fada go ndeachaigh a dtuairimí i léig.

Nuair a d'fhógair Bertie Ahern go gcuirfidh tús arís le paráid mhíleata fhórsaí cosanta na Sé Chontae is Fiche chun ómós a dhéanamh ar 1916, ba léir go raibh sé ag aithint go bhfuil formhór mhuintir na tíre seo bádhúil do lucht an Éirí Amach. Ba mhaith an rud é go bhfuil an stát ag comóradh na hócáide seo cé go dtuigeann poblachtánaigh nach rud an méid sin foirfeachta ag gabháil leis. Ciallaíonn sé go bhfuil an argóint buaite ag na poblachtánaigh agus in ainneoin an cumhacht a bhí ag leithéidí Conor Cruise O'Brien, Ruth Dudley Edwards, Roy Foster, RTÉ agus formhór iriseoirí oifigiúla, níor glacadh leis an dearcadh acu siúd.

Chun a chur in iúl cé chomh mór agus atá cúrsaí athraithe, rinne an Pairtí Lucht Oibre comóradh ar an Éirí Amach ar Luan Cásca seo caite. Caithfear a rá gur comóradh neamhéifeachtach, neamhfhuinniúil agus neamheagraithe a bhí ann, ach ar a laghad, rinneadh é. Ní amháin sin, ach chonacthas Liz McManus gléasta i gcolaith óglaigh agus ag iompar brat an chamchéachta!

Gluais Focal

  • tóir popular
  • batráil battering/beating
  • máirseáil míleata military march
  • na hathbhreithneoirí the revisionists
  • biogóidithe bigots
  • fórsaí cosanta defence forces
  • foirfeacht sincerity
  • neamhéifeachtach ineffective
  • i gcolaith óglaigh in volunteer uniform
  • brat an chamchéachta starry plough banner

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland