Top Issue 1-2024

13 April 2006 Edition

Resize: A A A Print

1916 - 2006: An Éirí Amach agus ath-Ghaelú na hÉireann

BY Mícheál MacDonncha

Gaeil iad fhéin...

"Gaeil iad fhéin ní Gaill ná Spáinnigh" a deir amhrán an Phiarsaigh An Dord Féinne. Gaeil a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca agus bhí an Éirí Amach mar thoradh ar 'ath-Ghaelú' na hÉireann a bhí ar siúl ó bhunú Chonradh na Gaeilge in 1893 nó níos faide siar le bunú Chumann Lúthchleas Gael in 1884.

Bhí an Conradh, CLG, Sinn Féin agus na hÓglaigh fite fuaite agus bhí an chuid is mó de na daoine a throid i 1916 páirteach in dá nó trí de na heagrais sin. Taobh istigh de na heagrais go léir bhí Bráithreachas na Poblachta ag obair chun daoine a spreagadh chun troda ar son na saoirse.

Ar ndoigh bhí tionchar ollmhór ag Conradh na Gaeilge ar an saol náisiúnta agus ar an saol soisialta. Bhí an Conradh oscailte do mná agus fir. Ghlac Caitlicigh agus Protastúnaigh páirt ann. Chuir sé béim ar féin-mheas phobal na hÉireann. Eagras neamh-polaitúil a bhí ann ach eagras náisiúnta ag an am chéanna. Ba léir ó obair an Chonartha nárbh fhiú neamhspleachas polaitiúl na hÉireann amháin. Gan an teanga Ghaeilge agus an cultúr Gaelach ní bheadh náisiún na hÉireann ann.

Tá conspóid fós ann faoi na himeachtaí ag Ard Fheis an Chonartha i nDún Dealgan i 1915. Cuireadh rún os comhair na hArd Fheise, rún a raibh baill den IRB mar urraithe air. Bhí sé mar leasú ar Bhunreacht an Chonartha agus dúirt sé:

"Gan baint ar bith a bheith ag Conradh na Gaeilge le haon cheist pholaitíochta nó le haon cheist chreidimh, agus gan a bheith de chúram ar an gConradh ach náisiún Gaelach neamhspleách a dhéanamh d'Éirinn, saor ó gach ceannsmacht Gallda."

Glacadh leis an rún ach d'éirigh Dúbhglas de hÍde as an uachtarántacht dá bharr. B'shin an fhadhb ba mhó leis an rún; ba léir faoin am sin go raibh na Conraitheoiri ar son neamhspleachas na hÉireann, cé go raibh easaontais eatartha maidir le conas an neamhspleachas sin a bhaint amach. Mar a dúirt an Piarsach, na gluaiseachtaí a d'fhás as an gConradh a bheadh chun tosaigh ag obair ar son na hÉireann "ní hamháin saor ach Gaelach, ní hamháin Gaelach ach saor".

Conraitheoirí iad an cuid ba mhó de na ceannairí a cuireadh chun bás in 1916. Mar an gcéanna le Chumann Lúthchleas Gael. San eagras sin a fuair fir óga cleachtadh sular bunaíodh na hÓglaigh in 1913. Agus chuaigh siad ina mílte isteach sna hÓglaigh. Ghlac cumainn de chuid an CLG, chomh maith leis an Ard Chomhairle, Boird Chontae agus Comhairlí na gCúigí, páirt i sochraid Uí Dhonnabháin Rosa i 1915. Sampla maith ab ea Harry Boland - Cathaoirleach an Bhoird Chontae i mBaile Átha Cliath, imritheoir ar an bhfoireann Chontae iománaíochta, Óglach agus ball den IRB.

Cuireadh na Sasanaigh cosc ar an nuachtán Gaelic Athlete cúpla seachtain roimh an Éirí Amach. Bhí an méid sin fir CLG páirteach san Éirí Amach agus faoi ghlas ina dhiaidh go raibh siad in ann cluiche ceannais speisialta - Comórtas Wolfe Tone - a chur ar siúl i gCampa Geibhinn Frongoch i mí Iúil 1916.

Ó pheann an Phiarsaigh

Scríobhneoir cumasach ab ea Pádraig Mac Piarais. Bhí sé mar eagarthóir ar nuachtán Conradh na Gaeilge An Claidheamh Soluis ó 1903 go dtí 1909. Scríobh sé iriseoireacht, filíocht agus gearrscéalta i nGaeilge, d'aistrigh sé filíocht ón nGaeilge agus scríobh sé filíocht i mBéarla, chomh maith lena scríbhinní polaitiúla sa teanga sin.

Dúirt an Piarsach gur cuireadh tús le réabhlóid na hÉireann nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i 1893. "Dá gcaillfí an Ghaeilge, chaillfí Éire" a scríobh sé i 1912. Sa bhliain sin a chas sé i dtreo na polaitíochta. Go dtí sin bhí sé ina ghníomhaí teanga, iriseoir, múinteoir agus máistir scoile. Bhí Scoil Éanna bunaithe aige ó 1908 agus ón Díseart i Ráth Fearnáin, teach ina raibh Scoil Éanna lonnaithe ó 1910, áit a raibh ceangal le Robert Emmet, bhí smaointí polaitiúla an Phiarsaigh ag fás agus ag forbairt.

Ach ní raibh sé ina phoblachtánach amach is amach go fóill. Chomh déanach le mí Marta 1912 bhí an Piarsach ar ardán Home Rule i Sráid Uí Chonaill le John Redmond ó Phairtí na hÉireann. Is suimiúl an óráid a thug sé an lá sin. Ba léir nach raibh sé ar aon intinn le Redmond ach thuig sé tábhacht an chur le chéile, nuair a dúirt:

"Tá daoine ar an láthair seo gur cuimhin leo ocht agus ceathrú milliún Gael ar thalamh na hÉireann. Níl againne ach ceithre milliún agus a dtrian san ceannaithe ag Gaill. Ach ní lúide ár misneach an díth a chuaigh orainn agus ní lúide ár ndóchas na catha briseadh orainn. Músclaimis ár meanma arís. Tá oiread anseo is a chuirfeadh impireacht Shasana ar neamhní ach iad a bheith ar aon aigne agus iad do chur chuige i gceart...Tá dream dínn a bheadh sásta le bheith faoi cheannas Rí Shasana ach saoirse a bheith again ina bhfearainn féin. Tá dream eile dínn nár chrom ár gceann is nár fheac ár nglúin in ómós do Rí Shasana riamh agus nach ndéanfaidh go deo. Táim-se ar an dara dream den dá dhream sin mar is eol do chách."

An abairt is cáiliúla a dúirt an Piarsach an lá sin ná seo: "Tuigeadh Gaill má fealltar orainn arís go mbeidh ina chogadh chraorag ar fud na hÉireann."

Agus rinneadh feall orthu. Ghéill an Rialtas Liobrálach do na Tóraithe agus do na hAontachtóirí a bhí ag bagairt 'cogadh craorag' in Éirinn dá mbeadh Home Rule curtha i bhfeidhm. I mí Aibreán 1912 scríobh an Piarsach alt ina iris polaitiúl An Barr Buadh ina ndúirt sé:

"An bhfuil Gaeil na haoise seo chomh meata sin is go gcuirfidís iad féin faoi gheasa agus faoi mionna bheith dílis do choróin Shasana go deo na díleann ach Feis (pairlimint) d'fháil a bhéas faoi cheannas Gall agus ceangal i bhfad níos crua uirthi ná mar a bhí ar an bhFeis ar éirigh Wolfe Tone ina coinne? An é atá uainn an ní ná fhulaingeodh Wolfe Tone, ceannas Gall, do bhuanú in Éirinn?"

Ba léir don bPiarsach faoi 1913 go raibh Redmond agus a lucht tacaíochta i Westminster ceannaithe ag Rialtas Shasana. Duine de bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann sa bhliain sin 1913 ab ea an Piarsach. Ba i mBéarla atá na scríbhinní polaitiúla is cumhachtaí ag an Piarsach - The Murder Machine, Ghosts, The Separatist Idea, the Spiritual Nation agus The Sovereign People. Ach sna dánta Gaeilge thíos léirítear a fhearg faoin ghéilleadh sin ag Redmond - Mise Éire - agus an dóchas a bhí aige go raibh Óglaigh na hÉireann chun troid ar son na saoirse - An Dord Féinne. Mar amhrán mhairseáil do na hÓglaigh a scríobh sé An Dord Féinne, amhrán atá fós i mbéal an phobail, mar atá ainm an fhile a cuireadh chun bás ag Rialtas Shasain 90 bliain ó shin.

Mise Éire

Mise Éire - sine mé ná an Chailleach Béarra.

Mór mo Ghlóir - mé do rug Cú Chulainn cróga.

Mór mo náire - mo chlann féin do dhíol a máthair.

Mise Éire - uaigní mé ná an Chailleach Béarra.

An Dord Féinne

(Oró 'Sé do Bheatha 'bhaile)

Óró 'Sé do bheatha 'bhaile,

Óró 'Sé do bheatha 'bhaile,

Óró 'Sé do bheatha 'bhaile,

Anois ar theacht an tsamhraidh!

'Sé do bheatha a bhean ba léanmhar,

B' é ár gcreach tú bheith i ngéibhinn,

Do dhúiche bhreá i seilibh meirleach...

Is tú díolta leis na Gallaibh!

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile,

Óglaigh armtha léi mar gharda,

Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh...

Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh!

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceann,

Muna mbíonn beo ina dhiaidh ach seachtain,

Gráinne Mhaol is míle gaiscíoch...

Ag fógairt fáin ar Ghallaibh!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland