13 April 2006 Edition

Resize: A A A Print

Féile na nGael sa Chabhán

Ag an deireadh seachtaine seo caite, bhí GaelFest ar siúl i mBaile an Chabháin agus tháinig idir Gaeil óga agus Gaeil shinne, chomh maith le daoine as tíortha eile, ann chun craic agus ceol a bheith acu. Ba é grúpa óg forbartha Gaeilge, ar Glór Bhréifne an t-ainm orthu, a d'eagraigh an ócáid chultúrtha agus a fuair tacaíocht ó Raidió na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Iomairt Cholm Cille. Go bunúsach, na himeachtaí a bhí ar siúl ná cheolchoirm de healaíontóirí móra le rá, ceardlanna ar staid na Gaeilge, céilí mór agus an raidhse seisiún ar fud Bhaile an Chabháin.

Mar a tharla sé, bhí Ard Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúl an deireadh seachtaine céanna i nDún Dealgan agus ba thrua an rud é gur tháinig an dá ócáid salach ar a chéile. Bhí cuid mhaith de lucht ócáide na féile imithe go dtí an Ard Fheis ar feadh sealanna éagsúla. Bhí slua mór ag an bhféile a tháinig ó Bhaile Átha Cliath, ó na Sé Chontae, ó cheantar na teorainne agus slua mór ón Albain.

Thosaigh an fhéile ar Oíche Aoine le cheolchoirm den scoth agus ceoltóirí/ealaíontóirí éagsúla ó Éirinn agus ó Albain ag seinm ann. Ba iad Bréag, Na Fíréin, John Spillane, Anam agus Blunderbrau na bannaí a bhí ag seinm. Thosaigh Bréag ar dtús, banna Reggae ó Bhéal Feirste, agus ba léir go raibh an-tóir orthu i measc an lucht éisteachta. Ina ndiaidh iad siúd, tháinig laochra rac-cheoil Ghaeilge na n-ochtóidí amach agus cuireadh fáilte ollmhór rompu siúd. Sheinm siad na seanamhráin chlasaiceacha ar nós Tír na nÓg, Dífhostaithe, Deire na Seachtaine, Saighdiúirí, Fíon Fionn na Gréige, Dúnta i nGrá, Oíche sa Ghréig - na hamháin ab fhearr acu gan amhras. Tar éis dóibh siúd, tháinig an cumadóir/amhránaí John Spillane ar an stáitse agus chan sé raidhse amhráin dá chuid féin as Gaeilge. An chéad bhanna a tháinig amach ná Anam, banna as Albain le raidhse amhráin idir úr agus traidisiúnta ó Albain agus ó Éirinn. An banna deireannach bhí le seinm ná banna rac-cheoil traidisiúnta Éireannach as Rann na Feirste i dTír Chonaill ar Blunderbrau an t-ainm orthu.

Gan amhras cheolchoirm den scoth a bhí ann agus b'inn buaicphointe na féile. An lá dar gcionn, bhí sraith cainteanna ar chultúr Ghaelach Chontae an Chabháin maraon le ceardlanna éagsúla, ach bhí slua imithe chuig Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i nDún Dealgan faoin am sin. Ach d'fhill an fórmhór acu ar ais nuair a chuir Mícheál Ó Muircheartaigh Céilí Mór na hoíche i láthair. Ceoltóirí Bhréifne a bhí ag seinm agus gan amhras bhí siad maith go leor, ach ní raibh an rath céanna ag gabháil leis seo mar a bhí leis an gceolchoirm an oíche roimhe.

Má leantar ar aghaidh le GaelFest arís an bhliain seo chugainn, go háirithe leis an gcuid cheolchoirme de, rachaidh sé ó neart go neart.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland