16 March 2006 Edition

Resize: A A A Print

Comóradh ar Bhreithlá Sands: 1916 agus an Ghaeilge

Aengus Ó Snodaigh TD

Aengus Ó Snodaigh TD

In Stormont last Thursday 9 March Irish language activists gathered in Stormont to mark the occasion of the birthday of Bobby Sands MP, who would have been 50 had he survived the war against republican POWs waged by British Prime Minister Margaret Thatcher in 1981.

At the Irish language event chaired by Sinn Féin Údarás member Gráinne Nic Éidigh, language activist and former POW Gearóid Mac Siacais outlined the atmosphere in the H-Blocks at the time and the importance of the Irish language in the republican struggle inside and outside the jail. Janet Muller of the Irish language rights campaign group spoke of the challenges ahead for the Irish language and for activists.

Aengus Ó Snodaigh TD spoke of the link between republicanism and the language revolution around the time of the 1916 Rising 90 years ago. Here we reprint his address.

An teanga agus an réabhloid

"Ní gáth ach stracfhéacaint ar a raibh ag titim amach am 1916 chun tuairim éigin a fháil ar cé chomh fite fuaite is a bhí ceannródaithe Gluaiseacht na Gaeilge agus Gluaiseacht na Poblachta roimh 1916, díreach in ndiaidh agus le linn Cogadh na nDúbhcrónaigh agus le linn an Chogadh Cathartha agus anois agus arís ó shin nuair a thrasnaigh an dá ghluaiseacht ar a chéile.

Bunaíodh Sinn Féin agus Óglaigh na hÉireann le linn tréimhse athbheochan náisiúnta a thosnaigh ag Deireadh an 19ú Chéad agus a lean breis is scór bliain san 20ú Chéad.

Ag buac phointe an athbheochana seo bhí féin muinín faighte athuair ag muintir na hÉireann. Smaoinaigh ar na heagrais, mar a dúirt Sinn Féin, an Bráithreachas, Cumann na mBan, Fianna Éireann, Conradh na Gaeilge, Cumann Luthchleas Gael, Amharclann na Mainistreacha, Clubanna Dún Gheannainn, Ínighdinde na hÉireann, gluaiseacht na gcomharchumainn, na ceardchumainn agus alán eile. Beocht, spriorad, gníomh agus creidiúnt in ar raibh sa tsiúil aca. Agus thuig cinnirí des na h-eagrais gur cuid don streachailt céanna na codanna ar fad, níor aontaigh said ar fad le chéile dár ndóigh ach ní raibh aon duine ag súil le míorúilt.

Déanadh na ceisteanna maidir leis an náisiúnachas, an poblachtánachas, an soisialachas, athréimiú an Ghaeilge, self-sufficiency, céardcumanachas a phlé, a chiaradh ar leathanigh na nuachtáin raidicaech a bhain leis na n-eagrais difriúla, nó sna céadta paimhléidí a foilsíodh sa tréimhse seo. Is isteach sa pota bríomhar seo a tháinig An Claidheamh Soluis ar an saol, nuachtán a chraobhscaoil go rialta an cheangail idir an gluaiseacht náisiunta agus an gluaiseacht teanga, ní aontaigh gach duine le sin, agus chuir sin leis an ndíospóireacht dár ndóigh.

Bobby Sands I ngach baile, sráid-bhaile bhí ranganna oíche ar fáil, dian-chúrsaí, coláiste samhradh, sórt coiste Gaelscoilíocht, feiseanna agus fleánna agus an tOireachtas dár ndóigh agus an tús áite a bhí á thabhairt i gCumann Lúthchleas Gael do chur chun cinn na teangan chomh maith.

Nuair a tháinig an Éirí Amach i 1916, ba Conraitheoirí breis is 60% dóibh súid a ghlac an céim cróga agus dána seasamh i gcoinne Impireacht Shasain. Nuair a lámhadh na cinnirí, bhí Seán Mac Diarmada, Tomás Mac Donnachadh, agus an beirt Piarsach ina measc, laochra mór Gluaiseacht na Gaeilge. Ach spreag a n-íobairt glún eile agus mar aon leo súid ar fad ar thapaigh an deis i gCampa Géibheann Frongoch chun snas a chuir ar a Ghaeilge, bhí sé cinnte go mbeadh tús áite ag ceist na Gaeilge ar Chlár Pholaitiúl Shinn Féin san todhchaí.

Bhí an céad chruinniú den Chéad Dáil beagnach ar fad as Gaeilge, sea bhíodar ag léiriú go poiblí an ról lárnach a bhí le bheith ag an nGaeilge sa todhchaí. Bhí sé chomh lárnach sin go raibh Aire Gaeilge, seachas Gaeltachta ann. Thuigeadar le athréimiú gur gá an athbheoú tarlú chuile áit. Gur léadh amach Forógra Neamhspláchas, An Clár Daonlathach agus Treachtaireacht chuig Saor Náisiún an Domhain i nGaeilge ar dtús, ansin i bhFraincis agus ansin i mBéarla, ba teachtaireacht don domhan cé chomh dáiríre is a bhí na ceann ródaithe úd i dtaca leis and Ghaeilge agus dóibh súid a chreid gur teanga ársa gan mhaith í, léirigh said i ngníomh amháin cé chomh nua-aimsire agus chomh so-lúbtha a bhfeadfaidh an teanga náisiúnta and teanga dúchasach bheith.

Art O Gríofa, Tomás Aghás, Tomás MacDiarmada, Eoin Mac Néill, Bulmer Hobson, Mícheál Ó Coileán, Liam Ó Flatharta, Roger Casement, Eamonn DeValera, Pádraig Mac Piarais, Piarais Béaslaí. Nuair a luaim an liosta sin, cad é do chéad smaoineamh. Díograsóirí agus gníomhairí teangan nó poblachtánaigh a sheas sa bearna baoil? Go díreach é, roinnt i gcampa amháin, roinnt i gcampa eile ach bí dhá sreanga, nó níos mó, ag na bodha aca sin agus na céadta, na mílte, timpeall na tíre le linn an tréimhse réablóideach.

Agus ní gné nó tréith nua sa troid chun Poblacht a bhunú í athréimiú an Ghaeilge. Bhí sé ina cheist ag Tone agus Russell, ag Thomas Davis agus a chomhghleacaithe le linn tréimhse na nÉireannach Óga agus arís ag na bhFíníní mar a dúirt John Devoy: "The intention to restore the language was as strong among the Fenians as that of establishing an Irish Republic".

Thuig an IRB tábhacht Chonradh na Gaeilge agus d'úsáid said timirí an Chonradh mar timirí, nó craobhscaoilteoirí dá agenda féin chomh maith.

Smaoinigh gur ins an Claidheamh Soluis a scríobh Eoin Mac Néíll The North Began a chur deifir faoi bunú an arm réablóideach Óglaigh na hÉireann, agus cé bhí chun tosaigh sa togra úr seo - Conratheoirí.

In aineoinn nach raibh sé go hiomlán ceart is léiriú an méid a bhí scríofa i Sinn Féin 7 Meitheamh 1924 go raibh an cúlú faoi lán tseol, go raibh an maorlathas Sasanach fós i gceannas. Seo an méid a dúradh:

" It would be well for the public to inquire how much the Irish language is used in Free State government departments. Gossip is current to the effect that Irish is not welcome in these departments, to the extent that the staff of the Land Commission are strictly forbidden, to sign their names in Irish."

Tríd is tríd níor tháinig aon fíor athrú meona ón stáit chóras ó shin.

Frith-Gaelach, coiméadach agus eagla ortha cinneadh dearfach I Leith an Ghaeilge a thógaint.

Don chuid is mó b'shin meoin na páirtithe polaitiúl sa stáit chomh maith - lip service nó níos measa.

Sea bhí an Ghaeilge mar theanga oifigiúl, agus bhí múineadh an teanga riachtanach ar an mbun agus meán scoil, ach diaidh ar ndiaidh thosaigh an sleamhnú, an bogadh ó athréimiú go athbheochan, go dhátheangachas, go comhionnnas an lá atá inniu ann.

Is fíor sin go fóill agus tá sé de dhualgas orainn féachaint athuair ar conas ar féidir linn i Sinn Féin an ceannródaíocht a thug poblachtánaigh do Gluaiseacht na Gaeilge ag tús an chéad seo chaite a thabhairt athuair, agus mar chuid de sin gur chomhair díriú isteach ar an obair inmheánach go práinneach."


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland